Smachtú na nGardaí – snámh in aghaidh easa?

Bhí an t-athchóiriú ó bhonn a theastaíonn sa Gharda Síochána soiléir ó 2008 nuair a d'fhoilsigh an breitheamh Frederick Morris tuairisc ar mhí-iompar sna Gardaí i dTír Chonaill

Smachtú na nGardaí – snámh in aghaidh easa?

Smachtú na nGardaí – snámh in aghaidh easa?

Bhí an t-athchóiriú ó bhonn a theastaíonn sa Gharda Síochána soiléir ó 2008 nuair a d’fhoilsigh an breitheamh Frederick Morris tuairisc ar mhí-iompar sna Gardaí i dTír Chonaill

Cathal Mac Coille

Níor chuir Charlie Flanagan fiacail ann nuair a labhair sé tar éis don Údarás Póilíneachta tuairisc eile ar scannal na dtástálacha anála a fhoilsiú.

Chuir “an fíordhroch-iompar” a ndearnadh cur síos air sa tuairisc alltacht air, a dúirt an tAire Dlí agus Cirt. Caithfear Gardaí a smachtú, dar leis, i ngach cás ina bhfuil fianaise faoi mhí-iompair ar fáil. Ní foláir muinín a bheith ag an bpobal as an nGarda Síochána.

Tá go maith. Níl duine sa tír a déarfadh nach bhfuil géarghá le muinín an phobail. Ach is doimhne agus is deacra na ceisteanna a dhúisigh ráitis eile an Aire. Mar is eol dó, nuair a thagann comhcheilg chomh forleathan chun solais in eagraíocht ar bith, bíonn fostaithe ábalta constaicí den uile chineál a chur i mbealach gach fiosrúchán.

Is leor smaoineamh ar na bainc mar shampla den deacracht a bhaineann le fiosrú beartais a rinne díobháil mhór. (Níl coir ná mí-iompar á gcur i leith dhuine ar bith anseo, ar ndóigh). Is doimhne go mór an deacracht más eagraíocht bhaineann go dlúth le sábháilteacht an phobail agus an stáit atá á hiniúchadh.

Beidh na tástálacha anála nach ndearnadh riamh (1.9 milliún, de réir an chuntais is deireanaí) á bplé arís ag cruinniú den Údarás Póilíneachta ar an 23 Samhain. Tá treoir tugtha ag an gcathaoirleach Josephine Feehily don Choimisinéir Gníomhach Dónall Ó Cualáin tuairisc a dhéanamh ag an gcruinniú sin ar:

1. Smachtú atá beartaithe in aghaidh Gardaí a bhfuil fianaise prima facie ar fáil go ndearna siad coir nó gur sháraigh siad rialacha na nGardaí.

2. Smachtú atá beartaithe in aghaidh Gardaí sinsearacha nár thug freagra sásúil/ar bith ar cheisteanna faoi thástálacha anála.

3. Na beartais atá idir lámha chun stop a chur le soláthar bréagthuairiscí ar thástálacha anála as seo amach.

Tá an t-ádh ar an rialtas go bhfuil breitheamh cumasach agus beirt bhan chumasacha ag breithniú cé mar is féidir an Garda Síochána a thabhairt slán ón duibheagán seo.

Is léir cheana féin a dtaithí, a ndea-thoil agus a ndíograis.

Mar sin féin, ní bheidh Peter Charleton (Binse um Nochtuithe), Kathleen O’Toole (cathaoirleach an Choimisiúin um Thodhchaí na Poilíneachta) ná Josephine Feehily ag déileáil go díreach le Gardaí. Ní ar an triúr a bheas an fhreagracht ach oiread caighdeán nua iompair a chur i bhfeidhm, ná a chur ina luí ar Ghardaí nach nglacfar choíche leis an gcaighdeán íseal a bhí i réim go dtí seo.

Bhí an t-athchóiriú ó bhonn a theastaíonn go géar anois soiléir ó 2008 nuair a d’fhoilsigh an breitheamh Frederick Morris tuairisc ar mhí-iompar sna Gardaí i dTír Chonaill. Thug sé rabhadh soiléir sa tuairisc faoin chontúirt náisiúnta a bhí ag bagairt, agus dearcadh na nGardaí ar an bhfiosrúchán á cháineadh aige:

“It is clear that members of An Garda Síochána adopted a thoroughly uncooperative manner with my investigators. The Tribunal has noted the same attitude in testimony.”

Chuir an breitheamh Morris tairngreacht shoiléir ina thuairisc faoin toradh a bheadh ar an meon gan smacht a thug sé faoi deara i dTír Chonaill:

‘Ultimately, the gradual erosion of discipline within An Garda Síochána is a developing situation that will, sooner or later, lead to disaster.’

Naoi mbliana ó shin a scríobhadh na briathra thuas. Oireann siad fós mar chur síos ar an ngéarchéim inmheánach a bheidh le réiteach ag an gCoimisinéir nua.

Conas a thiocfar as an ngéarchéim sin? Tairngreacht eile, mar fhocal scoir. Más féidir le Coimisinéir nua caighdeán iompair agus cur chuige an fhórsa a fheabhsú (is mór an má é), tabharfaidh sé/sí tús áite do pholasaí éifeachtach amháin thar aon pholasaí eile.

Luathphinsin.

Fág freagra ar 'Smachtú na nGardaí – snámh in aghaidh easa?'

  • Hiy

    Cuireata gan gharda is ard a chacann sé…..a Chathail.