‘Sorcas an Ghrá’ in Inis Oírr – ‘Bheadh sé go deas dá n-aimseodh beirt an grá agus dá bhfanfadh siad linn!’

Beidh imeachtaí éagsúla, scóráil sciobtha agus siúlóid faoi na réaltaí, mar chuid den fhéile chleamhnais nua

‘Sorcas an Ghrá’ in Inis Oírr – ‘Bheadh sé go deas dá n-aimseodh beirt an grá agus dá bhfanfadh siad linn!’

Beidh daoine atá sa tóir ar an ngrá trí Ghaeilge ag triall ar Inis Oírr i nGaeltacht na Gaillimhe an mhí seo chugainn agus iad ag súil le casadh lena ngrá geal ag ‘Sorcas an Ghrá’ — féile nua chleamhnais atá bunaithe ag Feicim, an scoil Ghaeilge do dhaoine fásta atá lonnaithe san oileán.

Dúirt Bríd Ní Chualáin, duine de lucht eagraithe na féile, le Tuairisc.ie gur chuimhnigh sí ar an ócáid a reáchtáil den chéad uair cúpla bliain ó shin agus go bhfuil áthas uirthi go bhfuil an Sorcas le tarlú an mhí seo chugainn.

Tá súil ag Ní Chualáin cainteoirí Gaeilge de gach aois a mhealladh chun an oileáin ar an 15 Meán Fómhair le bualadh le chéile agus an grá a aimsiú.

Tá go leor imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine agus cuirfear clár iomlán amach go luath. Dúirt Ní Chualáin le Tuairisc.ie go bhfuil spéis léirithe ag roinnt mhaith daoine san fhéile go dtí seo, ó áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann, ó Thír Chonaill go Corcaigh, agus go bhfuil súil aici go mbeidh “píosa craic” ann san oileán le linn na féile.

Ar na himeachtaí atá beartaithe, beidh ‘siúlóid faoi na réalta’ leis an bhfear ceamara Cormac Coyne, dinnéar in Óstán Inis Oírr, ‘scóráil sciobhta’, ceardlann scileanna sorcais, agus cluichí rugbaí leaiste,

Bíonn Ní Chualáin ag plé leis an bpleanáil teanga agus admhaíonn sí go raibh tionchar ag a gcúlra sa teangeolaíocht ar a cinneadh an deireadh seachtaine cleamhnais a chur ar bun san oileán Gaeltachta.

“Chonaic mé go raibh go leor daoine ag fágáil an oileáin agus go leor daoine eile a bhí ag teacht isteach agus gan aon Ghaeilge acu. Fiú cúpla bliain ó shin, bhí níos mó Gaeilge á labhairt ag páistí óga an oileáin. Bheadh sé go deas dá n-aimseodh beirt an grá san oileán agus dá bhfanfadh siad linn!” a dúirt sí agus í idir shúgradh agus dháiríre.

Tá costas €150 ar thicéad do Shorcas an Ghrá  agus clúdóidh an táille sin dinnéar agus dhá lón agus na himeachtaí uilig a bheidh ar chlár na féile.

Is féidir clárú leis an bhféile ar shuíomh Feicim Inis Oírr.

Fág freagra ar '‘Sorcas an Ghrá’ in Inis Oírr – ‘Bheadh sé go deas dá n-aimseodh beirt an grá agus dá bhfanfadh siad linn!’'