Sprioc 20,000 duine a bheith cláraithe le Líofa sáraithe dhá bhliain roimh an spriocam

Seoladh an scéim Líofa mí Mheán Fómhair na bliana 2011 agus é mar sprioc an uair sin 1,000 duine a chlárú léi. Léiríodh an-spéis sa scéim agus athraíodh an sprioc sin go 20,000 duine faoin mbliain 2020

Sprioc 20,000 duine a bheith cláraithe le Líofa sáraithe dhá bhliain roimh an spriocam

Thug an t-iar-aire cultúir Carál Ní Chuilín le fios an tseachtain seo go bhfuil an sprioc a leagadh amach don scéim foghlama Gaeilge ‘Líofa’, a seoladh sa Tuaisceart sé bliana ó shin, sáraithe agus os cionn 20,000 cláraithe leis an scéim anois.

Seoladh an scéim Líofa mí Mheán Fómhair na bliana 2011 agus é mar sprioc an uair sin 1,000 duine a chlárú léi. Léiríodh an-spéis sa scéim agus athraíodh an sprioc sin go 20,000 duine faoin mbliain 2020. Deirtear go bhfuil an sprioc sin sáraithe anois agus máitear go bhfuil os cionn scór míle duine ag cur snas ar a gcuid Gaeilge ar fud an Tuaiscirt.

Tá fáilte curtha ag Carál Ní Chuilín roimh an scéala go bhfuil an sprioc na bhfoghlaimeoirí sáraithe.

“Nuair a tosaíodh Líofa mí Mheán Fómhair 2011, socraíodh 1,000 duine mar sprioc agus leasaíodh an sprioc sin de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh. Socraíodh an sprioc 20,000 don bhliain 2020 sa bhliain 2016 agus tá sin sáraithe anois freisin.

“Is léiriú é seo go bhfuil éileamh i measc an phobail ar an nGaeilge agus go bhfuil daoine ó gach cúlra ag tapú na deise é sin a dhéanamh. Is linn ar fad an Ghaeilge agus tá sé in am Acht Gaeilge a thabhairt isteach ionas go mbeadh na cearta céanna ag foghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge agus atá ag gach saoránach ar fud na n-oileán seo,” a dúirt Ní Chuilín.

Tá geallta ag Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, scoláireacht a bhronnadh ar an 20,000ú duine a chláraigh leis an scéim. Bhronn Ó Cuinneagáin scoláireacht le cúrsa a dhéanamh i nGleann Cholm Cille ar an 100ú duine a chláraigh leis an scéim sé bliana ó shin.

Dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil méadú feicthe aige ar líon na ndaoine ón Tuaisceart a bhíonn ag foghlaim na Gaeilge le blianta beaga anuas agus gur daoine ó gach uile chúlra iad. Dúrit sé go bhfuil “an oiread sin rudaí ar siúl” ó thuaidh anois d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí gur ar éigean go gcaithfidh siad teacht go Dún na nGall le blaiseadh de shaol na Gaeilge a fháil.

“Tá a dtionscnamh anois ag go leor daoine a fuair a gcuid Gaeilge in Oideas Gaeilge sna Sé Chontae anois agus tá an oiread sin rudaí ar siúl do Ghaeilgeoirí tá siad chor a bheith self-sufficient!

“De bharr go raibh Seosamh Watson againn, bhí Oideas Gael aitheanta mar áit ina raibh daoine ó chúlraí difriúla ann i gcónaí. Ní raibh bratacha thuas againn, bhí Linda Ervine againn anseo agus tá sí anois ag déanamh difear mór i mBéal Feirste. Tá Contae an Dúin ag teacht chun tosaigh mar áit Ghaelach anois freisin agus áiteanna eile ar fud an Tuaiscirt,” a dúirt Ó Cuinneagáin.

  

Fág freagra ar 'Sprioc 20,000 duine a bheith cláraithe le Líofa sáraithe dhá bhliain roimh an spriocam'