Súil Siar ar 2016 le…Caitlín Nic Aoidh

Labhair Tuairisc.ie leis an láithreoir teilifíse de chuid TG4 Caitlín Nic Aoidh faoina chuimhní ar 2016

Súil Siar ar 2016 le…Caitlín Nic Aoidh

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2016?

Bhí bliain mhaith agam i mbliana agus rinne mé an oiread sin fosta ach sheas an turas thart timpeall oirthear na hEorpa amach mar cheann do na cuimhní is mó a bhí agam. Bhí cailíní a ndeachaigh mé ’na coláiste leo in éineacht liom agus rinne muid an oiread gáire. Cosúil le go leor Éireannach, tá siúl sna cosa agam agus níl rud ar bith a chuireann níos mó gliondair ar mo chroí nó tíortha nua a fheiceáil agus foghlaim faoin chultúr atá acu sa tír sin.

An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2016?

Cuireann sé isteach orm nach bhfuil an chuma air go mbeidh stad leis an chogadh sa tSiria go luath agus go bhfuil na daoine sa tír sin ag fulaingt go holc.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2016?

Caithfidh mé a rá go raibh an cleas aimsire a rinne mé oíche Shamhna agus TG4 ag ceiliúradh 20 bliain mar bhuaicphointí a sheas amach domsa. Chomh maith leis sin scaip físeán na  haimsire ar fud na cruinne agus bhí an Ghaeilge le cloisteáil ar stáisiúin teilifíse ar fud na cruinne agus an BBC agus CNN ina measc. B’in an chéad uair gur chuala daoine an Ghaeilge agus tá mé bródúil as mar go ndearna muid ar bhealach taithneamhach tarraingteach é.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2016?

Ní scéal úr ar bith é ach tá na mílte anois gan didean an Nollaig seo agus i rith na bliana agus ag dul in olcas atá sé. Briseann sé mo chroí na daoine seo a fheiceáil agus an teocht ag dul síos chomh híseal le -6C °  corroíche. Fanann sé sin i mo cheann agus ní féidir liom stad ag smaoineamh orthu. Déanaim iarracht stopadh agus rud éigin a cheannach dóibh chomh minic is féidir. 

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2016?

Gach lá a phleanáil an oíche roimh ré chun an méid is mó is féidir liom a dhéanamh.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2016?

Níor éirigh agus níl móran ama fágtha agam chun iad a bhaint amach anois!!

Fág freagra ar 'Súil Siar ar 2016 le…Caitlín Nic Aoidh'