Slí na gCopaleen, ceiliúradh ar Bhrian Ó Nualláin, ar siúl i nGort an Choirce an deireadh seachtaine seo

Ba dhlúth an ceangal a bhí ann idir muintir Uí Nualláin agus Gaeltacht Thír Chonaill agus déanfar ceiliúradh ar Bhrian Ó Nualláin agus ar a shaothar i nGort an Choirce an deireadh seachtaine seo

Flann_OBrien_Festival_Flann_OBrien_1380x715

Déanfar ceiliúradh an deireadh seachtaine seo ar an scríbhneoir Brian Ó Nualláin, a bhíodh ag scríobh den chuid is mó faoi na hainmneacha cleite Flann O’Brien agus Myles na gCopaleen, agus an ceangal a bhí aige leis an nGaeltacht i nGort an Choirce.

Beidh leathchéad bliain ó bhásaigh Brian Ó Nualláin ann ar an 1 Aibreán i mbliana agus déanfar ceiliúradh an uair sin ar fud na tíre ar a shaol agus ar a shaothar.

Bhíodh muintir Uí Nualláin ag teacht ar cuairt chuig Gaeltacht Dhún na nGall ar feadh blianta agus ba mhór an tionchar a bhí ag an gceantar, idir thírdhreach, theanga agus phobal, ar Bhrian agus é ag fás aníos.

Déanfar ceiliúradh ar an údar i nGort an Choirce an deireadh seachtaine trí ‘Slí na gCopaleen’ a dhéanamh – turas rothaíochta timpeall an cheantair i gcuimhne ar an turas a thug an Nuallánach lena chuid cairde i ndiaidh dó a chuid scrúduithe a chríochnú i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Leanfaidh an turas rothaíochta seo an bealach ón mBealtaine, thar Shruthán, síos go Cill Ulta agus isteach go Gort an Choirce féin. Déanfar léamh agus aithris ar shaothar Uí Nualláin ag áiteanna éagsúla ar feadh an bhealaigh.

Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 12 agus an 13 Feabhra, beidh deartháir Bhriain, Míchéal, an t-aon duine dá mhuintir a mhaireann beo, i láthair i nGort an Choirce le tús a chur leis na himeachtaí.

Beidh taispeántas ealaíne de chuid Mhíchíl Uí Nualláin sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair ag 7 pm Dé hAoine sula mbogfar ar aghaidh go Gort an Choirce don chuid eile den cheiliúradh – an turas rothaíochta agus píosaí cainte faoi Bhrian agus a shaothar. I measc na gcainteoirí, beidh an Dr Breandán Ó Conaire, a bhfuil go leor staidéir déanta aige ar shaothar an Nuallánaigh. Taispeánfar chomh maith clár nua faisnéise atá déanta ag Dearg Films faoin Nuallánach.

Mar chuid de na himeachtaí eile déanfaidh aisteoirí as Gort an Choirce féin léiriú ar an dráma, Thirst, a scríobh Ó Nualláin.

Fág freagra ar 'Slí na gCopaleen, ceiliúradh ar Bhrian Ó Nualláin, ar siúl i nGort an Choirce an deireadh seachtaine seo'