SRAITH PICTIÚR: Cuairt ar Aintín i Nua-Eabhrac

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 01). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith...

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Breathnaigh ar an téacs atá ag bun an leathanaigh seo ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine atá in aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie. agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá ina bhfuil tú ag cur síos ar thuras a rinne tú thar lear.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
  • Tabhair cur síos, cuir tuairimí in iúl, tabhair moladh, cuir sástacht/míshástacht in iúl.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís, is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


Cuairt ar Aintín i Nua-Eabhrac

(Téacs an fhíseáin)

1.) An mhí seo caite bhí Síle agus a máthair Máire suite ar a sáimhín
só os comhair na teilifíse.
Ag a hocht a chlog craoladh an clár Lotto.
Ba dhóbair gur thit Máire i laige nuair a tháinig a huimhreacha aníos ar an scáileán.
Bhí sí ar mhuin na muice.

2.) Sheol Síle téacs chuig a haintín Bríd i Nua-Eabhrac.
Dúirt sí léi go raibh An Crannchur Náisiúnta buaite ag a máthair.
Bhí árasán aici i lár na cathrach.
Bhí Bríd an-sásta gur bhuaigh a deirfiúr An Crannchur Náisiúnta.

3.) Bhí siad idir dhá chomhairle faoi cad a dhéanfaidís leis an airgead.
Mhothaigh siad go mba cheart dóibh rud éigin a thabhairt do charthanachtaí.
Bhí fonn ar an máthair teach nua a cheannach.
Ar deireadh thiar bheartaigh siad turas a thabhairt ar Bhríd.

4.) Coicís ina dhiaidh sin d’ardaigh siad a seolta leo go Meiriceá.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Thóg sé breis agus sé huaire an chloig orthu ceann scríbe a bhaint amach.
Bhí siad tuirseach, traochta, tnáite agus bhí sceitimíní orthu Bríd a fheiceáil.

5.) Tá árasán galánta ag Bríd i lár na cathrach.
D’ith siad béile blasta ansin.
Bhí ocras an domhain orthu tar éis an turais.
Ina dhiaidh sin chuaigh siad ar shiúlóid timpeall na cathrach le lán a gcuid súl a bhaint as na hiontais a bhí le feiceáil.

6.) An lá ina dhiaidh sin chuaigh siad ar thuras bus timpeall na cathrach.
Thug siad turas ar stocmhalartán Nua-Eabhrac ar Shráid an Bhalla.
Ansin thug siad cuairt ar láthair Mheán Fómhair dhá mhíle sa haon.
Tar éis lóin chuaigh siad ag siopadóireacht in Macys.
Ní raibh pingin rua fágtha acu.

Ceisteanna:

  • Cén clár atá ar siúl i mbosca 1?
  • Cá bhfuil an aintín ina cónaí?
  • Céard faoi atá siad ag smaoineamh i mbosca 3?
  • Cén aerfort atá i gceist i mbosca 5?
  • Cad iad na háiteanna atá luaite i mbosca 6?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Cuairt ar Aintín i Nua-Eabhrac'