SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2016: Údair dhíomá agus údair áthais agus corr-churiarracht dhomhanda!

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí spóirt i nGaeltacht Dhún na nGall, i nGaeltacht Phort Láirge, i nGaeltacht Mhaigh Eo agus i nGaeltacht na Gaillimhe in 2016

Gaillimh

Ní mhairfidh 2016 rófhada i gcuimhne phobal CLG na Gaeltachta i nGaillimh.

Tar éis dóibh an t-ardú céime a bhaint amach san iomáint anuraidh, ba dheacair don Spidéal agus do Mhaigh Cuilinn a bheith ar bharr a maitheasa arís sna chraobh idirmheánach agus sa chraobh shinsir faoi seach. É sin ráite, bhí fir na gcamán ag ceiliúradh in Indreabhán i mí Dheireadh Fómhair tar éis dóibh Craobh Shóisir 1 an Chontae a bhuachan. Chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais an chúige, ach faraor chlis orthu in aghaidh Chalraí Shligigh.

Foireann Iomána Mhiceál Breathnach

Ní raibh scéal na peile mórán níos fearr ach an oiread. Níor éirigh le foireann Ghaeltachta ar bith dul níos faide ná an babhta ceathrú ceannais sa chraobh shinsir ná sa chraobh idirmheánach. Mar bharr ar an donas, ba idir dhá fhoireann Ghaeltachta a bhí cluiche dícháilithe chraobh shinsir na Gaillimhe agus beidh Carna-Caiseal ag imirt sa chraobh idirmheánach an bhliain seo chugainn tar éis do Naomh Anna, Leitir Móir an ceann is fearr a fháil orthu.

Ábhar dóchais amháin a bhí ann i rith na bliana ná an tionchar a bhí ag imreoirí óga Gaeltachta ar fhoireann mhionúir peile na Gaillimhe ar éirigh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach. Bhí Seán Mulkerrin (Oileáin Árann), Ernán McDonagh (Bearna), Finnian Ó Laoi (An Spidéal) agus Desmond Conneely (Maigh Cuilinn) Ross Murphy (Bearna) agus Martin Kerrigan (An Fhairche) uile mar chuid den fhoireann a bhuaigh Craobh Chonnacht in 2016.

Pé rud faoi chúrsaí CLG, bhí neart ceiliúrtha á dhéanamh i spóirt eile i rith na bliana. Bhí bua Chúige Chonnacht sa PRO 12 i mí na Bealtaine i measc scéalta móra na bliana ach roimhe sin rinne foireann rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ón gCeathrú Rua a ngaisce stairiúil féin. Ba iad an chéad fhoireann riamh ón nGaeltacht a bhuaigh ceann de chraobhacha Chonnacht nuair a thug siad leo i mí an Aibreáin Corn Shinsir Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt.

Níos túisce sa bhliain, d’éirigh le Seán Breathnach as Camas curiarracht náisiúnta sa chaitheamh meáchain faoi dhíon a shárú faoi dhó taobh istigh de sheachtain. D’éirigh leis an churiarracht 25 bliain a shárú le caitheamh 18.16m ag na craobhacha náisiúnta ag deireadh mhí Feabhra agus seachtain ina dhiaidh sin, d’éirigh leis 10cm a chur leis an gcaitheamh sin i gcomórtas eile. Anuas air sin, d’éirigh leis an chraobh caite meáchain faoin aer a bhuachan i rith an tsamhraidh.

Sharon Ní Chonaire

Níos déanaí sa bhliain, bhuaigh bean as Conamara Craobh Dhomhanda nuair a chríochnaigh Sharon Ní Chonaire sa chéad áit i gcomórtas tógála meáchain an WDFPF san Iodáil. Cé nach bhfuil ach cúpla bliain caite ag Sharon ag plé leis an tógáil meáchain, bhuaigh sí bonn airgid i gcraobh 2015 agus chuaigh sí céim níos faide i mbliana agus curiarracht dhomhanda sáraithe aici chomh maith.

