Slánú na hiriseoireachta scríofa?

Díolann an suíomh Blendle ailt as foilseacháin chlóite na hÍsiltíre ina gceann is ina gceann. Agus infheistíocht trí mhilliún euro déanta sa chomhlacht ag The New York Times agus foilsitheoir tábhachtach ón nGearmáin, is gearr go mbeidh ‘iTunes na hiriseoireachta’ ar fáil go hidirnáisiúnta.

Typewriter

Tá an coincheap simplí go leor.

Le blianta anuas, tá nós ag muintir na hÍsiltíre – dream a bhfuil an cháil orthu go gcoinníonn siad súil ar na pingineacha – grianghraif a thógáil d’ailt as foilseacháin chlóite chun na hailt sin a scaipeadh ar na meáin shóisialta. Ar an gcaoi sin, ní theastaíonn síntiús daor ó gach duine chun ábhar léitheoireachta a roinnt agus a phlé agus mura dteastaíonn uait ach alt áirithe amháin a léamh, ní bhíonn ort nuachtán nó iris iomlán a cheannacht.

‘Ach seo an 21ú hAois,’ a smaoinigh Alexander Klöpping agus Marten Blankesteijn, bunaitheoirí Blendle, dhá bhliain ó shin.

‘Caithfidh sé go bhfuil bealach níos nua-aimseartha ann.’ D’éirigh leis an mbeirt deontas dhá chéad míle euro a fháil ó Roinn Chultúir, Oideachais agus Eolaíochta na hÍsiltíre chun a gcoincheap a fhorbairt: suíomh a dhíolann ailt ó fhoilseacháin chlóite ina gceann is ina gceann.

Tá toradh a saothair le feiceái ag www.blendle.nl.

Foilseacháin thraidisiúnta ar bord

D’éirigh le Klöpping agus Blankesteijn na nuachtáin agus na hirisí móra ar fad san Ísiltír a thabhairt leo.

Ach an oiread leis an gcuid eile den domhan, tá titim mhór ar dhíolachán na bhfoilseachán clóite san Ísiltír; níl ag éirí le foilsitheoirí dóthain airgid a dhéanamh ar a suíomhanna idirlín agus tá an iriseoireacht scríofa i sáinn dá bharr.

Slánú de chineál éigin atá in Blendle: dar le figiúirí an chomhlachta féin, daoine óga agus meánaosta – na haoisghrúpaí a d’éirigh as foilseacháin chlóite a cheannacht blianta fada ó shin – is mó a bhaineann úsáid as an suíomh.

Bhí na foilsitheoirí sásta dul sa tseans – fiú agus Blendle i gcomórtas leo féin.

Ag brath ar an bhfoilseachán agus ar fhad an ailt, cosnaíonn sé idir deich agus ochtó cent alt a léamh. Leis an bhfoilseachán a íoctar seachtó faoin gcéad den táille sin.

Tagann Blendle i dtír go mór ar an nós atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas ailt a roinnt agus a phlé ar na meáin shóisialta. Go deimhin, tá an roinnt agus an phlé seo ina gcuid lárnach den choincheap: is féidir léitheoirí eile a leanúint laistigh den suíomh mar a dhéantar, mar shampla, ar Twitter.

Infheistíocht idirnáisiúnta

Gan Blendle ach leathbhliain ar an bhfód, tá os cionn céad míle léitheoirí Ísiltíreacha tar éis clárú.

An mhí seo caite, d’fhógair The New York Times agus an comhlacht Gearmánach Axel Springer SE, a fhoilsíonn na nuachtáin mhóra Bild agus Die Welt, go bhfuil infheistíocht trí mhilliún euro déanta acu in Blendle; is leis na foilsitheoirí seo 23 faoin gcéad den chomhlacht anois.

Le tamall anuas, tá léitheoirí Ísiltíreacha Blendle in ann ailt i mBéarla ó The Economist a léamh ar an suíomh, ach tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil ann ach ceist ama go dtí go mbeidh Blendle ag díriú go mór ar mhargaí an Bhéarla agus na Gearmáinise.

Réiteach na faidhbe?

Ach an é ‘iTunes na hiriseoireachta scríofa’, mar a thugann bunaitheoirí Blendle ar a gcomhlacht go minic, slánú na hiriseoireachta scríofa? Tarlaíonn sé go bhfoilsítear an chuid is mó de na hailt a scríobhaim féin in Ísiltíris (mo theanga dhúchais) ar Blendle agus go dtí seo, ní dhearna mé saibhreas mór. Tá céad míle duine cláraithe leis an suíomh, ach ní chiallaíonn sé sin go gceannóidh siad sin gach alt!

Ach mar léitheoir, admhaím go bhfuil bua ar leith ag Blendle mé a mhealladh chun creidmheas a cheannacht arís is arís eile, rud nár éirigh le haon suíomh nuachta íoctha eile a dhéanamh go dtí seo.

Ní amháin sin, ach is iomaí uair a cheannaigh mé alt as foilseachán nach n-osclóinn go brách dá mbeadh sé romham i siopa nuachtán.

Cá bhfios nach mbeidh dóthain léitheoirí ann as seo go ceann roinnt blianta le go mbeidh foilsitheoirí (agus na hiriseoirí a fhostaíonn siad) in ann teacht i dtír ar an áis nua seo?