SnaG17: Lá 2, imeachtaí agus pictiúir

Ta Seachtain na Gaeilge faoi lánseol agus tá ceiliúradh á dhéanamh ar an teanga ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin as seo go deireadh na féile. Seo rogha Tuairisc.ie de na himeachtaí agus pictiúir ón dara lá de SnaG

SnaG17: Lá 2, imeachtaí agus pictiúir

Inniu an dara lá de Sheachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an teanga, a stair, agus a todhchaí. Beidh imeachtaí ar siúl ag eagraíochtaí, comhlachtaí, cumainn agus daoine aonair ar fud na cruinne leis an nGaeilge a cheiliúradh as seo go Lá Fhéile Pádraig.

Tá clúdach speisialta ar Tuairisc.ie dírithe ar an bhféile agus foilseofar gailearaithe, scéalta agus ár rogha imeachtaí i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge. Is é ‘Seachtain na Gaeilge’, nó #SnaG17, an téama a bheidh ag sraith ghrianghraf Tuairisc.ie, Pictiúir an Phobail (#picphobail), go ceann coicíse freisin. Cuirigí againn bhur bpictiúir!

5 Imeacht SnaG inniu:


Ceachtanna Surfála

Áit: Freedom Scoil Surfála, Trá Mhór, Port Láirge

Am: 10.00-12.00 agus 11.00-13.00

Cur síos: Ceachtanna Gaeilge surfála. Teagascóirí, tonnchláir, cultacha uisce agus trealamh breise curtha ar fáil ag an scoil, ach is gá tuáille, culaith shnámha agus uachtar gréine a thabhairt leat.

Eolas: Liam de Buitléir 0863914908


Ióga

Áit: Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Am: 18.00

Cur síos: Ranganna ióga trí Ghaeilge leis an scoil ióga Manifest

Eolas: Jenny Ní Ruiséil 0868483809


Turas ar Ghraí Náisiúnta na hÉireann

Áit: Graí Náisiúnta na hÉireann, an Tulaigh, Co. Chill Dara

Am: Ar feadh an lae

Cur síos: Beidh Graí Náisiúnta na hÉireann ag reáchtáil turais trí Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge 2017.

Eolas: 045 521 617


Scéalaíocht do Pháistí

Áit: Ionad Uíbh Eachach, Iveagh Crescent, Béal Feirste

Am: 15.00-16.00

Cur síos: Seisiún scéalaíochta do pháistí le Diarmuid Ó Breaslain

Eolas:  028 90329180


Caint: Nósanna na gCeannfhéilte i nGaeltachtaí Thír Chonaill

Áit: Mellets, Béal Átha na Muice, Maigh Eo

Am: 20.00

Cur síos: Léacht agus comhrá faoi nósanna agus cleachtaí na gceannfhéilte i nGaeltacht Thír Chonaill le Máire Uí Mhaolruaidh

Eolas: killcloon@eircom.net


5 phictiúr ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge

 

 

 

 

Insta 2

Fág freagra ar 'SnaG17: Lá 2, imeachtaí agus pictiúir'