Smál sheanghalar an aisteora ar thóir airde ar ‘Godot’ Garry Hynes

LÉIRMHEAS: Tháinig Druid i ngaobhar na craoibhe lena léiriú nua de Waiting For Godot, ach sciorr sí uathu

Smál sheanghalar an aisteora ar thóir airde ar ‘Godot’ Garry Hynes

‘Waiting For Godot’,
Samuel Beckett
Léiriú de chuid Druid, 
Amharclann na Mainistreach

Estragon Aaron Monaghan
Vladimir Marty Rea
Lucky Garrett Lombard
Pozzo Rory Nolan
Child C. Simpson / H. Redmond

Stiúrthóir: Garry Hynes

Vladimir:     Sewer-rat!
Estragon:    Curate!
Vladimir:    Cretin!
Estragon:   Crritic!!
Vladimir:  (leonta  go smior) Ohh!

Chaitheas uair an chloig an tseachtain seo caite i gcuideachta Dan Donovan i gCorcaigh. Draoi mór stáitse, saoi mór amharclainne. An té a thug Waiting For Godot chun beatha sa CCYMS le Everyman Chorcaí i 1968. Tá caint fós ar an léiriú sin cois Laoi na scuab. Beidh caint ar Dan féin i bpríomhchathair na Mumhan go Lá an Bhráthar. 

An té a bhí ag iomrascáil le páirt Estragon ag tús na réamhchleachtaí don léiriú sin, fada fada siar, i ndoircheacht na hóige, d’iarr sé treoir ar an máistir. D’iompaigh Dan air. ‘Dredge boy! Dredge!’ Ar do cheann a bheadh sé dá santófá an gáire éasca, is bheadh an dráma thíos leis mar gheall air sin.

Easpa dreidireachta, faraor, sa phríomhbheirt i léiriú reatha Druid, sin é an chéad chliseadh. An dara teip? Nós uas-stáitsithe Estragon, go príomha. Ní ina chorp, ach ina ghuth. Imíonn sé ar rití geonaíola ó am go chéile, saghas cnáimhseáil leanúnach. Sa tóir ar an ngáire éasca? In ionad luí isteach ar a bheith ag tochailt fá bhun na línte chun na míorúiltí áille, ilchasta i bpríomhscript dhráma an fhichiú haois a scaoileadh. 

Is iomláine Estragon ná an cnáimhseálaí láimhsitheach a bhris amach rómhinic, sa chéad mhír ach go háirithe. Cleasaíocht stáitse a loit comhréir an dráma.   

Pobalachas gairmiúil a tháinig idir Monaghan agus a chreach. Thiomáin sé mise as mo chiall, geall leis, le frustrachas. Thosaigh Vladimir ag santú ansin an gáire pobalach céanna, mar aisfhreagra ar Estragon. In ionad dul síos leis an nguth sa treo eile agus corrlíne fhánach ‘a chaitheamh uaidh’. Ach, bheadh fadhb leis sin freisin, mar, de réir fianaise na scripte féin, is le Estragon na dúichí fothoinn.

‘All mankind is us’. Is fíor sin do Vladimir. Ach cuirtear an gaol idir an bheirt ‘uile-dhaoine’ as a riocht de bharr an chomórtais eatarthu. Go minic cailltear an yin/yang, an Keaton/Chaplin, an Laurel/Hardy, an McGuinness/Paisley, an Punch/Judy, an Fawlty/Manuel – nó pé sceitse beirte is ansa leat féin a lua – cailltear sin de bharr na giústála eatarthu – na cluichí cainte go léir eatarthu, geall leis, de shíor ag dul suas an scála sna hardréimeanna gutha.

In ionad ligint don chluas inmheánach an t-idirdhealú tonúil idir an bheirt sa script a aithint. 

Is cuid den mhuc an t-eireaball. Is deartháir don sac an mála. Seasann Estragon agus Vladimir ar dhá thaobh na daonnachta céanna. Vladimir ceannasach, de ghnáth, Estragon caillte, de ghnáth. Vladimir sa treis, de ghnáth, an phéacóg fán ngrian. Estragon níos inmheánaí, de ghnáth, an chearc ar thaobh na gealaí.

Sin mar atá i script Beckett. Nuair a chas Bert Lahr (Estragon sa chéad léiriú i Meiriceá) an gaol sin ar a cheann – ‘I’m top banana’, agus thug foláireamh do Tom Ewell (Vladimir) – ‘Don’t crowd me’ – cuireadh cóimheá an dráma as a riocht. Tuairiscíonn an léiritheoir Alan Schneider go raibh díomá ar Beckett – ‘He was upset that the play was taken away from his major character’.  *** (féach thíos….)

