SRAITH PICTIÚR: Lá Spraoi san Ardchathair

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi laethanta saoire a bhí agat féin.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Tabhair cur síos, cuir tuairimí láidre in iúl, abair gur thaitin/nár thaitin rud éigin leat agus cén fáth, tabhair comhairle.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

 


 

Lá spraoi san Ardchathair

(Téacs an fhíseáin)

1) Chuaigh Siobhán agus a máthair go dtí an t-aerphort le mac léinn Spáinneach, Sophia, a bhailiú.
Chuir siad fáilte chroíúil roimpi.
Bhí an t-uafás daoine ag an aerfort agus iad ar bís le fáilte abhaile a chur roimh a gcairde agus a ngaolta.
Ba léir go raibh Sophia ag súil go mór leis an turas.

2) An lá ina dhiaidh sin, chuaigh Siobhán agus Sophia ar thuras bus timpeall na cathrach.
Chuaigh siad go Sráid Uí Chonaill.
Chonaic siad an spíce agus Ard-Oifig an Phoist, agus thug siad comharthaí den Luas faoi deara freisin.
Rinne Siobhán cur síos do Sophia ar na nithe seo go léir.
Tá an chuma orthu gur bhain siad an-taitneamh as an turas.

3) Thug siad cuairt ar Choláiste na Tríonóide.
Chonaic siad Leabhar Cheanannais agus an Leabharlann Fhada.
Bhí an áit dubh le daoine agus bhí scuaine an-fhada ann.
Is dóigh liom gur ith siad rud éigin sa bhialann ina dhiaidh sin.

4) Ina dhiaidh sin arís, bhain siad lán a gcuid súl as na hiontais eile ar fad a bhí le feiceáil sa phríomhchathair.
Thugadar cuairt ar Pháirc an Chrócaigh agus ceapaim gur bhain siad an-taitneamh as an iarsmalann ann.
Chuaigh siad go Staid Aviva agus Gairdín na nAinmhithe ina dhiaidh sin.
Ar deireadh thiar, chuaigh siad go hArdeaglais Naomh Pádraig. 

5) Thugadar aghaidh ansin ar Shráid Grafton le siopadóireacht a dhéanamh.
Ceapaim nach raibh pingin rua fágtha acu.
Bhí siad tuirsceach, traochta, tnáite ag an bpointe seo.
Bhíodar stiúgtha leis an ocras chomh maith.
D’ith siad béilí blasta i mbialann ghalánta agus chaith go leor ama ag an mbord ag caint agus ag comhrá.

6) Bhí ticéid do dhráma curtha in áirithe ag Siobhán don oíche sin.
Thosaigh an dráma ag a hocht a chlog.
‘The Field’ le John B. Keane a bhí á léiriú.
Bhailigh siad a dticéid ag an deasc fáilte agus d’fhág siad a gcótaí sa chófra.
Bhain siad an-taitneamh as an dráma.
Bhí lá den chéad scoth acu.

 

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  1. Cad as do Julia? B’fhéidir nach ón Spáinn di in aon chor.

  2. An raibh Sophia sásta ag dul abhaile, meas tú?

  3. An bhfaca siad cluiche i bPáirc an Chrócaigh nó i Staid Aviva?

  4. Cé chomh fada is a bhí Sophia in Éirinn, meas tú?

  5. Cad a cheannaigh siad sna siopaí, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Lá Spraoi san Ardchathair'

  • Joe

    No