Síneadh trí mhí curtha le staid éigeandála na Fraince agus ar a laghad 80 duine maraithe i Nice in ionsaí eile

Thiomáin fear, a bhí armáilte, trucail isteach i slua mór a bhí bailithe ar aghaidh na farraige aréir i Nice na Fraince chun Lá Bastille a cheiliúradh

 

_90394038_034061616

Maraíodh ar a laghad 80 duine, páistí ina measc, nuair a thiomáin fear, a bhí armáilte, trucail isteach i slua mór a bhí bailithe ar aghaidh na farraige aréir i Nice na Fraince chun Lá Bastille a cheiliúradh.

Tuairiscítear an trucail ag dul 50 ciliméadar san uair agus gur réab sé leis tríd an slua, ina raibh páistí agus leanaí ann, ar feadh dhá chiliméadar. Thosaigh an tiománaí ag scaoileadh agus an trucail ag déanamh a bhealaigh tríd an slua.

Scaoil na póilíní marbh tiománaí na trucaile agus táthar anois ag iarraidh fáil amach an amhlaidh go raibh lámh ag daoine eile san ionsaí nó an é féin amháin a bhí ciontach.

Níos túisce inné, ina aitheasc do Lá Bastille, d’fhógair Uachtarán na Fraince François Hollande go dtiocfadh deireadh ar an 26 Iúil leis an staid éigeandála atá i bhfeidhm sa tír ó ionsaithe sceimhlitheoireachta mhí na Samhna seo caite i bPáras.

I ndiaidh ionsaí na hoíche aréir i Nice, dúirt an tUachtarán Hollande go raibh síneadh trí mhí á chur leis an staid éigeandála. Ionsaí sceimhlitheoireachta “uafásach” a bhí ann, a dúirt Hollande.

Tá cáineadh déanta ar an ionsaí ag ceannairí polaitiúla ar fud an domhain.

Fág freagra ar 'Síneadh trí mhí curtha le staid éigeandála na Fraince agus ar a laghad 80 duine maraithe i Nice in ionsaí eile'

  • Seosamh O Ciardha

    A dhia na glóire nàr mhór an feall