Ná bí id’ ‘dupe’! Smideadh – an rogha cliste

Más ag ceannach smididh do shéasúr na gcóisireacha atá tú, ní gá gurb ionann i gcónaí praghas ollmhór agus ardchaighdeán. Chuaigh ár gcomhfhreagraí faisin ag siopadóireacht...

Skin-Care-and-Face-Beauty-164804

Le blianta beaga anuas tá muid ar fad níos cúramaí i mbun siopadóireachta agus luach ár gcuid airgid á lorg againn mar ghnáthnós anois. Más ag ceannach smididh atá tú, ní gá gurb ionann i gcónaí praghas ollmhór agus ardchaighdeán.Go deimhin, is minic go mbíonn táirge atá ar a laghad ar comhchaighdeán leis an gceann costasach ar fáil ar chéatadán den phraghas ach an taighde a bheith déanta agat.

Tugtar ‘dupes’ i mBéarla ar na táirgí seo ach ní haon chleasaíocht atá i gceist leo. Bhí mé ag breathnú le gairid ar roghanna atá ar fáil go coitianta i siopaí éagsúla sa tír seo, ina measc Boots, Brown Thomas agus Debenhams.

As 13 táirge a d’aimsigh mé don éadan, súile, leicne agus liopaí, bheadh €300 le spáráil ag an té a dhéanfadh an rogha chliste. Cuid mhaith den am, is iad na táirgí céanna a bhíonn i gceist ach iad díolta faoi ainmbhranda difriúil. Ní minic a thuigtear, mar shampla amháin, gurb iad L’Oréal a dhéanann an smideadh do Lancome, Giorgio Armani agus Yves Saint Laurent. 

Éadan

Bonnsmideadh*:

Ní féidir difríocht dá laghad a aithint idir Giorgio Armani Luminous Silk Foundation ar €43.00 agus L’Oréal True Match Foundation ar €15.00. Go deimhin, tá fachtóir cosanta gréine sa bhreis sa mbonnsmideadh ag L’Oreal féin. Sábháil €28.

Spúinse Smididh:

Tá ardmholadh faighte ag an spúinse Beauty Blender ar €19.65 ach tá an ceann ag Real Techniques ar a dtugtar Miracle Complexion Sponge ar €15.89 chomh maith céanna, fad is go nglantar go maith é gach uair a úsáidtear é. Sábháil €3.76.

Folaitheoir*:

Tá an folaitheoir Nars Radiant Creamy Concealer ar €26.00 iontachar fad go háirithe faoi na súile ach tá clúdach níos fearr ó bhranda eile, Collection Lasting Perfection Concealer ar €5.99. Sábháil €20.01.

Púdar dlúthaithe aghaidh*:

Tá Giorgio Armani Luminous Silk Powder ar €43.00 agus Bourjois Healthy Balance Powder ar €11.99  chomh cosúil sin le chéile nach gcreidim go bhféadfadh aon duine an difríocht idir an péire acu a aithint. Sábháil €31.01

Súile

Malaí:

Tá difríocht bheag amháin idir Benefit Gimme Brow Gel ar €24.50 agus Maybelline Brow Drama Sculpting Brow Mascara ar €7.49 – tá snáithíní i gceann Benefit le cur le do chuid malaí féin mura bhfuil siad sách feiceálach ach thairis sin, tá an péire thar barr le slacht a chur ar do mhalaí. Sábháil €17.01

Uachtar Scáthú Súl*:

Tá ardchaigdeán ag baint le huachtar scáthú súl Bobbi Brown Long Wear Cream Shadow ar €30 ach tá Maybelline Colour Tattoo 24hr eyeshadow ar €7.49 chomh maith céanna agus dathanna breátha le roghnú acu. Sábháil €22.51

Púdar Scáthú Súl:

Is iomaí comhlacht a bhfuil iarracht déanta acu aithris a dhéanamh ar an bpúdar scáthú súil ag Urban Decay Naked Palette a dhíoltar ar €44 agus tá go leor cóipeanna maithe le fáil na laethanta seo. Is é an ceann ó W7 In The Nude eye shadow Palette an ceann is fear ar fad i mo thuairimse agus é ar fáil ar €7.50. Sábháil €36.50

Mascára:

Is mascáranna an-éifeachtacha iad Benefit They’re Real! ar €26 agus Maybelline The Rocket Volum’ Express ar €11.99, ach mura bhfuil tú ag iarraidh fadhbanna agus tú á ghlanadh díot ag deireadh na hoíche, d’fhanfainn leis an gceann saor sa chás seo. Sábháil 14.01

Línitheoir Súl:

Níl difríocht mhór idir Urban Decay 24/7 Glide-On Eye Pencil ar €19.00 agus Rimmel Scandal eyes Kohl Eyeliner ar €5.49 seachas, b’fhéidir, go bhfuil rogha níos leithne dathanna le fáil ó Urban Decay. Sábháil €13.51

Leicne

Luisneach:

Is dathanna deasa neodracha iad Prism de chuid Mac Powder Blush ar €23 agus Suede de chuid Sleek Blush ar €5.49. Breathnaíonn siad níos deise ar do leicne ná mar atá siad sa phacáiste, fiú. Tá na táirgí luisneach ó Sleek chomh maith le haon bhranda mór le rá le tamall anuas ach iad ar fáil ar phraghas thar a bheith íseal don chaighdeán atá iontu. Sábháil €17.51

Aibhsitheoir:

Tá loinnir deas órga ó Benefit Watts Up ar €35 ach tá No7 Instant Radiance Highlighter ar €12.95 chomh foirfe céanna. Sábháil €22.05

Donnaitheoir:

Ba é an Chanel Soleil de Tan de Chanel ar €38.50, an t-aon donnaitheoir a bhí ar an margadh mar uachtar le blianta go dtí gur tháinig Bourjois chun cinn lena Paris Bronzing Primer ar €13.99 an samhradh seo caite.

Seans dá mbeadh an t-airgead agam gurbh fhearr liom féin leagan Chanel i ndeireadh na dála mar go bhfuil rian beag de dhath an oráiste ag baint le ceann Bourjois ach is iontach an táirge é agus is luach maith ar airgead é. Sábháil €24.51

Liopaí

Béaldath:

Tá dhá dhath a tharraingíonn aird i gcónaí, dar liom, Wild Ginger ó Tom Ford ar €47 agus In Love with Ginger le Rimmel Moisture Renew Lipsticks ar €7.95. Dathanna láidre dearga iad le beagán oráiste iontu freisin. Maireann ceann Tom Ford tamall níos faide ach tá an praghas ar cheann Rimmel iontach ar fad. Sábháil €39.05

Nuair a dhéanann tú an suimiú ar fad, is léir gur féidir beagnach €300 a shábháil (€129.21 in áit €418.65) ar 13 táirge a bhfuil, tríd is tríd, an caighdeán céanna ag baint leo.

Mar a dúirt Sophia Amoruso, údar an leabhair #GIRLBOSS – ‘Money looks better in the bank than on your feet!”

*Gluais

  • Aibhsitheoir – Highlighter
  • Bonnsmideadh- Foundation
  • Folaitheoir – Concealer
  • Púdar dlúthaithe aghaidhe- Pressed Face Powder
  • Scathú Súl – Eye Shadow
  • Luisneach – Blusher
  • Donnaitheoir – Bronzer