Meallann an dá fhabht thuasluaite léiriú reatha Druid in Amharclann na Mainistreach ó chonair na foirfeachta. Mar, idir fhoireann agus chliar, tá sé iontu an corónú a luann critic an Irish Times go giorra-análach leo a bhaint amach dáiríre – (‘The best production for 25 years’, mar dhea.)

Níl beirt níos oilte ná Aaron Monaghan agus Marty Rea ar stáitse in Éirinn, ach an comórtas eatarthu a cheartú. Ní fhaca Pozzo níb fhearr ná ionchollú Rory Nolan.

Ach, mo léan dóite, tá an chuma air gur lig Garry Hynes a cairde cléibh den iall.  Sin teip léirithe agus stiúrtha a tháinig aniar aduaidh orm. Farasbarr dílseachta agus ceana, b’fhéidir, dá beirt phríomhfhear?

Nó, n’fheadar ar chaill sí radharc ar an sliotar idir Gaillimh anuraidh agus Baile Átha Cliath i mbliana? Tarlaíonn, in amfaitéatair eile, deirtear liom, a leithéid. 

Is é an peaca nár bhain sí leas as fuip Pozzo chun ciall a chur sna buachaillí dána, nó srian a choimeád orthu.

Bhí sé iontu uilig, muintir Druid, forógra an Irish Times fúthu a thuilleamh.

‘Homer nods’ ó am go chéile. Sin nádúr an duine, fiú an té is oilte amuigh. ‘Garry nods’, creidim, an dul seo, agus is leasc liom é sin a rá.

Is iomaí bua thar barr atá sa léiriú. Seit niamhrach, soilsiú galánta, feisteas iomlán cuí. ‘Lucky’ Garrett Lombard níos mó ná feidhmiúil, fiú más iarrachtín róghasta a chur thairis sa seit-phíosa cáiliúil.

Ach is é ‘Pozzo’ Rory Nolan an bua is orthu díobh ar fad. Dáilim amach an fíon is fearr mar dheoch an dorais.

Má bhí ‘Pozzo’ níb fhearr ná Nolan ann riamh, ní fhaca féin é. Is ar éigean a gheofá taispeántas níos foirfe ar aon stáitse, in aon bhall tíre, thall nó abhus.

Éilím i gcónaí na taispeántais dheifnídeacha. Thug McKellan Estragon dom sa Sydney Opera House. Tá Pozzo an Druid chomh maith sin go bhféadfadh  Nolan an fód céanna a sheasamh leis an ridire uasal, aon lá den tseachtain.

Ní foláir nó gur dreidire ceart an Rory seo againne. Freagraíonn sé éilimh uile Beckett air. Tá sé, fá seach, díomasach, cruálach, cliste, mórtasach, rómhór, séideogach, cealgach, fealltach, meatach, deisbhéalach, campúil, stáitsiúil – díreach mar a oireann, gach re seal.

Téann Rory Nolan fá bhun na scripte chun na míorúiltí atá folaithe sa bhforscreamh a scaoileadh, is a ligint, ar an sciathán, chun na spéire.

Bulaí aisteora.

Bhíodar i ngiorracht scread asail den mbua.  Ach tháinig seanghalar an aisteora idir an compántas agus éacht stáitse na bliana.  ‘The look-at-me, look-at-me-verbal-gymnastics,’ a thug Dan Donovan ar an ngalar céanna, um lascadh i  bpáirt Estragon sna réamhchleachtaí le Everyman i 1968. Ciall cheannaigh, ceacht foghlamtha. 

Bhí rud álainn, cróga, insroichte ag Druid an dul seo. Thángadar i ngaobhar na craoibhe, ach sciorr sí uathu.

An chéad uair eile – cá bhfios?

‘You must go on. I can’t go on. I’ll go on.’

Bulaí Beckett.

* ‘Beckett in the Theatre’ by Dougland McMillan and Martha Fehsenfeld

  

Fág freagra ar 'Smál sheanghalar an aisteora ar thóir airde ar ‘Godot’ Garry Hynes'

  • Anna Heussaff

    Fair play duit, a Phat – chuidigh tú liom a bheartú gan dul ag féachaint ar an léiriú seo! Creidim go maith an méid a deir tú, nó shil mé i gcásanna eile cheana le Druid go raibh galar na ró-aisteoireachta ar a stíl nuair ab fhearr ciúnú agus ísliú glóir.