Siúlann siad tharat amhail is nach raibh tú ar an láthair ar chor ar bith…

Is mór idir iompar imreoirí roimh chluichí ceannais fadó agus iompar imreoirí an lae inniu ach tá rud le foghlaim ó na deasghnátha i gcónaí

Siúlann siad tharat amhail is nach raibh tú ar an láthair ar chor ar bith…

Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Faoi seo, cuma ar imreoirí gairmiúla nó amaitéaracha a bhíonn i gceist, is beag idir an bealach a dtugann foirne móra in aon spórt faoin lá mór nuair a thagann sin.

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar chluiche iomána na bliana an deireadh seachtaine seo fágfaidh imreoirí na Gaillimhe agus Phort Láirge a gcontaetha le moch na maidine Dé Domhnaigh ar bhusanna galánta. Déanfaidh an mionlach acu beagán comhrá lena chéile, ach ní chorróidh a mbunáite as na suíocháin agus iad ag éisteacht lena rogha cheoil ar chluasáin.

Beidh buidéal uisce i nglac gach mac máthar agus an cúram ar dhuine éicint ar bord a chinntiú go ndéanfar iad a fholmhú go rialta. Bainfidh bus na Gaillimhe páirceanna imeartha Chumann na bhFianna ar Bhóthar Mhóibhí amach timpeall 11am – na Déisigh club éigin eile – agus caithfidh siad 40 nóiméad ag síneadh agus ag searradh go gcinnteoidh siad nach bhfuil siad stromptha.

Ansin suífidh siad chun boird – bí cinnte nach mbeidh an rís dhonn, an pasta lánchruithneachta, an sicín agus na torthaí i bhfad ó bhaile – bianna atá íseal ar an innéacs glicéime agus a ndéantar siúcra díobh go mall. Bheadh siúcra déanta ag fataí, arán agus ag deochanna milse sula dtiocfadh tús na himeartha, ní áirím leath ama.

Ar feadh mo shaoil bhíodh nós agam a bheith i láthair dá bhféadfainn ar chor ar bith é nuair a bhaineadh na foirne ceann scríbe amach. Sna sean-laethanta nuair ba nós le foirne go leor fanacht in Óstán Barry’s in aice le Sráid Uí Chonaill, is é a dhéanadh na himreoirí ná a dhul go Páirc an Chrócaigh de shiúl na gcos agus iad feistithe chun catha – fiú na bróga a bhíodh ag baint trup as an gcosán.

Ina dhiaidh sin, thosaigh oifigigh na gcoistí contae á dtabhairt leo ina gcarranna féin – bhí Corcaigh céim chun cinn ar an dream eile agus is maith is cuimhin liom iadsan ag teacht go Páirc an Chrócaigh agus go Durlas i dtacsaithe móra dubha.

Ba sna 1960idí agus tús na 70idí a facthas réimeas na dtraenacha ach tá sin fágtha anois faoin lucht leanta agus a gcuid cannaí a chinnteoidh le leachtanna níos láidre ná an t-uisce nach mbíonn aon tart orthu féin ar shroichint pháirc an áir dóibh.

Inniu téann busanna na bhfoirne caol díreach isteach go Páirc an Chrócaigh tríd an ngeata idir Ardán an Ógánaigh agus droichead na traenach – in 2008 nuair a d’imir Port Láirge sa gcluiche ceannais go deireadh, bhí an bus ina raibh siadsan rómhór agus b’éigean do na himreoirí an 100 méadar deireanach a dhéanamh de shiúl a gcos. Bí cinnte nach dtarlóidh sé in athuair.

Is mór atá le foghlaim ó bheith ag breathnú ar imreoirí éagsúla ag teacht den bhus céanna agus ag bailiú a gcuid feistis as a bholg.

Ní chrochann a bhformhór a gcloigne beag ná mór, an ceol fós ag múchadh na timpeallachta agus torann na staide. Siúlann siad sin tharat amhail is nach raibh tú ar an láthair ar chor ar bith. B’fhéidir go gclaonfadh siad siúd a mbeadh aithne agat orthu a gceann sula dtugann siad aghaidh ar an bpluais ar a dtugtar ‘an seomra feistis’ agus ar an bpríobháideachas.

Sa lá atá inniu ann tagann na himreoirí amach ar an bpáirc faoi dhó sula dtosaíonn an imirt – tuilleadh den searradh i gceist leis an gcéad chuairt sula bhfilleann siad ar an áit ina dtugtar an chomhairle dheireanach dóibh.

Ní ar mhaithe leis an aclaíocht ar fad a thagann siad amach an chéad gheábh. An chuairt sin a thugann an taithí dóibh ar ghlór na páirce agus a fhágann blaiseadh de thaibhseacht na hócáide freisin acu.

Ní raibh mé riamh i seomra feistis i bPáirc an Chrócaigh ag leath ama, ach ba mhinic ansiúd mé sular thosaigh an imirt agus nuair a chríochnaigh sí – creid uaimse é, níor tugadh obair níos measa riamh d’iriseoir ná iarraidh orthu cuairt a thabhairt ar sheomra na gcaillteoirí.

Fágann an aois ina maireann muid go mbíonn oiread den dráma ag baint leis an lá mór agus a bhíonn den spórt agus chí Dia mura mbaineann na meáin iomlán leasa as sin – chuile mhac máthar agus iníon athar acu ar a bhionda ag iarradh óráid Al Pacino sa scannán Any Given Sunday a thabhairt ina beatha arís.

Ní chloisfear deireadh go deo faoin gcaoi ar ghreamaigh Joe Kernan bonn an chaillteora a bhí aige féin ó 1977 i mballa an tseomra feistis nuair a chaith sé uaidh é agus é ina bhainisteoir ar an bhfoireann a bhí chun deiridh ar Chiarraí ag leath ama in 2002.

Dá fheabhas é Joe Mór agus dá mhéid cainte ar a chumas drámaíochta, níorbh é sin a chinntigh go raibh Craobh na hÉireann buaite ag a cuid peileadóirí den chéad uair riamh dhá fhichead nóiméad ina dhiaidh sin.

Bhí Darragh Ó Sé ar an bpáirc é féin an lá sin. San Irish Times an tseachtain seo caite a chonaic mé óna pheann an léamh is ciallmhaire dá bhfaca mé go dtí seo ar an rud a thuilleann an bua ar an lá mór.

‘I often find it funny that pundits spend so much time breaking down game plans and tactical mistakes and all that jazz. They pay so much attention to it without actually informing the public of the level of importance to attach to it.

Players play. That’s the long and the short of it. Some play well and some play badly.

In an All Ireland Semi-Final or Final you generally need 10 guys to play well and maybe two to be exceptional.’

Tuigim nach bhfuil sé ráite áit ar bith ag an bhfear mór gur beag maitheas atá sna scuabadóirí, síceolaithe, zónanna, ríomhairí, diaitéitic, anailísithe, srl.

Ach is maith a thuigim a phointe.

Fág freagra ar 'Siúlann siad tharat amhail is nach raibh tú ar an láthair ar chor ar bith…'