Dún na nGall

Foireann shóisir Na nDúnaibh ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Bhí bliain ar leith ag peileadóirí shóisir na nDúnaibh a bhuaigh craobh an chontae agus Comórtas Peile na Gaeltachta. Chaill siad an cluiche ceannais sa chomórtas Gaeltachta anuraidh, ach rinne na Dúnaibh an méid sin a chúiteamh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Rinn Mhaoile na Gaillimhe i mBaile Bhuirne. Garry Bán Mac Laifeartaigh a d’aimsigh ceann de na cúil dóibh sa chluiche ceannais sin agus ba é a bhí ina laoch acu arís i gcluiche ceannais an chontae i mí Dheireadh Fómhair nuair a d’aimsigh sé pointe an bhua in am gortuithe in aghaidh Naomh Pádraig Mhagh. Bhí ábhar ceiliúrtha eile fós ag an gcumann an deireadh seachtaine céanna nuair a bhuaigh siad Craobh Shóisir B Dhún na nGall.

Ag trácht ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, ba iad fir na nGleannta, Naomh Conaill, a thug leo craobh na sinsear athuair. Bhí a mbua tuillte go maith acu agus trí phointe a bhí mar fharasbarr acu ar An Ghaeltacht sa chluiche ceannais. Cé gur éirigh leo a stádas mar churaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta a chosaint, níorbh amhlaidh dá stádas mar sheaimpíní an chontae. Ba iad a gcomharsana, Cill Charthaigh, a fuair an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais Dhún na nGall.

Adhamhnán Ó Dochartaigh, captaen Naomh Conaill a bhuaigh Corn an Aire ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Ba í foireann Bhaile an Droichid rogha láidir na coitiantachta don chluiche ceannais sin, ach is iad Gleann tSúilí, agus sárimirt Michael Murphy ina spreagadh acu, a thug leo craobh an chontae i mí Dheireadh Fómhair. D’aimsigh an t-imreoir idirchontae 1-2 sa chluiche ceannais, a bhuaigh Gleann tSúilí le pointe, agus thug Murphy leis Gradam Shéamuis Mhic Géidigh don imreoir is fearr sa chraobh ag deireadh na bliana.

Sa ghrád idirmheánach, ba iad Baile na nGallóglach a thug leo an chraobh nuair a d’éirigh leo an beart a dhéanamh ar An Bheart sa chluiche ceannais.

Sna comórtais faoi aois, ba iad Naomh Conaill a bhuaigh Craobh Mhionúir A Dhún na nGall, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Adhamhnáin sa chluiche ceannais a bhuíochas de chúl Keelan McGill in am gortuithe. Sa Chraobh Faoi 21 A, thug Gaoth Dobhair leo an corn don chúigiú huair  tar éis dóibh Aodh Ruadh a bhualadh, 2-19 in aghaidh 3-10.

Port Láirge

Foireann Faoi 21 na Gaeltachta

Sa Rinn, bhuaigh An Ghaeltacht Craobh faoi 21B an chontae i mí an Mheithimh. Fuair siad an ceann is fearr ar De La Salle, 1-15 in aghaidh 1-6, sa chluiche ceannais. Tá iománaithe faoi 21 an chumainn i gcluiche ceannais B an iarthair chomh maith. Bhuaigh siad ar Aird Mhór sa chluiche leathcheannais agus imreofar an cluiche ceannais faoi cheann cúpla seachtain. Bhí beirt ón bhfoireann sin, Jamie de Barún agus Christy Breathnach, ar fhoireann faoi 21 an chontae a thug leo Craobh na hÉireann in 2016.

Maigh Eo

I Maigh Eo, d’éirigh le foirne mionúir Bhéal an Mhuirthead agus Thuar Mhic Éadaigh dul chomh fada le cluichí ceannais sna craobhacha B agus D faoi seach ach, faraor, ní raibh an lá le ceachtar acu. Bheadh peileadóirí Thuar Mhic Éadaigh ag imirt sa chraobh shóisir chomh maith in 2017 murach an bua a bhí acu i gcluiche dícháilithe i gcoinne Chill Mheáin i lár mí Dheireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2016: Údair dhíomá agus údair áthais agus corr-churiarracht dhomhanda!'