Soilse na Nollag lasta ag Branar – ‘Wow!’ a deir cách

LÉIRMHEAS: Bhí idir óg agus aosta ar aon tuairim go raibh an léiriú is déanaí ó Branar ‘deadly’ ar fad

Twas2

Fadó fadó, i 1948 i mBaile Breac, atá an léiriú Nollag le ‘Branar’, an complacht téatar do pháistí, suite.

Faoi anáil dhán cáiliúil Clement Clarke Moore ‘A Visit from St Nicholas’ agus stiúrtha ag Marc Mac Lochlainn, insíonn Twas the Night Before Christmas/Oíche Roimh Nollaig scéal draíochtúil faoi theacht an leictreachais go ceantar tuaithe.

Tá soilse Nollag ag teacht go Baile Breac den chéad uair riamh agus is í Mrs Carson (Helen Gregg), an bhean atá chun iad a thabhairt ann. Ach ar dtús, caithfidh sí cead a fháil ó mhuintir an bhaile na soilse Nollag a chrochadh. Seo léi ar fud an bhaile, ar aistear lán d’eachtraí agus a fear umhal (Pat Hargan), ag casadh ceoil di feadh an bhealaigh.

Ar a misean, castar leathamadáin, agus seanmhná mantacha an bhaile uirthi. Tugann Jonathan Gunning, Ionia Ní Chróinín agus Máire Greaney an spraoi agus diabhlaíocht amach sna carachtair steiréitípeacha seo. Tá gach aon duine acu gléasta go gleoite ag Miriam Donoghue.

Agus Mrs Carson ag maíomh ar fud an bhaile faoi ‘the Christmas of the future’, tá Mrs Molloy, seanbhean ghrámhar (Greaney arís) ar a míle dícheall coinnle Nollag a scaipeadh ar na daoine. Puipéid iad na daoine sna tithe agus ba é a laghad a chonacthas díobh a locht.

Tá Fear an Phoist (Gunning) ar an mBaile Breac agus a dhúshlán féin roimhe — na beartáin Nollag a sheachadadh. Mar is dual d’fhearaibh phoist, bíonn madra sna sála air seo freisin. Tá an madra puipéid áirithe seo á oibriú ag Ní Chróinín agus gluaiseachtaí réidhe míne a bhaineann croití áthais as a eireaball féin!Twas

Nuair a fheileann an tráth, díríonn Fear an Phoist go nádúrtha ar an lucht féachana óg. Léirigh Gunning gur maith a bhí sé ar a chumas an tráth ceart úd a aithint agus pléann sé leis go máistriúil nuair a thagann sé chun cinn.

Tá carachtar dá chuid féin ag baint leis an seit gleoite den bhaile, deartha ag Olan Wrynn agus tógtha ag Ciarán Kelly. Bogann na mírínní cóiriúla an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra, iad cóirithe go foirfe ag Michael Chang.

Cé go bhfuil an léiriú seo fógraithe mar dhráma dátheangach, is mó de dhráma aonteangach Béarla é a bhfuil blúiríní Gaeilge thall is abhus ann.

‘Wow!‘ a tháinig de shiosca ó chuile dhuine, idir óg agus aosta, sa lucht féachana nuair a lasadh na soilse i mBaile Breac. An leaid beag a bhí ina shuí taobh thiar díom in amharclann an Axis i mBaile Munna — a bhfuil mianach an aisteora ann féin, seans—lig sé liú, ‘How did they do that? This is deadly!’

Feidhmíonn gasúir an lae inniu i ré na hardteicneolaíochta agus is deacair dóibh a chreidiúint go raibh uair ann nach raibh leictreachas i ngach aon teach. Ach d’éirigh le soilse, puipéid shimplí, boscaí cearnógacha agus samlaíocht Twas the Night Before Christmas/Oíche Roimh Nollaig, wow a bhaint as gasúir sa lucht féachana seo. Agus tá sé sin deadly.

Fág freagra ar 'Soilse na Nollag lasta ag Branar – ‘Wow!’ a deir cách'