Sinn Féin agus Fianna Fáil ag comhoibriú ar Bhille Gaeilge

Na Teachtaí Dála Peadar Tóibín (SF) agus Éamon Ó Cuív (FF) ag obair as lámha a chéile le bille nua a thabhairt os comhair na Dála a thabharfadh níos mó stádais don Ghaeilge

 

Peadar Tóbín Eamon Ó Cuív

urlabhraithe Gaeilge Shinn Féin agus Fhianna Fáil ag obair as lámha a chéile le bille nua a thabhairt os comhair na Dála a thabharfadh níos mó stádais don Ghaeilge sa stát agus breis cearta do chainteoirí Gaeilge.

Is iad na Teachtaí Dála Peadar Tóibín, Sinn Féin, agus Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, atá i mbun na hoibre ar an mbille nua, i gcomhar lena gcomhghleacaithe sa dá pháirtí, a fhéachfaidh, i measc rudaí eile, le stádas na Gaeilge ar chomharthaíocht bóthair a chur ar comhchéim leis an mBéarla, agus cearta an tsaoránaigh a ainm Gaeilge a úsáid a chinntiú sa dlí.

Sheol Tóibín bille i mí Mhárta na bliana 2015 a d’éiligh comhionannas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair ach níor glacadh leis an mbille sin. Dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil an leasú déanta ar an méid a bhí sa chéad bhille sin anois agus go bhfuil sé ag súil lena thabhairt os comhair na Dála a luaithe agus is féidir.

“Tá níos mó sonraí anois sa bhille agus tá níos cuimsithí mar a bhí. Tá féin agus Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil ag comhoibriú le chéile ar an mbille nua seo agus tá cúpla rud molta aige sin dó freisin.

“I measc na rudaí atá sa bhille anois, nach raibh ann anuraidh, ná an ceart a bheith ag saoránach leagan Gaeilge dá ainm a úsáid agus leagan Gaeilge dá sheoladh a úsáid, beag beann ar an leagan atá ar an teastas breithe. Tá muid ag éileamh go mbeadh gach foirm a chuireann an stát i gcló ar fáil go dátheangach agus go mbeadh ainm gach comhlacht poiblí i nGaeilge freisin, mar a bhíodh,” a dúirt Tóibín.

Táthar “á thógáil go deas mall” leis an mbille chun go mbeifear in ann é a chosaint ó argóintí faoi shábháilteacht ar bhóithre. Dúirt an t-iarAire Iompair Paschal Donohoe, nuair a chuir sé cinneadh a réamhtheachtaí Leo Varadkar comharthaíocht a mhol Conradh na Gaeilge a chrochadh “ar bhonn trialach” ar ceal, go raibh faitíos air go mbeadh drochthionchar ag na comharthaí nua ar shábháilteacht ar bhóithre.

“Má thagann muid amach leis anois díreach beidh polaiteoirí eile agus na meáin ag rá go mbeidh contúirt ag baint leis na comharthaí nua. Ach tá muid ag dul isteach go dtí an coiste nua don Ghaeilge agus déanfar iniúchadh réamhreachtaíochta air. Tá muid ag iarraidh dul i gcomhairle le tíortha eile a mbíonn comharthaíocht bóthair dhátheangach acu le foghlaim uathu sin freisin, áiteanna ar nós na Breataine Bige, mar shampla,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go mbeadh sé féin agus a pháirtí sásta comhoibriú ar son na Gaeilge le duine ar bith eile sa Dáil, idir Theachtaí Dála aonair agus pháirtithe,.

Go gairid i ndiaidh don iar-aire iompair Paschal Donohoe cinneadh Varadkar a chur ar ceal, dheimhnigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le Tuairisc.ie nach raibh aon taighde déanta anseo ar chomharthaíocht bóthair agus go bhfuil cur chuige na gcomharthaí in Éirinn bunaithe ar thaighde a rinneadh sa Bhreatain.

“Cé nach bhfuil aon tuarascálacha ar leith againn, d’eascair an cló Transport Font as taighde a rinneadh sa Ríocht Aontaithe agus glacadh leis an dearadh sin le húsáid ar na comharthaí bóthair i roinnt mhaith tíortha, Éire san áireamh,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

an chlófhoireann Transport Font i gcás an dá theanga oifigiúla ar chomharthaí bóthair in Éirinn le breis agus tríocha bliain.

Is i mBéarla amháin a bhíonn na comharthaí bóthair sa Ríocht Aontaithe agus níor cuireadh an chomharthaíocht dhátheangach san áireamh nuair a dearadh Transport Font.

Dúirt Donohoe in 2014 gur mhaith leis “a bheith deimhin go mbeadh cás maith ann d’athrú leithéid a dhéanamh ar an téacs agus nach gcruthódh sé níos mó contúirte ar na bóithre ar aon bhealach”.

aon taighde déanta ag an Roinn Iompair ar shábháilteacht na gcomharthaí dátheangacha ó shin agus níor freagraíodh ceist ó Tuairisc.ie faoi mheon an Aire Iompair nua, Shane Ross, maidir le comhionannas teanga ar chomharthaí bóthair.