Spreagann amhráin Choláiste Lurgan ‘díograis, meas agus grá’ a deir saineolaí ón bhFionlainn

Rinne Kati Dlaske, ó Ollscoil Jyväskylä san Fhionlainn anailís ar na tráchtanna a fágadh faoin leagan Gaeilge den amhrán Wake Me Up

Spreagann amhráin Choláiste Lurgan ‘díograis, meas agus grá’ a deir saineolaí ón bhFionlainn

Spreagann amhráin Choláiste Lurgan “díograis, meas, grá, dlúthpháirtíocht, agus bród” i measc na ndaoine a éisteann leo, dar le saineolaí sochtheangeolaíochta a rinne anailís ar na tráchtanna a fágadh faoin leagan Gaeilge den amhrán Wake Me Up a chuir an coláiste Gaeilge i gCois Fharraige amach tamall de bhlianta ó shin.

Dúirt Kati Dlaske, ó Ollscoil Jyväskylä san Fhionlainn, gur léirigh na tráchtanna céanna tuairimí an lucht féachana maidir leis an ‘Éireannachas’ agus gur tuairimí dearfacha iad den chuid is mó.

Dúirt sí gur bród a bhí á léiriú sna físeáin, “pride gone viral” a thug sise air, ach go raibh roinnt daoine ag iarraidh an ceart a bheith bródúil as na físeáin á shéanadh ar dhaoine nach meastar a bheith Gaelach a ndóthain.

“Makes me proud to be irish?✌? And yes I was born, raised and still live in Belfast, Ireland?✌Im not an american who thinks they are half irish because their aunties cousins goldfish nextdoor neighbour was a quater irish :/,” a dúradh i gceann de na tráchtanna a luaigh sí leis an nós seo.

Dúirt sí gur téama ann féin é an bhaint atá ag cumas sa Ghaeilge le mothúcháin na gcainteoirí agus go spreagann an cumas sin “bród, gliondar, agus dlúthpháirtíocht” i measc na gcainteoirí agus go gcothaíonn sé muintearas ina measc. Mar sin féin, a dúirt sí, go fágtar ar lár na daoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu nó nach bhfuil líofacht acu inti.

“Is féidir le físeáin cheoil dea-thionchar a bheith acu ar an meon agus na mothúcháin i leith mionteangacha, i leith na gcainteoirí, agus i leith na náisiúnachtaí a bhaineann leo.

“Ag an am céanna, léiríonn siad an bealach ar féidir leis na taispeántais seo, agus iad á gcur ar na meáin shóisialta, an náisiúnachas agus scoilteanna sóisialta a chothú chomh maith,” a dúirt Dlaske.

Fág freagra ar 'Spreagann amhráin Choláiste Lurgan ‘díograis, meas agus grá’ a deir saineolaí ón bhFionlainn'