SRAITH PICTIÚR: Bua sa Chomórtas Díospóireachta

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith...

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Breathnaigh ar an téacs atá ag bun an leathanaigh seo ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine atá in aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie. agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

Scríobh comhrá ina ndéanann tú cur síos do do thuismitheoir ar chomórtas éigin a bhuaigh tú.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

  • Tabhair míniú, cuir cumas in iúl, cuir rogha in iúl, abair gur thaitin nó nár thaitin rud éigin leat, déan cur síos ar rud éigin a d’fhoghlaim tú.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Bua sa chomórtas díospóireachta

(Téacs an fhíseáin)

1) Chonaic Liam, Máire agus Seán fógra faoi chomórtas díospóireachta. Chuir siad an-spéis san fhógra agus bhreathnaigh siad air go cúramach.
Díospóireacht Ghaeilge a bhí ann agus bhí duaiseanna maithe le fáil.
Thosaigh Seán ag síneadh a mhéire i dtreo an phóstaeir.
Ní foláir nó gur cainteoirí muiníneacha, deisbhéalacha iad.

2) Thug Scoil Mhuire aghaidh ar Scoil Pheadair.
Bhí triúr ar gach foireann.
Bhí an áit dubh le daoine.
Sílim go raibh na hiomaitheoirí an-neirbhíseach.
D’éirigh an seomra chomh ciúin le reilig nuair a thosaigh an díospóireacht.
Chuir an lucht féachana cluas le héisteacht orthu féin i rith na díospóireachta.

3) An rún a bhí á phlé ná: “Níl aon leigheas i ndán don tír seo.”
Ba é Seán a labhair ar dtús.
Bhí sé gléasta go péacógach, a ghruaig nuachíortha agus carbhat air.
Níl an chuma air go raibh sé neirbhíseach ar chor ar bith.
Táim den tuairim gur thug sé óráid den chéad scoth uaidh.
Bhí na moltóirí suite taobh thiar de na cainteoirí agus tá an chuma orthu gur bhain siad an-taitneamh as an díospóireacht.

4) Thug duine de na moltóirí an bhreith.
Ba iad scoil Pheadair a thug an lá leo.
Bhí áthas an domhain ar Sheán, Máire agus Liam.
Thosaigh an slua ag ceiliúradh in ard a gcinn is a ngutha.
Tá an chuma orthu gur tháinig an bua aniar aduaidh orthu.

5) Bhronn duine de na moltóirí corn ar na buaiteoirí.
Bronnadh seic de dhá mhíle euro orthu chomh maith.
Bhí clab go cluasa ar na scoláirí ar fad.
Bhí cuma an-sásta ar an moltóir chomh maith.

6) Rinne Seán, Liam agus Máire an gabhar a róstadh an oíche sin.
Chuaigh siad le haghaidh béile mar bhí ocras an domhain orthu.
Bhí burgair acu don bhéile.
Bhí siad an-ghealgháireach.
Chuaigh duine de na moltóirí ina dteannta.

Ceisteanna:

  • Cad atá crochta ar an mballa i mbosca 1?
  • Cén dá scoil atá i mbosca 2?
  • Cén rún atá á phlé acu?
  • Cén luach atá sa seic?
  • Cad atá siad ag ithe i mbosca 6?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Bua sa Chomórtas Díospóireachta'