Síle chaoch agus Dónall na gealaí

Ní hamháin go mbaineann nathanna le teangacha ar leith, ach is léiriú ar cheantair, ar chanúintí agus ar phobail áirithe iad chomh maith

three-blind-mice

Síle: Dhein sé Síle chaoch de, he out‑argued him, made a fool of him, beat him blind.

(Dineen 1927, lch. 1343).

Cérbh í Síle chaoch, cad ina thaobh go raibh sí caoch agus an maireann sí go fóill?

In ainneoin na gceisteanna úd, ní hí Síle amháin atá i mbéal an phobail – tá Tadhg an dá thaobh againn (a two‑faced person), Dónall na gealaí (the man in the moon) agus Dónall na gréine (happy-go-lucky person) mar aon le Tadhg Ó Rodaí (Mr. so-and-so), Tadhg an mhargaidh (the man in the street), bodhaire Uí Laoghaire (feigned deafness) chomh maith. Nathanna cainte a thugtar ar na frásaí seasta sin uile.

Is ionann nath agus frása seasta nach féidir a bhrí a dhéanamh amach as brí litriúil na bhfocal aonair sa fhrása, i.e. is mó an uile ná na codanna aonair den fhrása. Mar shampla: ná déan paidir chapaill de (don’t make a long-drawn-out story of it). Ní dhéantar anailís ar shanasaíocht nathanna san alt seo ach b’fhéidir go raibh brí litriúil nó brí mheafarach le paidir chapaill tráth. Ina ainneoin sin, tá nasc ann fós idir paidir chapaill a dhéanamh de rud agus scéal an ghamhna bhuí (long-drawn-out story, tale of a tub, idle fiction) agus scéal an chaipín deirg (the tale of the redcap, a disjointed or incredible account).

Is réimse nua taighde é an staidéar ar nathanna a d’eascair as réimse na frásaíochta agus na foclóireachta. Cé go bhfuil flúirse nathanna Gaeilge le fáil i bhfoclóirí, i gcnuasaigh agus i ndíolamaí focal, i scéalta béaloidis, etc., is beag taighde sonrach acadúil atá curtha i gcrích ar nathanna na Gaeilge. Tá nathanna fréamhaithe i gcultúr agus i ndúchas na ndaoine agus fite fuaite i dtraidisiúin agus i dteanga an phobail a úsáideann iad. Ní hamháin go léirítear saibhreas na teanga trína n‑úsáid ach tugtar deis don fhoghlaimeoir, don fheabhsaitheoir agus don fhiosraitheoir araon súil eile a thabhairt ar ghné den teanga a mhaireann tar éis do bhunbhrí litriúil an natha imeacht i léig.

Mar shampla:

 

Nath Brí Brí litriúil
tá sé curtha ar an méar fhada agam to postpone something indefinitely I have put it on the long finger
aniar aduaidh a tháinig an scéala the news came from an unexpected quarter the news came from the north‑west
fáilte roimh bhocht is nocht everybody is welcome (regardless of circumstances) both poor and naked are welcome
tá piobar lena thóin he is all excited; he can’t rest a moment. he has pepper on his backside
is é píobaire an aon phoirt é he is always harping on the same string he is the piper of one tune

 

Bíonn forluí, cosúlachtaí agus éagsúlachtaí ann idir nathanna i dteangacha uile an domhain. Mar shampla, is nath coitianta go leor é: dul in aghaidh an tsruthasnámh in aghaidh (an) easa. Tá nager/ aller contre le courant/ à contre-courant le fáil sa Fhraincis, swim against the tide/stream sa Bhéarla, gegen den Strom schwimmen sa Ghearmáinis, плыть против течения sa Rúisis, ur lasterraren kontra igeri egin sa Bhascais, πάω κόντρα/αντίθετα προς το ρεύμα sa Ghréigis agus naghi kontraù la fluo san Esperanto fiú (tá grinnanailís déanta ag Elisabeth Piirainen ar an ábhar seo ina leabhar: Widespread Idioms in Europe and Beyond. Toward a Lexicon of Common Figurative Units (2012)). Nath is ea é a thagann ón mBíobla a bhfuil a bhrí litriúil dhiaganta imithe as feidhm ach maireann an nath go fóill i bhformhór mór theangacha an domhain agus i gcaint na ndaoine.

Ní hamháin go mbaineann nathanna le teangacha ar leith, ach is léiriú ar cheantair, ar chanúintí agus ar phobail áirithe iad chomh maith. Ní nach ionadh go dtagann téamaí coitianta chun cinn go minic i nathanna na Gaeilge – an tírdhreach (ag baint na gcnoc, attempting the impossible), cúrsaí spóirt (bhí an cluiche ina dhorn aige, he had the winning of the game in his hand), cúrsaí mara (tá sé gafa i bhfarraige, his number is up), cúrsaí aimsire (ag cur de dhíon is de dheora, pouring rain, raining cats and dogs), etc. Molaim daoibh ar fad gan éisteacht na cluaise bodhaire a thabhairt do nathanna ár dteanga agus ár ndúchais. Tá spléachadh breise le fáil faoinár gcultúr, faoinár n‑oidhreacht agus fúinn féin iontu. Ná déanaimis Síle chaoch dínn féin agus dearmad a dhéanamh orthu!

[Tá na nathanna Gaeilge go léir a luadh san alt seo le fáil in Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977) agus Foclóir Gaedhilge-Béarla (Dineen 1927)].

Fág freagra ar 'Síle chaoch agus Dónall na gealaí'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Alt suimiúil, go háraithe do fhoghlaimeoirí.

  • Seosaimhîn Ní Bheaglaoich

    Alt réasúnta suimiúil ag Katie Ní Loingsigh ansan ach canathaobh go gceapann sí go bhfuil gá leis an oiread san Béarla chun nathanna dúchasacha a léiriú? Cén lucht léite a mheasann sí atá aici? Daoine gan Gaeilge ab ea?
    In ainm dílis Dé tabhair dúinn altannna,cúntaisí,iriseoireacht pé rud é i Nuachtán Gaeilge, I nGaeilge.

  • Ruth Ní Shiadhail

    Aontaím leat, a Sheosaimhín. Sin an t-aon rud a chur isteach ar léamh an phíosa … agus ós rud é go bhfuil aistriúchán ar na nathanna san fhoclóir, is leor nasc an fhoclóra a thabhairt.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tá sé tugtha faoi deara agam nach gciallíonn nathanna cainte a bhfuil cosúil lena gcéile go litirthe i dteangacha áirithe an rud céanna. Mar shampla, ni hionann an “paidir chapaill” sa Ghaeilge agus “horse’s prayer” an Bhéarla. Freisin, tá “saol an mhadra” i bhad d’Éirinn níos teolaí ná an “dog’s life”.