Sinn Fine Gael: an chéad chomhrialtas eile?

An bhfuil athrú intinne ag teacht ar Shinn Féin agus Fine Gael maidir le comhrialtas a bhunú?

Sinn Fine Gael: an chéad chomhrialtas eile?

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Múineann riachtanas polaitiúil athrú tobann intinne

Cuimhnigh ar gheallúint Enda Kenny roimh an olltoghchán anuraidh nach mbeadh baint ná páirt aige ina dhiaidh le Fianna Fáil.

Céard a rinne sé díreach i ndiaidh chomhaireamh na vótaí? Thairg sé comhrialtas iomlán do shean-naimhde a pháirtí. Ar ndóigh, níor ghlac siad lena chuireadh, ach ba léir do chách athrú intinne an Taoisigh.

Bhí Enda níos cúramaí nuair a labhair sé le hiriseoirí Déardaoin faoin bhféidearthacht maidir le comhrialtas nua a mhol Mary Lou McDonald. Is mar ábhar machnaimh, dar léi féin, a dúirt Mary Lou leis an Irish Times go mb’fhéidir go mbeadh Sinn Féin toilteanach dul i mbun comhrialtais amach anseo le páirtí eile a bheadh níos mó ná iad (rogha a chuir Sinn Féin as an áireamh anuraidh).

Dúirt Enda Kenny Déardaoin go raibh áthas air go raibh spéis á cur i rannpháirtíocht rialtais ag Sinn Féin. Ba léir, dar leis, go raibh siad ag teacht ar thuiscint go gcaithfí a bheith i mbun rialtais chun rudaí a dhéanamh. Níor chuir sé Sinn Féin as an áireamh mar chéile comhrialtais amach anseo.

Chuir an ráiteas alltacht ar mhórán ina pháirtí féin, ainneoin é a bheith chomh teoranta ina chuid cainte. Níl focal ráite, agus an colún seo á scríobh, ag aon chomhalta de chuid Fhine Gael chun caint an Taoisigh a chosaint. Mar sin féin, cibé ‘soiléiriú’ a eisíonn sé, agus cíbe cáineadh nó moladh a chloisfear óna pháirtí, pléifear físeanna polaitiúla nua de thoradh a chuid cainte.

‘Cuir i gcás’ i dtosach, agus fágaimis cúrsaí polasaí agus staire i leataobh. Dá mbeadh Fine Gael (50 Teachta Dála) agus Sinn Féin (23) i gcomhrialtas le chéile faoi láthair, ní theastódh ach sé vóta Dála eile uathu chun móramh iomlán Dála (79) a bhaint amach. Níl seans ar bith ar ndóigh go bhfeicfear comhrialtas dá leithéid sa Dáil reatha. Ach amach anseo? Cá bhfios?

Níl beag is fiú á dhéanamh anseo den neamhthoil sa dá pháirtí tabhairt faoina leithéid, ná de dhrochmheas Fhine Gael agus Shinn Féin ar a chéile. Ní foláir cuimhneamh freisin nach raibh Enda Kenny ná Mary Lou McDonald ag cur síos ar athrú polaitiúil a chuirfí i gcrích sa Dáil reatha. Mar sin féin, tá athrú suntasach i gceist:

  1. Ní bheidh Enda Kenny i gceannas nuair a dhéanfaidh Fine Gael cinneadh comhrialtais tar éis an chéad olltoghcháin eile.
  2. Ní bheadh móramh i bhFine Gael (móramh láidir, b’fhéidir) toilteanach dul i gcomhrialtas le Sinn Féin, faoi láthair.
  3. Ní chreidfidh ár bhformhór geallúint ar bith feasta ó Fhine Gael nach rachaidh siad i mbun comhrialtais le Sinn Féin tar éis olltoghcháin. An phríomhchúis: a ndúirt siad roimh olltoghchán 2016, agus a ndearna siad ina dhiaidh.
  4. Is léir anois go bhfuil dearcadh bunúsach Shinn Féin ar roghanna comhrialtais ag athrú, i bhfianaise ráiteas na mná is dóichí a bheas i gceannas sula i bhfad.
  5. Is faoi Ard-Fheis Shinn Féin a bheidh sé straitéis chomhrialtais an pháirtí a athrú, mar atá molta ag Mary Lou McDonald.

An dóigh le léitheoir neamhchlaonta ar bith nach n-aontóidh móramh i Sinn Féin le tuairim an cheannaire nua nuair a thoghfar í nó é (ar fhaitíos na bhfaitíos)?

-Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Sinn Fine Gael: an chéad chomhrialtas eile?'

  • donncha Ó hÉallaithe

    An iomarca béime ag na meáin faoi láthair ar comhrialtas idir Fine Gael is Sinn Féin nuair is mó seans ná a mhalairt nach mbeidh Fine Gael ar an bpáirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad thoghchán eile, cuma cé tá i gceannas othu.

    Is ar chomhrialtas idir Fianna Fáil agus Sinn Féin a chuirfinnse mo chuid airgid, ar chúpla chúis. Th’éis an chéad toghchán eile creidim go mbeidh Fianna Fáil ar an páirtí sa Dáil leis an líon is mó suíochán agus brú dá réir ar cheannasaíocht Fhianna Fail rialtas a chur le chéile. Beidh Mary Lou i gceannas ar Shinn Féin faoin am sin agus an polasaí socraithe ag an Ard Fheis go mba cheart a bheith sásta dul i rialtas mar ‘chomhpháirtithe’ le páirtithe eile. Ní hamháin go mbeidh siad toilteannach dul isteach le Fianna Fáil th’éis an toghcháin ach le linn an fheachtais beidh siad ag dul ag doirse ag cuartú vótaí le Fine Gael a chur as oifig ar an mbonn sin.