Siúl Siar ar 2016 le…Sharon Ní Chonaire

Labhair Tuairisc.ie bean Chor na Rón, Sharon Ní Chonaire, faoina cuimhní ar 2016, bliain inar bhuaigh sí Craobh Dhomhanda sa tógáil meáchai

Siúl Siar ar 2016 le…Sharon Ní Chonaire

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2016?

Níl aon dabht faoin gceann seo. ’Sé an rud is deise a tharla in 2016 ná go raibh mé i m’aintín faoi dhó taobh istigh de mhí amháin. Saolaíodh Páidí i mí Iúil agus cúpla seachtain ina dhiaidh sin tháinig Abbie ar an saol.

An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2016?

Níl aon aiféala orm faoi rud ar bith a tharla i mo shaol in 2016. Creidim go láidir go bhfuil fáth go dtarlaíonn rudaí.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2016?

Is é an rud is mó a chuir áthas orm in 2016 ná gur bhuaigh mé an chraobh dhomhanda sa tógáil meáchain agus níos deise fós, go raibh mo Dheaide thall in éineacht liom.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2016?

Oibríonn obair chrua i gcónaí.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana 2016?

D’éirigh liom curiarracht dhomhanda a bhaint amach sa Squat, rud a bhí ar intinn agam an bhliain uilig

Fág freagra ar 'Siúl Siar ar 2016 le…Sharon Ní Chonaire'