SRAITH PICTIÚR: Bua sa Chomórtas Raidió

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 01). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Bua sa Chomórtas Raidió

Físeán

 

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi cheolchoirm gur fhreastal tú air nó faoin suim atá agat sa cheol.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Abair gur cuimhin leat rud éigin, cuir rogha in iúl, easontaigh le tuairim duine eile, cuir dúil in iúl, déan cur síos ar an atmaisféar.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

 


 

Bua sa chomórtas raidió

(Téacs an fhíseáin)

1.) Bhí Seán ag staidéar go crua ina sheomra.
Chuir sé an raidió ar siúl sa gcúlra mar ab iondúil leis.
Fógraíodh comórtas. Ticéid do cheolchoirm U2 a bhí mar dhuais.
Chuir Seán cluas le héisteacht air féin. Bhí an-dúil aige i gceol U2.
Bhí póstaer dá gcuid ar an mballa aige. 

2.) Rug sé greim ar a fhón póca ar an bpointe boise.
Bhí an oiread sin sceitimíní air go raibh a lámha ag croitheadh.
Sheol sé an freagra isteach láithreach.
Bhí sé imníoch nach raibh sé sách sciobtha.
Bhí a fhios aige go mbeadh an saol agus a mháthair ag cur isteach ar an gcomórtas.

3.) In ainneoin go raibh sceitimíní ar Sheán, bhí ar leanúint leis an obair.
Níorbh fhada gur fógraíodh an buaiteoir.
Ba bheag nár thit Seán i laige nuair a glaodh amach a ainm.
Bhí a chroí ag preabadh ina thintreach.
Thuig sé go raibh an t-ádh dearg leis.

4.) Rug sé ar a fhón póca arís.
Bhí áthas an domhain air.
Sheol sé téacs chuig a chailín Síle leis an dea-scéala a inseacht* di.
Bhí an cheolchoirm le bheith ar siúl ar an séú lá déag de mhí Bealtaine.
Thug sé cuireadh di a theacht* in éineacht leis.

5.) Ní nach ionadh, bhí Síle breá sásta gabháil ina theannta.
D’imigh siad go dtí an cheolchoirm ar an séú lá déag de mhí Bealtaine.
Bhí an áit dubh le daoine.
Thug U2 taispeántas den chéad scoth uathu.
Chaith siad an oíche ar fad ag damhsa.
Bhain siad an-taitneamh as.
Bhí siad tuirseach, traochta ag deireadh na hoíche.

6.) Bhí ocras an domhain ar Shíle agus Seán tar éis na ceolchoirme.
Cheannaigh siad burgair agus d’alp siad iad.
Shíl Seán gur thug Bono taispeántas den scoth uaidh agus go raibh na hamhráin nua go hiontach.
Bhí Síle an-tógtha leis na suíocháin a bhí acu.
Ghabh sí buíochas le Seán as í a thabhairt chuig an gceolchoirm.

* ‘a inseacht’ a deirtear i nGaeilge Chonamara. Is ionann é agus ‘a insint’.
** ‘a theacht’ a deirtear i gcás mar seo i nGaeltacht Chonamara agus Thír Chonaill. Moltar, áfach, an leagan Muimhneach ‘teacht’ a scríobh sa Chaighdeán.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

Cén dáta a raibh an cheolchoirm ar siúl?

Céard a bhí siad a dhéanamh ag an gceolchoirm?

Céard a cheap siad den cheolchoirm?

Cén gaol atá idir Seán agus Síle?

An raibh siad ag ceolchoirm cheana, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Bua sa Chomórtas Raidió'