Smál ar pholaiteoirí an easpa gnímh faoi oidhreacht na dTrioblóidí

Smál ar riar na córa agus ar pholaiteoirí na linne seo is ea an fhaillí i gcásanna stairiúla

Smál ar pholaiteoirí an easpa gnímh faoi oidhreacht na dTrioblóidí

“Ní hé mo ghnó-sa é. Faoi Stormont atá,” arsa Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire.

‘Ar an mBreatain atá an locht faoin mhoill agus ní ar Stormont,’ dar le Sinn

Féin.

“Níl mise sásta an t-airgead a iarraidh ón rialtas [na Breataine] mar ní chuirfidh mé suas le hathscríobh na staire,” arsa Arlene Foster, an Chéad-Aire agus ceannaire an DUP.

Gach dream acu ag crónán ar mhaithe leo féin ach gan fuascailt ar bith á tairiscint do na híobartaigh atá ag éileamh ionchoisní ar bhás a muintire. Cuireadh moill as cuimse ar choistí cróinéara nó níor tugadh ach breac-éisteacht ar chásanna, cuid acu a tharla dhá scór bliain ó shin.

Léirigh pobalbhreith Tuairisc.ie Dé Céadaoin go bhfuil móramh de phobal Thuaisceart Éireann i bhfabhar maoiniú a cheadú d’ionchoisní ar dhaoine a maraíodh sna Trioblóidí. Dúirt 52% gur cheart an maoiniú a chur ar fáil agus d’easaontaigh 24%. Tá an chonspóid faoi fhaillí ar ionchoisní i gcásanna stairiúla ag bailiú nirt le blianta. Anuraidh ghlac na breithiúna ceannas ar an tseirbhís a bhí gann ar acmhainní le fada agus cuireadh dlús le feachtas chun an riaráiste ollmhór a ghlanadh.

Níor thaitin an pictiúr a chonaic siad leis na breithiúna: ‘Fionraí arís agus arís eile.’‘Neamhshuim.’ ‘Moill ar eolas ó phóilíní agus ó Roinn Cosanta na Breataine.’

Níl ansin ach dornán de na lochtanna a fuarthas ar an gcóras nuair a d’fhiosraigh breitheamh 56 cás inar deineadh moill as cuimse. Mar chuid den athbhreithniú a d’ordaigh An Tiarna Príomh-Bhreitheamh, Sir Declan Morgan, scrúdaigh an breitheamh Reginald Weir na cásanna a bhaineann le marú 95 duine. Ar liosta na gcásanna sin a scrúdaigh an breitheamh Weir, bhí eachtraí a raibh Arm na Breataine, póilíní, an tIRA, an UVF agus an UDA freagrach astu chomh maith le cásanna ina líomhnaítear claonpháirtíocht. Ina measc, bhí sléacht Bhaile Uí Mhurchú 45 bliain ó shin nuair a mharaigh saighdiúirí Arm na Breataine aon duine dhéag, an eachtra i Loch gCál i 1987 inar maraíodh ochtar ball den IRA, uafás Kingmills inar mharaigh an tIRA deichniúr oibrithe Protastúnacha agus marú Sheán Brown i 1997 nuair a d’fhuadaigh dílseoirí é ó chlub CLG, i mBaile Eachaidh.

I ndiaidh an athbhreithnithe, d’fhógair an Príomh-Bhreitheamh Morgan go mbunódh sé aonad speisialta chun déileáil leis na hionchoisní stairiúla. Bhuail sé le híobartaigh agus gheall sé dóibh go gcuirfí an obair i gcrích taobh istigh de chúig bliana ach na hacmhainní a bheith ar fáil.

Bheadh gá le £10 milliún don ghnó, ach mheas sé go raibh an t-airgead sin ar fáil faoi shocruithe Tús Nua, an réiteach a rinneadh i Stormont idir an DUP, Sinn Féin agus an dá rialtas an t-am seo anuraidh. Mar chuid den mhargadh sin gheall rialtas na Breataine £150 milliún le dul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Bhuail an Príomh-Bhreitheamh le Státrúnaí an Tuaiscirt, Theresa Villiers, leis an bPríomh-Chonstábla agus le hionadaí ó Roinn Cosanta na Breataine chun a chur ina luí orthu gur den riachtanas é a chinntiú go gcuirfí fianaise/ cáipéisí ar fáil gan a thuilleadh moille.

Chreid sé go raibh comhoibriú le fáil mar aon le maoiniú. D’iarr sé ar an Roinn Cirt i Stormont an t-airgead do na hionchoisní a tharraingt anuas ón mBreatain. Ghlac Aire Cirt na linne, David Ford, Alliance, leis an iarratas agus chuir sé faoi bhráid Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire é.

Níor tharla tada. Tháinig sé chun solais níos deireanaí gur cheadaigh Martin McGuinness, an LeasChéad-Aire an t-iarratas ach gur chuir Arlene Foster, an Chéad-Aire bac air. Mhaígh sise go raibh iomarca béime á cur ar chásanna a raibh fórsaí an stáit bainteach leo agus go raibh ‘athscríobh na staire’ ar bun, rud a bhí doghlactha, dar léi. Níorbh iontas é nach raibh ach 32% den phobal Protastúnach/aontachtach i bhfabhar maoiniú a chur ar fáil d’ionchoisní, de réir phobalbhreith Tuairisc.ie

Níl Foster toilteanach aon cheo a dhéanamh go dtí go mbeidh réiteach cuimsitheach ann faoi oidhreacht na dTrioblóidí. Maíonn sise gurb é an t-easaontas idir Sinn Féin agus rialtas na Breataine is cúis leis an mhoill. Tá an rialtas meáite gur féidir fíricí áirithe a cheilt ar mhaithe le slándáil an stáit, ach ní ghlacann Sinn Féin leis sin. Níor ghá a bheith i do dhuine soiniciúil chun a mheas go bhfeileann an tsáinn sin do na húdaráis agus do pharaimíleataigh. Oireann sé dóibh mar nach gá aon rud a admháil, faoi mar a dúirt Eamonn McCann, Pobal Roimh Bhrabús, go neamhbhalbh san Tionól.

Díol suntais é gur ar an mBreatain amháin a fuair Sinn Féin locht faoi easpa gnímh maidir le hionchoisní. Tá an Státrúnaí nua, James Brokenshire, ag cuimilt meala leis an DUP agus tá socrú neamhionsaithe idir Sinn Féin agus an DUP, ó is iad amháin atá san Fheidhmeannas. Is dá réir sin nár cháin siad Arlene Foster faoina neamhghéilliúlacht ar an ábhar.

Tá cuid den mhilleán orthu uilig agus is iad na híobartaigh atá thíos leis. Níl cúis ar bith nach dtabharfaí faoi na hionchoisní cuma cén idirbheartaíocht eile atá ar siúl.

Thug plean an Phríomh-Bhreithimh uchtach do na teaghlaigh agus is buille sa bhreis dóibh an mhoilleadóireacht nua. Bhí an ceart ar fad ag an bPríomh-Bhreitheamh nuair a dúirt sé gur smál ar riar na córa é ionchoisne a bheith ceilte ar ghaolta. Is smál ar an bpolaitíocht é freisin, galamaisíocht in ionad gnímh.