SMAOINTE ÚDAIR: Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht, ansin téim i mbun búistéireachta

Is ar an 2 Aibreán a fhoilseoidh Cois Life ‘I dTír Mhilis na mBeo’ cnuasach gearrscéalta neamhghnách le Colm Ó Ceallacháin. Déanann an t-údar cur síos anseo ar a mhodh oibre agus a chéad leabhar ar na bacáin

SMAOINTE ÚDAIR: Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht, ansin téim i mbun búistéireachta

Is mé ag fás aníos, bhí siopa geallghlacadóra trasna an bhóthair uaim, is ba nós agam na pinn bheaga ghorma (Boylesports a bhí ann) a bhí caite ar an tsráid ag na custaiméirí mí-ámharacha a bhailiú chugam féin. Mar sin a thosnaigh mé ag scríobh ar dtús, tar éis teacht dom den chéad uair ar uirlisí mo cheirde. Ní fíorscéal é sin, cé go mbíonn cnuasach deas peann in aice láimhe go hiondúil agam, ar eagla go mbuailfeadh an inspioráid mé gan choinne. Pinn ghorma, ghlasa (Paddy Powers) is dhearga (Ladbrokes), nó lán doirn de phinn luaidhe Argos, iad ullamh i gcónaí, fiú mura bhfuilim féin, tabhairt faoin mblockbuster is déanaí.

Scríobhaim go páirtaimseartha, is é sin, scríobhaim nuair is féidir liom. Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht (is sa dréacht deiridh freisin, b’fhéidir), rud a shaorann mé le scríobh gan srian. Má ritheann an t-ádh liom beidh rud éigin – téama, coibhneas, líne comhrá fiú – le tarrtháil ón bpraiseach seo, rud éigin gur féidir a fhorbairt amach anseo.

Ar a laghad, ba chóir go mbeadh struchtúr scéil agam. Ar an leathanach a scríobhaim, le peann geallghlacadóra nó eile, ag an bpointe seo agus ar feadh i bhfad go fóill. Chaillfinn arís na rudaí beaga leochaileacha a bhí tarrtháilte agam dá gcuirfinn ar snámh iad ar ollfhairsinge an scáileáin go róluath. Scríobhaim nuair is féidir liom.

Ar chruthaigh filí agus péintéirí an Chéad Chogaidh Dhomhanda a gcuid saothar de bharr na círe tuathail ina dtimpeall, nó ina hainneoin? Tá áthas orm a rá nach gcuirim féin mo bheatha i mbaol is mé ag scríobh, ní hionann is na healaíontóirí sin. Is minic, mar sin féin, go mbíonn orm mo shealanna scríbhneoireachta a fháscadh as anord an tsaoil. Is annamh an deis agam leas a bhaint as áiseanna chomh luachmhar le ham, nó spás, nó ciúnas, nó deasc scríbhneoireachta. Múineann gá seift.

Na hionaid is ansa liom is mé i mbun pinn, mar sin? An bus. An gluaisteán (páirceáilte). An seomra leithris. An cheolchoirm scoile. Ar a laghad, ní file cogaidh mé.

Ní file cogaidh mé, cé go bhfeicim búistéireacht a dhóthain ar an leathanach, agus mise ina mbun. Focail á slad agam, abairtí á ndíbirt, orduithe tugtha d’ailt aistriú ina n-iomláine go críocha aineoil.

Amhábhair iad na focail sin a fhulaingíonn gach mí-úsáid agus sceitheadh dúigh ar son an tsaothair chríochnaithe. Is cosúil iad le ceap adhmaid i lámha an dealbhóra, nó le bailiúchán nua amhrán atá á mbreith chuig an stiúideo ag buíon cheoil. The Awnings is ainm don bhuíon, nó Fleshless Zebra, b’fhéidir. Níos minice ná a chéile, ní aimsím an marc is mé ag scríobh. Corruair, roinnfidh duine fial éigin a shaoithiúlacht liom, is molfaidh leasuithe dom. Go rí-annamh, toileoidh foilsitheoir m’iarracht mhístuama a chur i gcló. Fíorscéal é sin.

Fág freagra ar 'SMAOINTE ÚDAIR: Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht, ansin téim i mbun búistéireachta'

  • Fearn

    A Choilm, chuir tú thiar is thoir orm sa dréacht sin, ní ag ceasacht ort atáim ach is ar éigin a bhí mé gan míobhán. Mar sin fhéin, ádh pinn ort agus aimsigh do “chló ceart”.