SRAITH PICTIÚR: Tá Sé In Am Tosú ag Obair

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Tá Sé In Am Tosú ag Obair

Físeán

 

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4 – bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi na hábhair a dhéanann tú féin ar scoil, an ceann is mó/is lú a thaitníonn leat san áireamh. An mbíonn argóint agat le do thuismitheoirí faoi obair bhaile agus staidéar?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Cuir cumas nó inniúlacht in iúl, déan tuairimí a nochtadh, cuir fuath agus spéis in iúl, cuir míshástacht in iúl

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

 


 

Tá sé in am tosú ag obair

(Téacs an fhíseáin)

1) Tháinig tuairisc scoile le Seán sa bpost.
Fuair sé D sa nGaeilge agus D sa Stair.
D’oscail a mháthair na torthaí.
Bhí sí ar buile ceart. Is dócha go raibh díomá uirthi chomh maith.

2) Chuaigh an mháthair go seomra Sheáin chomh sciobtha is a bhí sí in ann.
Ní ag déanamh staidéir a bhí sé ach ag imirt cluichí ríomhaireachta.
Ba scoláire leisciúil é.
Thug a mháthair íde na muc agus na madraí dó, rud a tháinig aniar aduaidh air.

3) Chuir an mháthair glaoch ar an bpríomhoide ar an bpointe boise.
Rinne sí coinne bualadh leis an bpríomhoide.
Tháinig crith cos agus lámh ar Sheán.
Bhí an-náire ar an mbeirt acu, is dóigh liom.

4) Eagraíodh cruinniú idir Seán, a mháthair agus an príomhoide.
Bhí an cruinniú ar siúl in oifig an phríomhoide.
Mhínigh sé go díreach cérbh iad na fadhbanna a bhí ag Seán.
Bhí an mháthair le ceangal agus díomá an tsaoil ar an bpríomhoide.
Tugadh íde béil do Sheán agus gheall sé go ndéanfadh sé a sheacht ndícheall feasta.

5) As sin amach, rinne sé obair na gcapall gach oíche.
Bhí air an ríomhaire a mhúchadh.
Bhí carn mór leabhar ar a bhord aige agus a mhála caite taobh thiar de.
Tar éis tamaill, thosaigh sé ag baint taitnimh as a chuid oibre.

6) Níorbh fhada go raibh toradh a chuid saothair le feiceáil.
Tháinig tuairisc scoile eile abhaile.
Fuair sé A sa nGaeilge agus B sa Stair.
Bhí sé an-sásta faoin méid a bhain sé amach agus bhí
áthas an domhain ar a mháthair.

 

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  1. Cén dáta a raibh an cheolchoirm ar siúl?
  2. Céard a bhí siad a dhéanamh ag an gceolchoirm?
  3. Céard a cheap siad den cheolchoirm?
  4. Cén gaol atá idir Seán agus Síle?
  5. An raibh siad ag ceolchoirm cheana, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Tá Sé In Am Tosú ag Obair'