Sonraí pearsanta rúnda custaiméirí Gaeltachta de chuid AIB aimsithe sa Ghaillimh

Chaill AIB sonraí pearsanta rúnda a bhaineann le 550 custaiméir dá gcuid nuair chuaigh mála cáipéisí amú i gcathair na Gaillimhe

Sonraí pearsanta rúnda custaiméirí Gaeltachta de chuid AIB aimsithe sa Ghaillimh

Tá na sonraí pearsanta rúnda a chaill AIB sa Ghaillimh faighte arís acu tar éis d’fhear gnó an mála ina raibh na cáipéisí a thabhairt isteach go dtí craobh de chuid an bhainc.

Tuairiscíodh an tseachtain seo gur cailleadh sonraí pearsanta 550 custaiméirí a bhfuil cuntais acu sa chraobh Ghaeltachta den bhanc, AIB an Spidéil, agus in AIB Bhóthar na Trá. Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar dtús gur cailleadh na sonraí le linn d’oibrí de chuid an bhainc a bheith ag taisteal ó chraobh amháin go craobh eile den bhanc i gcomhair cruinniú i gcathair na Gaillimhe.

Tuairiscíodh ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur tháinig duine éigin ar an mála a raibh na cáipéisí ann go luath i ndiaidh gur cailleadh é i gcathair na Gaillimhe an mhí seo caite.

Thug an té a d’aimsigh an mála isteach chuig láthair gnó a bhí in aice láimhe ach tuairiscítear nár thuig an fear gnó an tábhacht a bhain leis na cáipéisí sa mhála nó go bhfaca sé scéalta sna meáin an tseachtain seo caite faoin scéala go raibh sonraí pearsanta custaiméirí AIB imithe amú.

Chuir an fear gnó in iúl do AIB tráthnóna Dé Máirt go raibh na cáipéisí aige.

Ar an Déardaoin an 31 Lúnasa seoladh litir chuig custaiméirí de chuid an bhainc le cur in iúl dóibh gur cailleadh scarbhileog, a raibh sonraí pearsanta a bhain leo uirthi. Dúradh sa litir go raibh “gach iarracht is féidir” á déanamh teacht ar an gcáipéisíocht ach nach raibh sí faighte go fóill.

Bhí eolas sa scarbhileog faoi ainm na gcustaiméirí, iarmhéideanna cuntas agus iasachtaí, táillí bliantúla, láimhdeachas na gcuntas agus códanna a bhaineann le hobair oifige an bhainc.

Deimhníodh do na custaiméirí nach raibh a seoladh baile ná sonraí eile teagmhála i measc an eolais a cailleadh agus go raibh a gcuntais “faoi chosaint mar is gnáth”.

Ghabh an banc leithscéal as an eachtra agus tugadh le fios go bhfuil AIB “an-dáiríre” faoi chosaint sonraí agus go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí curtha ar an eolas faoin scéal.

Tá teagmháil á déanamh ag AIB leis na custaiméirí atá i gceist.

Fág freagra ar 'Sonraí pearsanta rúnda custaiméirí Gaeltachta de chuid AIB aimsithe sa Ghaillimh'