‘So much for iargúltacht…’ Nasc fós á dhéanamh idir an Ghaeilge agus míbhuntáistí

In alt le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, deir sé go mb’fhéidir gurb í iargúltacht Charna/Chill Chiaráin a choinníonn an cultúr agus an oidhreacht chomh láidir. Ach tá go leor ann a déarfadh ‘so much for iargúltacht’…

Carna
Pictiúr d’fhear as Carna a rinne Jack B Yeats céad bliain ó shin. An bhfuil an ceantar fós faoi chuid de na míbhuntáistí céanna a bhí ann an uair sin?

Bhí mé i measc comhluadair in Iorras Aithneach an oíche cheana. Dúirt duine amháin go raibh “suirbhé” déanta aige; thiomáin sé as Cill Chiaráin go Carna agus amach don Chaiseal oíche Aoine le gairid. Sin cuid mhaith de 13 míle bóthair. I gcaitheamh an achair sin, níor casadh dhó ach carr amháin eile!

Bhí sé ina chuntas chomh maith agus dá mbeadh comhlacht comhairleoirí – consultants  – ag déanamh staidéir ar an gceantar ar feadh ráithe. Tá an ciúnas le tabhairt faoi deara i bpobail eile ar fud iarthar Chonamara. Ansin dúirt duine éigin gur gearr go ndúiseofaí an áit – bheadh an ‘Gang as Londain’ anall le haghaidh na Nollag.

Tiocfaidh cuid den ‘Ghang’ an deireadh seachtaine seo amach romhainn agus tiocfaidh tuilleadh acu an tseachtain seo chugainn. Tá go leor acu i Londain anois. Tiocfaidh siad ar ais abhaile go hiarthar Chonamara ar feadh achar gearr. Beidh míle fáilte rompu. Is breá iad a fheiceáil aríst.

Ach beidh an t-ádh orthu ar an mbóthar abhaile nó sáinneofar sa trácht iad i gcathair na Gaillimhe. Thabharfadh cuarbhóthar faoiseamh dóibh sa gcuid deiridh den aistear agus is deacair a bheith ag míniú dóibh gur de bharr cúpla carraig chloch aoil a stopadh an cuarbhóthar – sin nó paiste ceannabháin bhána.

Éireoidh an bóthar níos caoile agus níos achrannaí ach a gcuirfidh siad Gaillimh anoir díobh. Ansin tiocfaidh siad go hUachtar Ard agus as sin siar, beidh siad ar an mbóthar is measa in Éirinn, mar atá tugtha air ag polaiteoirí agus Aire Rialtais. Chuile sheans nach gcreidfidh siad go bhfuil €4 mhilliún a bhí le caitheamh ar an stráice den N. 59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite i mbliana curtha ar ais sa Státchiste i mBaile Átha Cliath.

B’éigean é seo a dhéanamh nuair nach nglacfadh Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le plean oibre na Comhairle Contae. Faoin tráth seo, seans go ndéarfaidh cuid acu gur maith an socrú a rinneadar agus a dhul go Londain. Ach, tá an nádúr leis an mbaile sa gcroí i gcónaí.

Mar seo a d’fhéadfadh sé a bheith i gcaitheamh a saoil ag go leor acu; anonn agus anall, anois agus aríst.

Ach a dtiocfaidh siad abhaile an Nollaig seo, beidh go leor acu ag iarraidh greim a fháil ar leabhar bliantúil ‘Iorras Aithneach’ – an 25ú eagrán. Tá píosa moltach ar cheantar Iorras Aithneach scríofa ag Príomhfhheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cualáin san eagrán seo. Anois, is fear uasal agus fear ábalta é Steve a bhfuil fíorcheangal aige ó dhúchas le pobal Chonamara. Abraíonn sé i leabhar Iorras Aithneach go bhfuil cultúr agus oidhreacht na Gaeltachta fite fuaite i bpobal Charna/Chill Chiaráin i gcónaí; ní gá, a deir sé, ach suntas a thabhairt don ghaisce a rinne iomaitheoirí an cheantair ag Oireachtas na bliana seo.

Ansin labhraíonn sé ar an áit a bhfuil an ceantar suite agus abraíonn go mb’fhéidir gurb í an iargúltacht sin, agus an bhearna idir an ceantar agus bailte móra, a choinníonn an cultúr agus an oidhreacht chomh láidir agus atá siad ann.

Pé ar bith tuirse a bheidh ar ‘Ghang Londain’ tar éis an aistir, tá mé in ann a shamhlú go ligfidh siad osna fhada astu féin nuair a fheicfidh siad an ráiteas sin. Dá mbeadh an oiread sin de bhuntáiste ag baint leis an iargúltacht ní bheadh formhór an ‘Ghang’ ag obair i Londain – istigh i gcroílár ceann de na cathracha is mo ar domhan.

Luaití an Ghaeilge – agus an oidhreacht a bhain léi – le hiargúltacht, bochtanas agus míbhuntáistí eile san aimsir a caitheadh. Is é an trua é go bhfuil staitisticí ar fáil go láidir a chruthaíonn go bhfuil cuid den cheantar is láidre Gaeilge, agus is láidre ó thaobh an chultúir Ghaelaigh, fós sa rannóg is measa atá faoi míbhuntáiste. Tá na hOileáin, Camus, Ros Muc agus Iorras Aithneach ar íochtar an scála uilig ar bhonn eacnamaíochta agus sóisialta i gcontae na Gaillimhe.

Is ceart a rá go bhfuil Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag iarraidh borradh a chur faoi cheantracha atá faoi mhíbhuntáiste agus sin dualgas trom. Rud eile – is fánach an chaoi freisin a sciorrann abairt isteach i bpíosa scríbhneoireachta a chuirfeadh claonadh ann nach raibh i gceist.

Mar ba é an trua é dá gcuirfí cosa faoi thuairim ar bith gur fearr an seans atá ag an gcultúr dúchasach má choinníonn muid leis an iargúltacht – agus an easpa infreastruchtúir agus forbartha atá ag dul leis.

Tá freagra air sin ag an aos óg agus feicfidh muid aríst é sa gcéad seachtain de mhí Eanáir. Beidh ‘Gang Londain’ ar bóthar aríst – soir an Teach Dóite i dtreo Uachtar Ard ( an áit ar imigh €4.5 milliún ar ais go Baile Átha Cliaith as), as sin soir thrí Ghaillimh, agus as sin soir ar bhóthar den scoth go Baile Átha Cliath agus amach as Éirinn.

Mar a déarfaí i Londain, b’fhéidir, ‘so much for iargúltacht’.

Fág freagra ar '‘So much for iargúltacht…’ Nasc fós á dhéanamh idir an Ghaeilge agus míbhuntáistí'