Slán leis an siopa beag tuaithe, ‘An Christmas Box’ agus an builín sa ‘drawer’

Níl na siopaí beaga in ann a dhul i gcomórtas leis na hollmhargaí agus is iad Lidl agus Aldi na háiteacha is mó a gcasfar daoine aitheantais ort i gConamara anois

Slán leis an siopa beag tuaithe, ‘An Christmas Box’ agus an builín sa ‘drawer’

Ag rothaíocht ó Theach an Phobail – i bhfad siar i gConamara. Fear den bhaile agus builín uaidh. Ba é seo an seans deireanach ar an mbealach abhaile dó. Bhí faisean aige rud éigin a cheannach i chuile shiopa de na trí cinn a ngabhfadh sé tharstu ar na mbealach ón Aifreann. D’fhág sé an builín nó go sroichfeadh sé an tríú siopa.

Ní raibh aon bhuilín le tabhairt faoi deara ar an gcéad amharc. ‘A dhiabhail, a Nóra, ach a bhfuil aon bhuilín ag gabháil leat?’ Bhí Nóra taobh amuigh den doras dúnta ag beathú na gcearc. Ar éigean go raibh sí ag fáil brí ar an gceist lenar ghabh de ghlug-glug thimpeall uirthi. ‘Céard atá uait, shilfeá go mbeadh foighid agat.’ D’ardaigh an fear bocht a ghlór. ‘Builín, a Nóra!’.

Choinnigh Nóra uirthi ag beathú na gcearc; bhíodh na builíní istigh i gceann de na cófraí sa gcistineach. Thug sí treoir don chustaiméara: ‘Óra breathnaigh im mo ‘dhrawer’ agus ná bí do mo bhodhrú.’

Pé ar bith caoi a d’fhág an freagra seo ar an bhfear mánla tíriúil, níl a fhios againn.

Mar a deirtear ar an gclár Judge Judy ar an teilifís ‘real people’ a bhí iontu seo. Tá siad imithe ar shlí na fírinne le fada ach maireann an scéal fós.

Ní mhaireann an siopa cisteanaí seo ná cuimse dá leithéid a bhí ar fud na tuaithe san aimsir a caitheadh. Agus ní dóigh go gcloisfear scéalta mar seo de bharr siopadóireacht na Nollag i Lidl agus in Aldi. Níl tada i bhfolach sa ‘drawer’ sna siopaí ildaite sin ach chuile shórt ar aghaidh do shúl ag mealladh an euro as do phóca.

Na siopaí beaga tuaithe sin a bhí ina Lidl agus Aldi i mbailte fearainn ar fud na tuaithe, tá siad scuabtha chun bealaigh ag sruthanna móra an tsaoil. Níl iontu anois ach iarsma san intinn acu siúd a chonaic an t-eireaball deireanach den tsaol sin. Ach, tráth den tsaol, ba iontu a rinneadh siopadóireacht na Nollag agus bhí seanchas agus scéalta ag baint leis an trácht sin.

Bhíodh scéal ag mo mháthair chuile Nollaig faoin oíche Nollag a ndeachaigh sí féin agus a máthair de shiúl a gcos cúpla míle chuig ceann de na siopaí tuaithe seo.

Mhionnódh sí go dtí lá a báis go bhfaca sí coinneal lasta ar thaobh an bhóthair agus an choinneal sin ag caitheamh solas gléigeal uaithi beag beann ar ghaotha an gheimhridh. Cá bhfios nach bhfaca.

Ach, ní i gcónaí a bhíodh solas agus sólás ag baint le cuairt na Nollag ar an siopa beag tuaithe; bhraith go leor ar an Christmas Box’. D’airigh lucht an tsiopa go raibh dualgas orthu ‘Christmas Box’ a thabhairt do na custaiméirí agus bhíodh na custaiméirí ag súil leis freisin.

Má rinneadh siopadóireacht láidir i gcaitheamh na bliana bhítí ag súil go mbeadh téagar dá réir sa Christmas Box. Ní raibh páipéar ildaite ná sreangáin ghalánta fáiscthe ar an Christmas Box – punt tae, dhá phunt siúcra agus coinneal mhór na Nollag. B’fhéidir go mbeadh píosa tobac leis ach má bhí, bhí deatach curtha in aer ar a shon sin i gcaitheamh na bliana.

Ar ndóigh, ní gá go mbeadh an ‘Christmas Box’ chomh téagartha i gcónaí leis an mbeartán atá luaite ansin. Go deimhin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ann ach coinneal mhór na Nollag agus b’in masla don chustaiméara.

Bhíodh na ‘Christmas Boxes ‘seo ina n-ábhar cainte ar leic an teallaigh aimsir na Nollag – siopadóir amháin curtha i gcomórtas le siopadóir eile agus beagán déanta de chuid acu agus dá gChristmas Box. Ach chuile sheans gurbh í fírinne an scéil go raibh sé ag dul sách crua ar chuid de na siopadóirí beaga féin a ngnó beag a choinneáil ag imeacht gan a bheith ag scaradh leis an ‘Christmas Box’.

Rinne fear roinnt comhairimh dom le gairid agus chuaigh sé cúpla míle bóthar as an gCaiseal agus isteach go pobal Charna in iarthar Chonamara. Níorbh fhada nó go raibh trí cinn déag de na siopaí tuaithe nach maireann luaite aige.

D’imigh na siopaí beaga tuaithe sin agus is iad siopaí na sráidbhailte a tháinig ina n-áit – cosúlacht ollmhargaí beaga ar chuid acu sin le himeacht aimsire.

Ait go leor, is mó atá an Nollaig ag cur as do chuid mhaith de na siopaí tuaithe anois; tá deiseanna taistil ag daoine agus tá siad ag triall ar na bailte móra. Is mó fonn atá ar dhaoine a dhul chuig na siopaí móra cathrach faoin Nollaig nuair atá siopadóireacht mhór le déanamh. Níl na siopaí beaga in ann a dhul i gcomórtas leis na hollmhargaí. Is iad Lidl agus Aldi na háiteacha is mo a gcasfar daoine aitheantais ort in iarthar Chonamara anois.

Níl aon Christmas Box le fáil iontu ach níl an siopa beag in ann a dhul i gcomórtas leo ar phraghsanna. Sa deireadh thiar thall, gabhfaidh daoine i dtreo na háite is fear a bhfuil margadh le fáil ann; luíonn sé le réasún. An fear den bhaile a d’fhág beagán scilleacha i chuile cheann de na siopaí beaga a bhí gar do bhaile – agus a d’fhág an builín go deireadh an aistir – bhain sé le saol eile nach bhfeicfear arís.

Tá na hollmhargaí móra ag cur an bhuin sa siopa beag an Nollaig seo.

Fág freagra ar 'Slán leis an siopa beag tuaithe, ‘An Christmas Box’ agus an builín sa ‘drawer’'

  • Micilinmuc

    an-mhaith – treise leat, M