‘Slí na Sceilge’ i measc na 10 gceantar iargúlta is fearr ar domhan ar liosta The Lonely Planet

Deir lucht foilsithe na dtreoirleabhar cáiliúil go bhfuil ‘Slí na Sceilge’ ‘sceirdiúil agus álainn’

‘Slí na Sceilge’ i measc na 10 gceantar iargúlta is fearr ar domhan ar liosta The Lonely Planet

Tá ‘Slí na Sceilge’, nó ‘The Skellig Ring’, ainmnithe ag The Lonely Planet ar na deich gceantar is fearr ar domhan le turas a thabhairt orthu. Tá an bóthar 18km, mar a bhfuil An Caladh, Dairbhre, An Coireán, agus Baile an Sceilg, sa deichiú háit ar an liosta de na ceantair ‘ar chúl éaga a chaithfear aird a thabhairt orthu’ sa ‘Best in Travel 2017’ ag an Lonely Planet.

Deir lucht foilsithe na dtreoirleabhar cáiliúil go bhfuil ‘Slí na Sceilge’ ‘sceirdiúil agus álainn’ agus cé go leagtar béim ar Sceilg Mhíchíl féin agus ról an oileáin sa scannán Star Wars: The Force Awakens, deirtear go bhfuil go leor eile le déanamh sa cheantar.

Moltar stair shaibhir na háite agus na siúlóidí atá ar fáil ann. Luaitear go sonrach Trá Bhaile an Sceilg, a bhfuil stádas na Brataí Goirme aici, agus an Caifé Cois Trá mar a bhíonn margadh gach Domhnach ar an mbaile céanna.

I measc na gceantar eile atá ar liosta na gceantar a d’fhoilsigh an Lonely Planet inniu, tá Choqueguirao i bPeiriú, atá sa chéad áit, Taranaki na Nua-Shéalainne, na hAsóir sa Phortaingéil agus ceantar Eryri na Breataine Bige.

Fág freagra ar '‘Slí na Sceilge’ i measc na 10 gceantar iargúlta is fearr ar domhan ar liosta The Lonely Planet'