Sinn Féin agus Éire Aontaithe – ábhar machnaimh nó caisleán óir?

Páipéar cuimsitheach é I dTreo Éire Aontaithe a scrúdaíonn argóintí polaitiúla, eacnamaíochta agus cultúrtha maille le tionchar na Breatimeachta

Sinn Féin agus Éire Aontaithe – ábhar machnaimh nó caisleán óir?

Cé air a bhfuil cáipéisí Shinn Féin dírithe?

Gan dabht is suim lena lucht tacaíochta agus a ghníomhairí fís an pháirtí do ‘Éire nua’ ach cé eile atá ag éisteacht lena smaointe nó á léamh? Sásaíonn an leagan amach cuimsitheach sa pháipéar is déanaí na baill de Shinn Féin atá ag éirí neirbhíseach faoi éagumas an pháirtí i Stormont, ach an bhfuil páirtithe náisiúnacha eile na tíre, thuaidh agus theas ag dul i ngleic leis an ábhar? Gan trácht ar na haontachtaithe?

Sheol Sinn Féin páipéar faoi athmhuintearas le déanaí – don dara huair. Níor tugadh mórán níos mó airde ar an ngeábh seo ná mar a deineadh cheana cé is moite d’aontachtaithe a mheas go rabhthas ag spochadh astu. Níor thúisce an focal athmhuintearas ráite ná gur thagair aontachtaithe don IRA agus ní le fáilte é.

Ba í an cháipéis I dTreo Éire Aontaithe an saothar mór a sheol Sinn Féin, leagan Gaeilge agus leagan Béarla a raibh ocht leathanach is fiche iontu araon. Páipéar cuimsitheach é a scrúdaíonn argóintí polaitiúla, eacnamaíochta agus cultúrtha maille le tionchar na Breatimeachta. Maíonn Sinn Féin gur athraigh vóta na Breatimeachta gach rud. Dá bhrí sin tá siad ag iarraidh ceann a chur le díospóireacht faoi Éire nua aontaithe.

Dúirt uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams in alt nuachtáin faoin straitéis seo gur féidir an deis a thapú i ndiaidh na Breatimeachta chun neach nua a chruthú agus caidreamh idir dhreamanna ar an oileán seo agus an caidreamh leis an mBreatain a shainiú as an nua. Ní hionann athaontú na hÉireann agus an tuaisceart a ghreamú mar eireaball leis an bPoblacht, a dúirt sé. Údar suntais aige ab ea ráitis a rinne an Taoiseach agus ceannaire Fhianna Fáil faoi athaontú na tíre, faoi reifreann nó faoi stádas speisialta. I ngeall ar na ráitis sin bhí plécháipéis Shinn Féin seolta aige chuig Enda Kenny agus Micheál Martin agus Adams ag éileamh straitéise d’Éire aontaithe seachas reitric uathu.

An dtabharfaidh ceannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil éisteacht do Gerry Adams agus Sinn Féin? I bhfianaise an chaidrimh i nDáil Éireann, drochsheans. Díol suntais ab ea barúil an tráchtaire Denis Bradley. Dúirt seisean in alt nuachtáin go raibh an phlécháipéis agus smaointe Adams tábhachtach agus gur cheart do na páirtithe náisiúnacha eile – an fronta pannáisiúnach – aird a thabhairt air. Ach arsa Bradley, ní dhéanfar dul chun cinn fad is atá Gerry Adams i gceannas ar Shinn Féin. ’Sé an teachtaire an fhadhb, dar leis, murab ionann agus an teachtaireacht. Mhaígh Bradley go raibh oiread col ag polaiteoirí an deiscirt le Adams nach mbeadh rath ar an bplé go dtí go n-imeodh sé den stáitse.

Gach seans go raibh an ceart aige. Cibé ní faoi Theach Laighean agus an aicme pholaitiúil ó dheas níl seans dá laghad go dtabharfaidh na páirtithe aontachtacha, an DUP ná an UUP, éisteacht do smaointe Shinn Féin. Cé go molann an phlécháipéis aitheantas oifigiúil don traidisiún aontachtach san Éire ‘nua’ – ceart ag daoine pas na Breataine a bheith acu agus fiú dílárú cumhachta de shórt éigin i Stormont – ní chreideann aontachtaithe focal de. Ní mian leo a dhul i ngleic leis an gcoincheap cé go measann roinnt go mb’fhéidir go n-athródh a bport i ndiaidh na Breatimeachta. Cá bhfios?

Mhaígh tráchtaire aontachtach gur theip ar Shinn Féin a admháil sa cháipéis gurb é is brí le hÉire Aontaithe deireadh a chur le haontachtachas. Shéan roinnt aontachtaithe gur easpa samhlaíochta ba bhun leis an tuairim sin. “Tá a lán againn den bharúil sin,” a dúradh le Tuairisc.ie

Ar an lámh eile, dúirt daoine a chaitheann vóta ar son Shinn Féin go raibh an phlécháipéis an-tábhachtach. Léirigh sé dóibh, dúradh le Tuairisc.ie, nach raibh an páirtí chomh socair i Stormont go raibh a aidhmeanna bunúsacha caite i dtraipisí. Thug an cháipéis uchtach dóibh, ba chosúil. B’fhéidir nach bhfuil ann ach athdhearbhú ar phrionsabail phoblachtánacha Shinn Féin ‘chun na fíréin a chiúnú’, mar a deir daoine ciniciúla. An amhlaidh nach bhfuil ann ach caisleán óir ag íor na spéire a bhainfear amach lá geal éigin amach anseo? Fiú más ea, is suimiúil an cháipéis í agus tá ábhar díospóireachta inti.

Fág freagra ar 'Sinn Féin agus Éire Aontaithe – ábhar machnaimh nó caisleán óir?'