Sóisialaigh Mheiriceá Theas slán sábháilte – go fóill

Agus an tríú téarma bainte amach ag uachtarán na Bolaíve, Evo Morales, is léir go bhfuil Meiriceá Theas ag cloí lena chúrsa sóisialach. Ach ní hionann an sóisialachas i ngach uile thír ar an ilchríoch sin, agus ní hionann eite chlé Mheiriceá Theas agus eite chlé na hEorpa

Bolivia's President Evo Morales gives a speech during a meeting with

Ghnóthaigh an sóisialach bundúchasach Evo Morales seasca faoin gcéad de na vótaí i dtoghchán uachtaránachta na Bolaíve Dé Domhnaigh seo caite. Leanfaidh a thríú téarma go dtí an bhliain 2020. Buanaíonn a bhua an greim atá ag an eite chlé ar pholaitíocht Mheiriceá Theas.

Scaip an sóisialachas fud fad na hilchríche sin i mblianta tosaigh an chéid seo. Tháinig Hugo Chávez i gcumhacht i Veiniséala i 1999, Néstor Kirchner san Airgintín agus Lula sa Bhrasaíl i 2003, Michelle Bachelet sa tSile agus Evo Morales sa Bholaív i 2006.

Inniu, tá siad féin nó a n-oidhrí polaitiúla (agus i gcás Néstor Kirchner na hAirgintíne, a bhaintreach) fós i gcumhacht. Go deimhin, níl ach trí thír sa réigiún nach bhfuil ceannaire sóisialach i gcumhacht iontu, agus sin iad an Cholóim, an Ghuáin agus Paragua.

Ach ní chiallaíonn sé sin gur dlúthchairde polaitiúla iad ceannairí sóisialacha Mheiriceá Theas ar fad. Ba léir an méad sin anuraidh, ag sochraid duine de na ceannairí ba radacaí agus ba fhrith-Mheiriceánaí dá raibh i gcumhacht sa réigiún riamh, iaruachtarán Veiniséala, Hugo Chávez.

Níor thug uachtaráin na Brasaíle agus na hAirgintíne, Dilma Rousseff agus Cristina Kirchner (ar sóisialaithe níos measartha iad) ach sciuird sciobtha ar an tórramh in Caracas ar eagla – a mheas tráchtairí polaitiúla – go mbeadh orthu seasamh taobh le ceannairí radacacha ar nós Evo Morales na Bolaíve, Raúl Castro Cúba agus Nicolas Maduro, oidhre Chávez, i míle grianghraf. Chuirfeadh sé sin líonrith ar infheisteoirí ón íasacht.

Tá beirt éan corr eile i measc cheannairí sóisialacha Mheiriceá Theas agus sin iad José Mujica in Uragua agus Dési Bouterse i Suranam.

Tá cannabas á dhéanamh dleathach ag Mujica, rud nach bhfuil ceannairí eile sa réigiún seo atá céasta ag foréigean drugaí róchompordach faoi. Agus cé gur toghadh Dési Bouterse ina uachtarán ar Shuranam go daonlathach i 2010, bhí sé ina dheachtóir ar an tír sin idir 1980 agus 1987 agus tá treascairt ar chearta daonna agus coiriúlacht drugaí curtha ina leith.

Ní hionann eite chlé Mheiriceá Theas agus eite chlé na hEorpa ach an oiread. San áit a gcuireann páirtithe sóisialacha na hEorpa béim ar chomhoibriú idirnáisiúnta, bíonn an náisiúnachas agus cosaint thrádála ina ngnéithe lárnacha i bpolasaithe a macasamhail i Meiriceá Theas.

Agus in ainneoin gur éirigh le Morales a thríú téarma a bhaint amach sa Bholaív, d’fhéadfadh cor cinniúnach a theacht i scéal an tsóisialachais i Meiriceá Theas i gceann coicíse.

Munra n-éireoidh le huachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, an dara téarma a bhaint amach i mbabhta deiridh thoghchán uachtaránachta na tíre sin ar an 26 Deireadh Fómhair, caillfidh an eite chlé a greim ar an tír is mó agus is tábhachtaí sa réigiún; i bhfocail eile, ar leath na hilchríche.