Súil Siar ar 2016 le…Ciarán Kilkenny

Labhair Tuairisc.ie leis an bpeileadóir faoina chuimhní ar 2016, bliain inar bhuaigh sé an tsraith, Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath

Súil Siar ar 2016 le…Ciarán Kilkenny

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2016?

Cúilín Eoghan O’Gara, thug sé an lámh in uachtar dúinn i gcoinne Chiarraí. Bhíomar trí chúilín taobh thiar ach thángamar ar ais agus d’aimsigh Eoghan an cúilín cinniúnach sin chun an cluiche a bhuachan.  Bhí mé an-sásta leis sin.  Bhain gortú dona dó agus d’oibrigh sé go han-dian le bheith ar ais ar an bpáirc.

An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2016?

Níl mórán i ndáiríre, bhí bliain iontach againn agus bhí an t-ádh linn an chraobh a bhuachan arís.  Tá saol an spóirt an-chasta agus caithfidh tú a bheith sásta le haon rud a bhuann tú.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2016?

Na trí chúilín a d’aimsigh Cormac Costello, tá tallann den scoth aige, agus d’oibrigh sé go dian i mbliana! Laoch óg!

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2016?

D’fhág cúpla leaid a bhí an-chairdiúil liom an painéal ach sin é an spórt.  Ní bhíonn in aon rud ach seal agus bainim sásamh as gach aon chuid de nuair is féidir.

Céard é an ceacht is mó a d’fhoghlaim tú in 2016?

Sult a bhaint as gach soicind le chéile mar fhoireann. D’fhéadfadh mionrudaí beaga an bhliain ar fad a athrú i bpreabadh na súl agus caithfimid sult agus sásamh a bhaint as gach uile nóiméad de.

Ar éirigh leat aon rún a bhí agat ag tús 2016 a fhíorú?

Bhí sé mar aidhm agam an tsraith, craobh Laighean, agus bonn uile-Éireann a bhuachan.  Níor éirigh liom bonn a bhuachan leis an gclub ach tabharfaimid faoi arís an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé.

Fág freagra ar 'Súil Siar ar 2016 le…Ciarán Kilkenny'