Sinn Féin atá caithréimeach an babhta seo, ach an seachnóidh siad botúin an DUP?

Má éiríonn leis na páirtithe margadh a dhéanamh caithfidh Sinn Féin chomh maith leis an DUP a mbéasa a athrú

Sinn Féin atá caithréimeach an babhta seo, ach an seachnóidh siad botúin an DUP?

Nach iomaí athrú a thagann ar an saol. Deich mí agus an t-am seo d’fhill Arlene Foster agus 37 Teachta Tionóil eile ón DUP ar Stormont go caithréimeach tar éis an toghchán ab fhearr a bhí ag an bpáirtí riamh. Dé Luain d’fhill ceannaire an DUP ar an teach ar an gcnoc le 27 comhghleacaí. Cé go ndearna siad iarracht casadh dearfach a chur ar a scéal, mionlach ab ea na haontachtaithe i Stormont den chéad uair, bhí siad in ísle brí agus a gcinniúint faoi smacht Shinn Féin.

Conas a tharla an t-uirísliú sin? Agus an ceacht é do Shinn Féin?

Ba iad Sinn Féin a bhí faoi fheisteas na caithréime an geábh seo ag filleadh ar Stormont le 27 teachta, iad i bhfoisceacht aon suíochán amháin don DUP. Bhí uachtarán an pháirtí Gerry Adams i láthair chun páirt a ghlacadh san idirbheartaíocht, é i bhfochair cheannaire nua Shinn Féin sa Tuaisceart, Michelle O’Neill.

D’éirigh leo a lucht tacaíochta a ghríosú chun vótála an t-am seo mar gur shiúil siad amach as Feidhmeannas i Stormont nach raibh ag fóint ar an bpobal. Ba chirte a rá, seans, gur ghríosaigh Arlene Foster náisiúnaithe agus poblachtánaithe chun vótáil i gcoinne réimis a rinne beag is fiú de roinnt na cumhachta.

Bhí Adams agus O’Neill diongbháilte nach nglacfaí le Arlene Foster mar Chéad-Aire fad is atá fiosrú an Bhreithimh Coghlin i dtaca le scéim chonspóideach an RHI ar siúl. Bhí caint, áfach, ar chomhghéilleadh a ligfeadh do Foster seasamh i leataobh ar feadh tamaill bhig ionas go bhféadfaí feidhmeannas a bhunú. Ba mhó go mór an brú a bheadh ar Foster óna páirtí beart a dhéanamh chun Stormont a athnuachan ná mar a bheadh ar Shinn Féin.

Maítear gurb iad cosmhuintir Shinn Féin a chuir brú orthu siúl amach i mí Eanáir. Dá réir, ba bheag a ghoillfeadh sé ar na daoine sin dá ndiúltódh Sinn Féin Feidhmeannas a athbhunú go ceann tréimhse. Ní nach ionadh tá aontachtaithe i bhfad níos mórtasaí as Stormont ná poblachtánaithe. Thabharfadh an briseadh seans do Shinn Féin polasaithe agus cur chuige a shoiléiriú chun a dhul i ngleic leis an dúshlán a thugann a neart breise i Stormont dóibh.

Ní leor dóibh a bheith ag trácht ar chomhionannas, ar chearta, ar dheireadh le sotal ná fiú ar Acht na Gaeilge. Caithfear feoil a chur ar na cnámha.

Ní leor ach an oiread mangaireacht an uafáis faoin mBreatimeacht – tá gá le moltaí nithiúla agus comhpháirtíocht leis an rialtas ó dheas (d’ainneoin na hiomaíochta eatarthu agus an col atá acu lena chéile).Tá impleachtaí ag baint le toradh an toghcháin abhus don deisceart a chaithfear a scrúdú amach anseo.

Ag an leibhéal áitiúil tá gá le hathrú poirt ó Shinn Féin chomh maith leis an DUP. Deich mí ó shin bhí Arlene Foster i mbarr a réime. Ba í an ceannaire ba rathúla ar aontachtaithe í le leathchéad bliain. In ionad leas a bhaint as an stádas sin chun an pobal ar fad a chur ar a suaimhneas agus muintearas a chothú, scaoil sí an seans thairsti. Chuaigh an chumhacht sa chloigeann aici.

Níor staon sí ó bheith ag caint ar bheith ina ‘ceannaire ar Thuaisceart Éireann’ agus rinne sí neamhshuim, d’aon turas de chomhsheasamh an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire. Dhiúltaigh sí as éadan umhlaíocht a léiriú ná locht a admháil nuair a tháinig sé chun solais gur deineadh praiseach den RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite.

Ní hionann óráidíocht agus gníomh, ach ní dhearna Arlene Foster oiread is óráid amháin inar thairg sí fís do Thuaisceart Éireann a bheadh bunaithe ar athmhuintearas, comhionannas ná aitheantas don dá thraidisiún. Bhí gach ceart aici seasamh a ghlacadh i bhfabhar an Bhreatimeachta, ach rinne sí damáiste di féin agus don DUP nuair a dhiúltaigh sí as éadan éisteacht a thabhairt don mhóramh i dTuaisceart Éireann a vótáil le fanacht san Aontas Eorpach.

I sochaí dheighilte ní mór do pholaiteoirí a chruthú le gníomh agus le briathar go bhfuil meas acu ar chearta gach taobh. Sin ceacht ba cheart a bheith foghlamtha ag Sinn Féin ó bhotúin Arlene Foster. Ní raibh cur chuige Shinn Féin saor ó locht ach oiread.

Nuair a cháineann siad sotal Foster maidir lena hiompar i leith comh-airí sa bhFeidhmeannas, shílfeá gurbh amhlaidh gur thug siad féin dea-shampla. Is mór idir sin agus insint an UUP, an SDLP agus Alliance ar a dtaithí mar airí ó mhionpháirtithe sa bhfeidhmeannas. Deir siadsan nár chaith an DUP ná Sinn Féin leo ar bhonn ionannais, nár éisteadh leo agus nár cuireadh pleananna faoina mbráid go dtí an nóiméad deiridh. Má éiríonn leis na páirtithe margadh a dhéanamh caithfidh Sinn Féin chomh maith leis an DUP a mbéasa a athrú.

Ní hionann sin agus a rá gur cheart dóibh glacadh le margadh suarach.   Léirigh an líon íseal náisiúnach a vótáil sa toghchán anuraidh, nach mbeadh an rabharta tacaíochta a fuaireadar i mbliana i bhfad ag trá.

Fág freagra ar 'Sinn Féin atá caithréimeach an babhta seo, ach an seachnóidh siad botúin an DUP?'