Siar bóithrín na smaointe le Nuacht TG4 agus 7 Lá

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ar sholáthar cúrsaí reatha TG4 a chaith ár léirmheastóir súil an tseachtain seo

Siar bóithrín na smaointe le Nuacht TG4 agus 7 Lá

Bhaineas súp as an dá scéal a bhí ag Nuacht TG4 an tseachtain seo faoi bheirt a bheith ag éirí as na postanna suntasacha a bhí acu i ndiaidh blianta fada seirbhíse. Tá 37 bliain caite ag Pat Kavanagh mar choimeádaí páirce i gCailseán Cheapach Corcóige agus labhair sé linn go deisbhéalach faoina bhlianta sa chaisléan maorga.

D’inis sé scéal seoigh faoi shlais a chaith Bob Hope leis nuair a d’aimsigh sé liathróid ghailf a bhí imithe amú air agus gurbh fhearr le Hope gur amú a d’fhanfadh sí. ‘Do you have to be so God damn helpful?’ a dúradh leis an gCiobhánach. Ní nach ionadh thaitin an carúl leis agus bhí sé ag gáire ag insint an scéil.

Ó dheas in Iarthar Duibhneach tá Gearóid Ó Brosnacháin ag éirí as a chúraimí mar bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne i ndiaidh dó breis agus 40 bliain a chaitheamh leis an eagraíocht phobail. Cothrom an ama seo 50 bliain ó shin a bunaíodh an comharchumann agus tá sé anois ar an eagraíocht phobail Ghaeltachta is mó i gCúige Mumhan.

Thug Gearóid siar bóithrín na smaointe sinn agus é ag tabhairt na blianta tosaigh mar eagraíocht talamhaíochta chun cuimhne; míntíriú talún, tithe gloine, fás glasraí agus feirm thaispeántais dhéiríochta. Thosaigh an bhróg ag teannadh ina dhiaidh sin agus bhíodar ar imeall na haimléise ar feadh na mblianta. Tá an comharchumann i mbarr a mhaitheasa anois a bhuíochas sin d’obair chrua Ghearóid agus a chomhghleacaithe thar bhlianta móra fada. Dúirt Gearóid linn go bródúil gur fiú €10 milliún iad gníomhaíochtaí an Chomharchumainn do gheilleagar na leithinse. Súil eile.

B’éigean an t-uafás sa Ghearmáin a chlúdach chomh maith agus ba é seo a bhí mar phríómhscéal. Ceal acmhaínní bíonn ar an stáisiún luí amach orthu féin nuair a bhíonn scéalta móra idirnáisiúnta mar seo idir chamáin. Chuadar i muinín an nasc idirlín agus bhí ionchur stuama, léargasach acu ó Robert Henneberg, fear, faoi mar a dúirt sé féin, ‘a rugadh agus a tógadh’ i mBeirlín. Ní raibh aon iriseoir ar an láthair ag nuacht an Six One ach an oiread agus iad i dtuilleamaí tuairisceora ón Daily Maily ar an nguthán.

Bhí imeachtaí na bliana á gcur trí chéile ar eagrán na seachtaine seo do 7 Lá. Bhí Máirín Ní Ghadhra, Norita Ní Chartúir agus Maitiú Ó Coimín an tí seo bailithe isteach i mBaile na hAbhann agus bhí Eoin Ó Murchú i mBaile Átha Cliath.

B’ait liom nach raibh pacáiste nó pacáistí réitithe le bonn a chur fén gcaint. Dá uireasa sin b’éigean an iomarca a chlúdach agus bogadh ar aghaidh róthapaidh ó ábhar go hábhar. Bhí na scéalta móra Gaeltachta agus Gaeilge idir chamáin acu chomh maith leis na daoine a bhí imithe ar shlí na fírinne a thabhairt chun cuimhne. Ba shuaite an bhliain ar Oileáin Árann í: fothragadh faoi eitleáin, ingearáin, báid fharrantóireachta agus faoi chúrsaí aibhléise. Dúirt Norita go deisbhéalach, is í ag tagairt dóibh siúd atá ag déanamh na gcinntí agus nach dtuigeann saol na n-oileán, go mba cheart dóibh geimhreadh a chaithemah ar cheann lena fheiscint cén fhad a sheasfaidís é. Thabharfadh an méid sin súil eile dóibh.

Fág freagra ar 'Siar bóithrín na smaointe le Nuacht TG4 agus 7 Lá'