Slán leis na cluichí leathcheannais agus na scéalta eile a bhí le foghlaim ó chluichí sraithe an deireadh seachtaine

Cluichí aontaobhacha a bhí le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo ach, ar an dea-uair, ní bheidh orainn cur suas leis na coimhlintí gan dealramh seo ó 2017 ar aghaidh

INPHO/Cathal Noonan
Éamonn Fitzmaurice, bainisteoir Chiarraí. INPHO/Cathal Noonan

Deacrachtaí Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh

Agus Ciarraí cáilithe do chluiche ceannais na sraithe den chéad uair ó 2009, tabharfaidh sé deis d’Éamonn Fitzmaurice agus a chuid imreoirí deireadh a chur leis an tréimhse ceannais a bhí Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh le cúpla bliain anuas.

Ó 2011, tá seacht gcluiche imeartha ag na foirne in aghaidh a chéile i gceannáras CLG agus níor bhuaigh Ciarraí ach ceann amháin acu, cluiche sraithe in 2012. Ceithre huaire atá Baile Átha Cliath imeartha ag Ciarraí faoi cheannas Fitzmaurice i bPáirc an Chrócaigh – faoi dhó sa tsraith, dhá uair eile sa chraobh – agus tá gach ceann de na cluichí sinn caillte ag fir na Ríochta.

éiríonn leo an tseachtain seo chugainn, bainfidh Fitzmaurice sásamh ar leith as an gceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh. Ar ndóigh chuirfeadh sé an dlaoi mhullaigh ar an scéal dá n-éireodh leo an corn a bhuachan ag an am céanna.

Ceann de chomhbhainisteoirí, Fergal O'Donnell. INPHO/Colm O'Neill
Ceann de chomhbhainisteoirí, Fergal O’Donnell. INPHO/Colm O’Neill

I ndiaidh obair an earraigh, caithfidh Ros Comáin an fómhar a bhaint

Agus an tríú cluiche as a chéile anois caillte ag Ros Comáin, is leamh an deireadh a chuir an contae lena bhfeachtas sraithe. Tugadh greadadh dóibh an Domhnach seo caite in aghaidh Chiarraí agus tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus, níos tábhachtaí fós, Mhaigh Eo i mbabhtaí a agus a seacht den tsraith, is cinnte go bhfuil cuid mhaith den mhisneach a bhí acu mí ó shin caillte acu.

Is é an cúram atá anois ar O’Donnell agus McStay ná na himreoirí a thabhairt le chéile arís agus díriú ar na gnéithe dearfacha de scéal sraithe. Caithfear aghaidh a thabhairt chomh maith, ar ndóigh, ar na laigí a bhí iontu, an droch-chosaint in aghaidh Chiarraí cuir i gcás, a chur ina gceart.

Ar bhealach, d’fhéadfadh siad tairbhe a bhaint as na cailliúintí seo. Bhí feachtas sraithe iontach ag Ros Comáin anuraidh, iad ag buachan Roinn 2. Ba léir, áfach, go raibh siad beagáinín róshásta leo féin agus nuair a thosaigh an chraobh, tháinig Sligeach aniar aduaidh orthu i gConnachta. Tar éis dóibh cailleadh le deich bpointe an Domhnach seo caite, seans maith nach mbeidh siad chomh réchúiseach céanna i mbliana.

Aidan O'Mahony (Ciarraí) agus Kevin McManamon (Baile Átha Claith). INPHO/Ryan Byrne
Aidan O’Mahony (Ciarraí) agus Kevin McManamon (Baile Átha Claith). INPHO/Ryan Byrne

Drochsheans go bhfeicfear Ciarraí agus Baile Átha Cliath le chéile ina on chluiche ceannais eile i mbliana

gur chluiche bocht go maith a bhí i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, is beag duine nach mbeadh ag iarraidh Baile Átha Cliath agus Ciarraí a fheiceáil in adharca a chéile arís an fómhar seo agus iad sa tóir ar Chorn Sam Mhig Uidhir.

Faraor, agus iad anois ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na sraithe faoi cheann coicíse, is beag seans go bhfeicfimid iad ag imirt a chéile i gcluiche ceannais na craoibhe, mura mbristear nós.

Ó thosaigh an tsraith i 1925, níor tharla sé ach uair amháin gur ghlac an dá fhoireann chéanna páirt i gcluiche ceannais na sraithe agus cluiche ceannais na craoibhe, sin iad Ciarraí agus Cill Dara i 1929 nuair a thug na Muimhnigh an dá chorn leo.

Ar ndóigh, tá sé beartaithe go n-imreoidh curaidh na Mumhan in aghaidh churaidh Laighean i gcluiche leathcheannais na hÉireann i mbliana, agus dá bharr sin is mó an seans go mbeadh Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sna babhtaí leathcheannais.

Leo McLoone (Dún na nGall). INPHO/Cathal Noonan
Leo McLoone (Dún na nGall). INPHO/Cathal Noonan

Slán le cluichí leathcheannais na sraithe

Ar an dea-uair, is é 2016 an uair dheireanach go bhfeicfidh muid cluichí leathcheannais na sraithe, go ceann roinnt mhaith blianta eile ar a laghad. Deich bpointe an taobh a bhí mar fharasbarr ag Baile Átha Cliath agus Ciarraí i gcluichí an Domhnaigh agus, ar bhealach, cuireadh clabhsúr le na babhtaí leathcheannais.

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, ba léir gur chuma le bainisteoir Dhún na nGall Rory Gallagher faoin gcluiche leathcheannais agus seachtain saoire tugtha aige dá chuid imreoirí roimh ré. Tá tús na craoibhe níos gaire do dheireadh na sraithe ná mar a bhíodh agus ní hiad Dún na nGall an t-aon fhoireann nach raibh chomh gafa sin leis na cluichí leathcheannais.

Imríodh na babhtaí leathcheannais den chéad uair i sraith na bliana 2012 agus sna deich gcluiche atá imeartha ó shin, bhí farasbarr de níos mó ná trí phointe ag na buaiteoirí i seacht gcinn acu. Ní mór na deora a shilfear de bharr iad a bheith caite i leataobh ó 2017 ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Slán leis na cluichí leathcheannais agus na scéalta eile a bhí le foghlaim ó chluichí sraithe an deireadh seachtaine'