Spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar don seachtú huair

Tuilleadh ama ag teastáil chun scrúdú a dhéanamh ar an margadh a rinne Roinn na Gaeltachta le húinéirí Aerfort na Mine

Spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar don seachtú huair

Tá an spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar don seachtú huair toisc nach rabhthas sásta gur tugadh dóthain ama d’iarratasóirí scrúdú a dhéanamh ar shocrú a rinne Roinn na Gaeltachta le húinéirí Aerfort na Mine.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta gur cuireadh an spriocdháta siar arís “le deis a thabhairt do na táirgeoirí soiléiriú a cuireadh ar fáil le déanaí faoin gcomórtas a scrúdú”. 

Tuigtear go mbaineann an soiléiriú sin le soláthar Aerfort na Mine don tseirbhís aeir nua agus an costas a bhainfeadh le húsáid an aerfoirt.

Dé hAoine seo caite, an 2 Meán Fómhair, an spriocdháta ba dhéanaí a bhí luaite le tairiscintí, ach tá an dáta sin curtha siar go dtí an 16 Meán Fómhair.

Tar éis tréimhse fada idirbheartaíochta, dhein Roinn na Gaeltachta socrú an mhí seo caite le húinéirí Aerfort na Mine maidir le soláthar an aerfoirt don tseirbhís aeir. Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana.

Ba ar an 1 Aibreán a fógraíodh go raibh tairiscintí á lorg maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus ba é an 3 Meitheamh an chéad spriocdháta a bhí luaite.

Bhí moill ar an bpróiseas, áfach, toisc nach raibh aon socrú déanta maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine.

Padraig O Ceidigh from Foinse in 02 offices Dublin. 19/5/2003 Photo: RollingNews.ie
Pádraig Ó Ceidigh. Pictiúr: RollingNews.ie

Is leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine agus Aer Arann Islands, an comhlacht a bhfuil conradh aige an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann a chur ar fáil go dtí deireadh Mheán Fómhair.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur aontaigh an Roinn agus úinéirí Aerfort na Mine go gcuirfí an t-aerfort ar fáil ar chíos seachas é a dhíol leis an Stát mar a bhí molta le linn na hidirbheartaíochta.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Fág freagra ar 'Spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar don seachtú huair'