Sluamhaoiniú tosaithe d’fhiacha na Gréige

Tá feachtas tosaithe ar líne ag Sasanach le theacht i gcabhair ar mhuintir na Gréige

171401002_844407b

feachtas sluamhaoinithe curtha ar bun ar líne ar mhaithe le hairgead a bhailiú do tharrtháil na Gréige. Osclaíodh an leathanach IndieGoGo ar maidin agus tá os cionn €95,000 bailithe cheana féin do mhuintir na Gréige.

Is é Thom Feeney, as Eabhrac i dtuaisceart Shasana a chuir an leathanach ar bun. Ta Feeney ag cur faoi i Bethnal Green i Londain agus ag obair i siopa bróg sa chathair chéanna. Tá sé ráite ar an suíomh aige nach jóc atá sa leathanach ach go gcreideann sé i gcoincheap an tsluamhaoinithe.

“Bhí mé dubh dóite den anonn is anall síoraí agus de pholaiteoirí a bheith idir dhá chomhairle faoi seo agus faoi siúd. Tá tionchar ag na gnóthaí seo ar an gcosmhuintir. Is furasta do na polaiteoirí dearmad a dhéanamh air sin agus an plé ar fad ag dul ar aghaidh. Dúirt mé liom féin ‘bíodh an diabhal acu, triailfidh mé é’,” a scríobh sé.

Maíonn sé freisin nach bhfuil aon bhaint aige le polaitíocht na Gréige ná leis an suíomh sluamhaoinithe IndieGoGo. Níl aon teagmháil déanta aige le ceannairí an hEorpa ná na Gréige go dtí seo ach an oiread ach d’fháilteodh sé roimh a leithéid.

Tá sé ag súil go mbainfear an sprioc de €1,600,000,000 amach roimh dheireadh na seachtaine. Deir sé go bhféadfaí é seo a dhéanamh go héasca dá dtabharfadh gach saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh €3 sa phota.

Fearacht tograí eile sluamhaoinithe, tabharfar duaiseanna do mhaoinitheoirí bunaithe ar an méid a gheallann siad don togra. Is é €3 an tabhartas is ísle is féidir a thabhairt agus bronnfar cárta poist ón nGréig ar an té a thabharfaidh an méid sin. I measc na nduaiseanna eile, tá sailéad ológ agus cáise na Gréige ar €6, buidéal Ouzo ar €10, buidéal fíona ar €25 agus go leor eile, ina measc saoire do bheirt sa Ghréig ar €5,000.

Bhí “Oileán Gréige” le bronnadh ar an té a thabharfadh an €1.6b ina iomláine ach baineadh é sin de liosta na nduaiseanna toisc nach raibh a bhfocal tugtha ag Rialtas na Gréige go bhféadfaí é a thairiscint.

Dúirt Feeney gur ón nGréig féin a thiocfaidh na duaiseanna ar fad agus gur sa tír sin a dhéanfar iad.

“Sin cuid den smaoineamh; ba mhór an cúnamh an trádáil sin don Ghréig agus do mhuintir na Gréige agus cabhróidh sé lena gcás. Féadfaidh muid uilig cúnamh a thabhairt do na Gréigigh trí earraí Gréigeacha a cheannach,” a mhínigh sé.

Sa chás nach mbainfear an sprioc de €1.6b amach tabharfar an t-airgead ar fad ar ais do na daoine a gheall é.

Fág freagra ar 'Sluamhaoiniú tosaithe d’fhiacha na Gréige'