Síneadh ama curtha ag an Údarás leis an dáta sprice d’iarratais ar phost an Phríomhfheidhmeannaigh

Tuigtear do Tuairisc.ie gur líon an-íseal daoine a léirigh spéis sa phost is sinsearaí san eagraíocht Ghaeltachta go dtí seo

Síneadh ama curtha ag an Údarás leis an dáta sprice d’iarratais ar phost an Phríomhfheidhmeannaigh

Tá síneadh ama curtha ag Údarás na Gaeltachta leis an tréimhse ina nglacfar le hiarratais ar phost an Phríomhfheidhmeannaigh san eagraíocht.

Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta le Tuairisc.ie tráthnóna gur measadh gur tréimhse “róghairid” a bhí sa tréimhse coicíse a fógraíodh d’iarratais ar an bpost níos luaithe an mhí seo agus gur cheart síneadh a chur leis an sprioc.

Tuigtear do Tuairisc.ie  gur líon an-íseal daoine a léirigh spéis sa phost go dtí seo.

Is conradh ar théarma seasta cúig bliana atá i gceist leis an bpost agus tuarastal €128,000 sa bhliain atá luaite leis.

D’fhéadfadh go mbeadh scrúdú Gaeilge i ndán do na hiarrthóirí a chuirfidh isteach air chomh maith.

I measc na gcoinníollacha atá luaite leis an bpost tá inniúlacht i “labhairt agus i scríobh na Gaeilge” ag leibhéal “TEG C1 nó a chomhionann”.Roimhe seo bhíodh líofacht Ghaeilge mar choinníoll don phost is sinsearaí san eagraíocht fiontraíochta ach ní bhíodh aon cháilíocht ar leith i gceist.

Maidir leis na príomhcháilíochtaí atá luaite leis an bhfolúntas, deirtear gur ghá go mbeadh “go leor bainte amach ag leibhéal sinsearach” ag an té a cheapfar agus gur gá go mbeadh “fís, ceannaireacht, scileanna bainistíochta riachtanacha agus an cumas smaoineamh go nuálach léirithe aige nó aici”.

Deirtear gur gá don iarrthóir chomh maith “eolas domhain” a bheith aige nó aici “ar ghníomhaireachtaí stáit/earnála poiblí, ar fheidhmiú polasaí náisiúnta, ar fhorbairt eacnamaíochta, ar fhorbairt pobail agus ar chur chun cinn na teanga”.

Tháinig deireadh le conradh Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar an 31 Bealtaine, ach bhí moill ar bhunú an phróisis earcaíochta le teacht ar a chomharba. D’fhógair Steve Ó Cúláin i mí Feabhra go raibh faoi éirí as a chúram nuair a thiocfadh deireadh lena chonradh ach cuireadh moill leis an bpróiseas nuair a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in iúl don eagraíocht fiontraíochta nach mbeadh ar a gcumas an próiseas a láimhseáil “an iarraidh seo”.

D’fhág sin go raibh ar an Údarás comhlacht seirbhísí earcaíochta a cheapadh chun an próiseas a bhaineann le teacht ar Phríomhfheidhmeannach nua a láimhseáil. Is é an comhlacht Sigmar Recruitment atá i mbun an phróisis.

Is é Micheál Ó hÉanaigh is mó atá á lua le post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta, ó tuairiscíodh go raibh Steve Ó Cúláin ag éirí as.

Ba cheapachán inmheánach a bhí i gceist i gcás gach Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é, agus má leantar leis an nós sin is cinnte go mbeadh seans ar an bpost mór ag beirt eile de lucht ardbhainistíochta na heagraíochta fiontraíochta – an Stiúrthóir Corparáideach, Gearóid Breathnach agus Tadhg Ó Conghaile, a ceapadh ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga anuraidh.

Ní raibh aon bhean ina príomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta ó tháinig ann di i 1980, agus tá  Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga an Údaráis, a bhfuil taithí mhór aici ar gach réimse d’obair na heagraíochta ón tréimhse a thug sí mar Bhainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta, á lua leis an bhfolúntas chomh maith.

Fág freagra ar 'Síneadh ama curtha ag an Údarás leis an dáta sprice d’iarratais ar phost an Phríomhfheidhmeannaigh'

  • Concubhar

    Nach eolas doimhin seachas domhain is cirte a rá? Teipthe ar an scrúdú Gaeilge ag duine éigean cheana féin!