Spléachadh ar na foirne a d’fhéadfaí a tharraingt i gcoinne na hÉireann

Tabharfaidh foireann Martin O’Neill aghaidh ar an Danmhairg, an Chróit, an Iodáil nó an Eilvéis agus iad ag imirt sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain an mhí seo chugainn

Spléachadh ar na foirne a d’fhéadfaí a tharraingt i gcoinne na hÉireann

Foireann na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tar éis d’fhoireann sacair na hÉireann an dara háit ina ngrúpa a bhaint amach, beidh orthu anois dhá chluiche cáilithe a imirt an mhí seo chugainn chun áit a fháil i gCorn an Domhain 2018.

Agus na hocht bhfoireann sna babhtaí cáilithe sin roinnte ina dhá ghrúpa, is iad an Danmhairg, an Chróit agus an Iodáil nó an Eilvéis a thiocfaidh idir foireann Martin O’Neill agus áit sa Rúis. Ní lia duine ná tuairim faoin tarraingt is fearr d’Éirinn, ach seo thíos spléachadh ar na foirne sin.

An Danmhairg

As na foirne uile a d’fhéadfadh a bheith á n-imirt ag foireann Martin O’Neill, is í an Danmhairg is lú a bhfuil taithí ag Éirinn ar a bheith ag imirt ina n-aghaidh le 20 bliain anuas. Níl ach dhá chluiche dúshláin imeartha ag na foirne seo in aghaidh a chéile sa tréimhse sin, agus deich mbliana ó shin a bhí an cluiche is déanaí eatarthu.

Is sa dara háit i nGrúpa E a chríochnaigh foireann na Danmhairge, taobh thiar den Pholainn. Ba é an bua 4-0 a bhí acu ar na Polannaigh mí Mheán Fómhair an taispeántas ab fhearr a thug siad ach ní raibh siad gan locht i rith an fheachtais ach an oiread, go háirithe sa chluiche a chaill siad sa bhaile in aghaidh Mhontainéagró.

Is é fear Tottenham Hotspur, Christian Eriksen an t-imreoir is aitheanta atá acu agus ba é laoch na foirne sa chomórtas cáilithe inar scóráil sé ocht gcúl. Más ar an Danmhairg a chaithfidh Éire aghaidh a thabhairt an mhí seo chugainn, ní mór dóibh súil a choinneáil freisin ar Thomas Delaney, fear arbh as Éirinn dá shin-seanathair agus a d’aimsigh ceithre chúl sa chomórtas cáilithe.

An Chróit

Bhain foireann na Cróite an ghaoth as seolta na hÉireann cheana. Ba iad a sháraigh Éire, 3-1, sa chéad chluiche de EURO 2012 agus seans gurb iad an fhoireann is láidre a d’fhéadfaí a tharraingt inár gcoinne.

Is taobh thiar de na hÍoslannaigh a chríochnaigh an Chróit i nGrúpa I agus cé nach gcuirfeadh sé sin mórán faitís ar lucht leanúna na hÉireann, is imreoirí den chéad scoth iad cuid de na Crótaigh, go háirithe i lár na páirce. Imríonn Luka Modric do Real Madrid, le Barcelona atá Ivan Rakitic agus tuilleann Ivan Perisic a chrústa le Inter Milan – léiriú maith ar a gcumas. Tosach mór láidir é Mario Manzukic, a d’aimsigh cúig chúl dóibh i nGrúpa I.

Den cheithre fhoireann is ag an gCróit atá an lucht leanúna is naimhdí agus d’fhéadfadh tábhacht a bheith leis sin, go háirithe agus foireann na hÉireann as baile sa dara cluiche.

An Iodáil

Cé go gceapfá gurbh iad na hIodálaigh is láidre de na foirne a d’fhéadfaí a tharraingt inár gcoinne, ní ródhona a chruthaigh foireann na hÉireann ina n-aghaidh le roinnt blianta anuas. Sé chluiche atá imeartha idir na foirne seo ó 2009 agus níl ach ceann amháin acu sin, ag EURO 2012, caillte ag na hÉireannaigh.

Ar ndóigh, ní dhéanfar dearmad ar bhua na hÉireann i gcoinne na hIodáile sa Fhrainc anuraidh ach foireann níos láidre a bheadh roimh Éirinn an mhí seo chugainn. Ó tharla iad a bheith cáilithe ón ngrúpa cheana féin in EURO 2016, níor chuir na hIodálaigh na himreoirí is fearr atá acu chun páirce sa chluiche cáiliúil sin.

Níor thosaigh ach triúr d’fhoireann na hoíche sin i Lyon i gcluiche mór na hIodáile in aghaidh na Spáinne an mhí seo caite, ach bhí príomhscórálaí na foirne faoi láthair, Ciro Immobile, ar dhuine acu sin.

An Eilvéis

Tá seanchleachtadh ag foirne na hEilvéise cor a bhaint as Éirinn agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sna comórtais mhóra sacair. Is iad a chuir deireadh le hiarracht na hÉireann cáiliú do EURO 2004 agus do Chorn an Domhain 2006.

Bhí foireann na hEilvéise ar tí áit a bhaint amach sa Rúis an bhliain seo chugainn agus a gcéad naoi gcluiche i nGrúpa B buaite acu ach chaill siad an cluiche cinniúnach in aghaidh na Portaingéile sa bhabhta deireanach, rud a d’fhág i dtarraingt na hoíche anocht iad.

Ní haon dóithín iad na hEilvéisigh agus gan ach an t-aon chluiche amháin sin caillte acu san fheachtas cáilithe. Mar sin féin, seachas leithéidí Xherdan Shaqiri agus Granit Xhaka, beirt a imríonn i bPríomhroinn Shasana, is beag imreoir d’ardchaighdeán atá acu, i gcomparáid leis na foirne eile.

Fág freagra ar 'Spléachadh ar na foirne a d’fhéadfaí a tharraingt i gcoinne na hÉireann'