‘Spreagann figiúirí Dhaonáirimh 2016 ceisteanna faoi pholasaí teanga an stáit’ – an Dr John Walsh

'Údar imní' iad na figiúirí daonáirimh faoi labhairt na Gaeilge a foilsíodh ar maidin agus spreagann siad ceisteanna faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go háirithe, a deir sochtheangeolaí aitheanta

‘Spreagann figiúirí Dhaonáirimh 2016 ceisteanna faoi pholasaí teanga an stáit’ – an Dr John Walsh

Deir an sochtheangeolaí aitheanta an Dr John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur “údar imní” na figiúirí daonáirimh faoi labhairt na Gaeilge a foilsíodh ar maidin

Dar leis an Dr Walsh atá ina léachtóir sinsearach Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in OÉG, go bhfuil ceisteanna le cur mar gheall ar pholasaí teanga an Stáit i bhfianaise an laghdaithe atá tagtha ar lion na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

“Is údar imní iad na torthaí seo ó Dhaonáireamh 2016 toisc go léiríonn siad titim de shaghas éigin, agus titim shuntasach uaireanta, sna céatadáin thábhachtacha go léir: cainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais, cumas sa Ghaeilge sa Ghaeltacht agus minicíocht úsáide na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Tá an titim mhór san úsáid laethúil lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht an-suntasach ar fad. Lasmuigh den Ghaeltacht níor tharla ach titim an-bheag – beagán níos mó ná 1% – i líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais, rud a léiríonn go bhfuil breis seasmhachta faoi labhairt na Gaeilge sa tír trí chéile ná mar atá sa Ghaeltacht.”

Dúirt an Dr Walsh le Tuairisc.ie go “spreagann” torthaí an lae inniu ceisteanna faoi pholasaí teanga an Stáit agus faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go háirithe.

“Spreagann na staitisticí seo ceisteanna faoi pholasaí teanga an stáit, go háirithe faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain, a leag síos spriocanna míréadúla nach raibh aon bhunús teangeolaíoch leo.

“Chomh maith leis sin, ní léir go raibh tionchar dhearfach go dtí seo ag an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ná sna háiteanna scaipthe eile inar bunaíodh Líonraí Gaeilge,” a dúirt an sochtheangeolaí.

Léiríonn figiúirí Dhaonáireamh 2016, Stát a d’fhoilsigh an Príomh-Oifig Staidrimh ar maidin, gur tháinig laghdú ar líon na ndaoine a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu ó 2011. Thug 1,761,420 duine le fios sa Daonáireamh go raibh Gaeilge de chineál éigin acu. Is laghdú 0.7% é sin ar an 1,774,437 duine a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh a rinneadh in 2011.

laghdú suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh ar maidin.

Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.

Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016.


Tábla le Tuairisc.ie. Bunaithe ar fhigiuírí Dhaonáirimh 2016 agus 2011

 

 

Fág freagra ar '‘Spreagann figiúirí Dhaonáirimh 2016 ceisteanna faoi pholasaí teanga an stáit’ – an Dr John Walsh'

  • Mánus

    Fianaise ár gcluasa a thugann le fios go bhfuil Pólainnis, Sínis, Spáinnis á labhairt ar sráideanna na hÉireann. Níl an Teanga náisiúnta in úsáid sna bailte móra ach ag ócáidí faoi leith. (Eisceacht ar éigean is ea Gaillimh fós) Cuir sin le dlús a bheith tagaithe le meath na Gaeilge sa “ghaeltacht” oifigiúil agus tá géarchéim Náisiúnta ann.

  • Seán Mag Leannáin

    Is í an chúis imní is mó sna figiúirí seo ná an laghdú leanúnach i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Sa tír ar fad tá an scéal mórán mar a bhí sé 5 bliana agus 10 mbliana ó shin. Tógadh an daonáireamh 2011 go gairid tar éis olltoghchán na bliana sin agus creidim gur chuir conspóid na tréimhse sin faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais le líon na ndaoine sa tír a mhaígh go raibh an Ghaeilge acu agus á labhairt acu go rialta. Agus an ghné sin curtha san áireamh ní dóigh liom go bhfuil mórán athraithe tagtha ar líon na nGaeilgeoirí sa tír ar fad le deich mbliana anuas. Faraoir ghéar áfach is léir go bhfuil athrú bunúsach faoi lán seoil sa Ghaeltacht le linn na tréimhse céanna.
    B’fhéidir gurb í an cheist is tábhachtaí anois ná an mbeidh an Ghaeilge in ann maireachtáil amach anseo gan tobar na teanga sa Ghaeltacht? Tá a fhios agam gurb í an ghnáth-thuiscint nach féidir le teanga maireachtáil gan ‘comhthionól fuinniúil fuinte’ (nó local organic community) mar thobar chun tarraingt as ach n’fheadar an fíor sin i gcónaí i ré seo an idirlín agus an phictiúir bheo? B’fhéidir go bhfuil nádúr na cumarsáide féin ag athrú ó bhonn agus an focal scríofa in éindigh leis an íomhá bheo ag fáil an lámh in uachtar ar an bhfocal labhartha. Lena chois sin b’fhéidir go bhfuil caighdeánú de shaghas éicint ag teacht chun cinn sa teanga, fiú más é an simpliú atá i gceist san éabhlóid seo. Cén fáth nach rachadh an caighdeánú nó an nua-aoisiú seo chun tairbhe na teanga amach anseo? Mairimid faoí scáth an Bhéarla, taitníodh é sin linn nó ná taitníodh. Caithfimidne mar Ghaeilgeoirí áit agus meas a chothú don Ghaeilge i measc mhórphobal na tíre agus i gcomhthéacs shíorláithreacht an Bhéarla sa tír s’againne.
    Ar nós an té nach bhfuil láidir ní foláir don Ghaeilge agus do na Gaeilgeoirí bheith glic chun spás a chruthú agus a chosaint don teanga i saol poiblí na tíre. Is ródhócha go bhfuil an ‘chaint thíriúil, chréúil, chraicneach’ a ndearna an Cadhnach tagairt dó curtha i gcré na cille leis ach fós féin b’fhéidir go maireann an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua. Neosfaidh an aimsir.