Síceolaíocht an toghcháin – ‘Tá sé trína chéile mar go bhfuil sé ar son Donald Trump agus ina aghaidh freisin’

Tá daoine curtha soir agus siar ag an toghchán i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar a mhínigh síceolaí amháin dár gcomhfhreagraí thall

Síceolaíocht an toghcháin – ‘Tá sé trína chéile mar go bhfuil sé ar son Donald Trump agus ina aghaidh freisin’

Bhítí á rá i gConamara go gcuirfeadh polaiteoirí agus a gcuid cainte ‘soir’ thú. Ach is cosúil go bhfuil daoine i Meiriceá curtha soir agus siar ag an gcoimhlint mhór pholaitiúil atá anseo le cosamar bliana.

Tá col cúigear liom ina shíceolaí ar chósta thiar Mheiriceá mar ar rugadh agus ar tógadh é. Thug sé sciurid soir trasna na tíre go dtí cósta thoir Mheiriceá – le taobh an Atlantaigh- le cúpla lá anuas. Is é an scéala atá aige nach bhfuil mórán síochána ag an bpobal le taobh an Aigéin Chiúin – tá siad mearaithe ag an bpolaitíocht agus iad ag triall ar a dhoras.

An bhfuil siad ag teacht chuig an síceolaí de bharr imní faoin díospóireacht pholaitiúil agus gach a bhfuil i ndán don tír?

“Tá go cinnte,” a deir sé.

Ní fhaca mo chol cúigear a leithéid seo de rud ag tarlú aimsir thoghcháin cheana agus tá scaitheamh maith blianta caite aige ina shíceolaí. “Is léir go bhfuil an teannas agus an ghoimh atá sa bhfeachtas seo ag dul go croí i ndaoine,” arsa an síceolaí. Tá liobrálaigh curtha trína chéile de bharr na cainte atá á déanamh ag Trump, a deir sé. Tá samplaí ann d’imirceoirí a bhfuil scéin curtha iontu.

Ar an taobh eile den scéal tá riar daoine a bheadh san eite chaomhach curtha soir agus siar freisin. Tá cuid acu siúd trína chéile mar go gceapann siad go bhfuil a nglór á phlúchadh agus go bhfuil an saol anuas orthu de bharr a ndearcaidh pholaitiúil. 

Céard a bhíonn le rá aigesean leis na daoine seo ina ‘chlinic’?

“Caithfidh tú féachaint le dhul go bun an údair. Fiafraíonn tú de dhaoine cén fáth go díreach a bhfuil an feachtas ag cur as dóibh agus coinníonn tú ort go bhféachfaidh tú le tuiscint a fháil ar chúrsaí. 

“Cuir i gcás, d’fhéachfá lena mhíniú dóibh gur iomaí sin rud sa saol agus neart dea-scéalta ina measc, seachas sceanairt pholaitiúil. Bhféidir gurbh fhearr dóibh, mar shampla, laghdú ar an lear uaireanta a chaitheann siad ag breathnú ar chláracha polaitiúla. I gcásanna eile, chuirfeá comhairle phraiticiúil ar dhaoine gan a bheith ag tarraingt anuas na polaitíochta san ionad oibre, go háirithe má tá tromlach na ndaoine ansin ar phort éigin eile.”

Tá mo chol cúigear ar a shuaimhneas agus é ag ól gloine Guinness. An abraíonn tú le cuid ar bith acu gur cheart dóibh a dhul amach agus gloine Guinness a ól dóibh féin? Scairt gháire ach coinníonn sé lena ghairm: “Daoine leochaileacha is mó a bheadh i gceist. Goilleann rudaí áirithe orthu.” 

Ach ní fhaca sé daoine ciaptha mar seo ag an bpolaitíocht agus toghcháin i Meiriceá cheana? “Is fíor sin. Ní fhaca.”

Agus an mbeadh bealach ar leith aige agus é ag déileáil le liobrálach seachas duine caomhach? “Ceist mhaith, ach, dáiríre fágfaidh tú an pholaitíocht as. Féachfaidh tú le cloí leis an daonnacht.”

An bhfuil aon chás fíorspéisiúil feicthe aige?

“Bhuel tá fear ag teacht isteach chugam agus tá sé trína chéile mar go bhfuil sé ar son Donald Trump …agus ina aghaidh freisin!” Fear é seo de bhunadh Mheicsiceo; taitníonn leagan amach Trump leis ar chúrsaí go leor ach tá sé ina aghaidh de bharr a dhearcadh ar phobal Mheicsiceo.”

Níl sé ag fáil codladh na hoíche féin leis. Is minic é ag triall ar an síceolaí.

Nach bhfuil sé seo ag cuidiú leis an síceolaí ina chuid gnó? “Tá, ach b’fhearr liom a bheith ag plé le gnáthfhadhbanna síceolaíochta agus gnáthcheisteanna an tsaoil.

B’fhéidir go mbeadh deis níos fearr aige dul ar ais ar an dúchas ina cheird féin maidin Dé Céadaoin.

Fág freagra ar 'Síceolaíocht an toghcháin – ‘Tá sé trína chéile mar go bhfuil sé ar son Donald Trump agus ina aghaidh freisin’'