Siar agus aniar sa mheaisín ama agus an ‘X Factor’ arís ag Cumann Caide na Gaeltachta…

Tá anam i gCorca Dhuibhne arís, hataí dearga agus bána á gcniotáil ag daoine, fleaigí á gcrochadh ag daoine eile agus an uile dhuine ag caint ar chúrsaí caide

Siar agus aniar sa mheaisín ama agus an ‘X Factor’ arís ag Cumann Caide na Gaeltachta…

Is dóigh liom gurb é Con Houlihan a scríobh uair amháin go raibh an spórt ar nós meaisín ama, ag breith daoine siar, nó chun cinn, go dtí ré ghlórmhar éigin. Bíonn seandaoine ag freastal ar chluichí, iad lán de mhaoithneachas ag cuimhneamh ar an uair go rabhadar féin ina ridirí ar na faichí caide. Beireann tuismitheoirí a leanaí go dtí páirceanna fud fad an chontae, ag súil go mb’fhéidir go bhfoghlaimeodh an cleas óg rud éigin ó na laochra ar an ngort. Agus na garsúin agus na gearrchailí? Bíonn siadsan ag féachaint ar na  laochra céanna, ag déanamh aithris orthu, agus iad ag éalú isteach ina meaisíní ama féin, go dtí’n lá go mbeidh siad féin ina bprionsaí agus ina mbanphrionsaí ar an bhfearann amuigh.

B’in mar a bhí ag an mbuíon daoine a bhí i láthair i bPáirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí le déanaí, nuair a thug Cumann Caide na Gaeltachta Craobh Idirmheánach na Mumhan siar abhaile leo agus bua neafaiseach acu ar chumann Naomh Seanáin ó Luimneach, 3-21 in aghaidh 0-8. Ana-thaispeántas caide, cé go dtabharfainn an leabhar go bhfaca iarracht amháin a thug duine dos na tosaithe ag baint duilleog de chrann cabáiste lasmuigh de shiopa glasraí Horan.

Níorbh é an chluiche caide ab fhearr a facthas riamh, agus bhí sé soiléir ón gcéad neomat go raibh bearna ollmhór idir na foirne maidir le caighdeán caide. Ach nach cuma san. Lá dár saol ab ea é.

Bhí as cionn míle duine i láthair, agus lena gceart a thabhairt dóibh, bhí Naomh Seanáin tar éis scata a thabhairt leosan chomh maith.

Ach bhí muintir na Gaeltachta ann go tiubh. Gan dabht, bhíodar ann, na daoine atá ina gcnámh droma ag an gcumann, iadsan a chuaigh i ngiorracht neomataí de hipiteirme agus iad ina seasamh thiar i nGallaras agus anaithe gaoithe ag séideadh Cuan Ard na Caithne isteach, gan ach dosaen éigin duine faru. Iadsan atá creachta d’iarraidh boinn a choimeád fé na cairteacha, tá a oiread san de bhóithre Chiarraí curtha díobh acu ag leanúint na foirne.

Bhíodar san ag seasamh le hais portaigh éigin theas in Uíbh Ráthach nó thuaidh in Oidhreacht Uí Chonchúir nuair a bhí cluichí á n-imirt ag an nGaeltacht thíos in íochtar Roinn a 3 de shraith an chontae cúpla bliain ó shin. Agus bhíodar ann an lá eile agus a bhfoireann ina máistrí ar an gCúige ar fad.

Nuair a bhíonn foireann ag imeacht go maith, meallann siad lucht tacaíochta. D’fhéadfaí lucht tacaíochta brothaill a thabhairt orthu, ach níl san féaráilte dar liom. Tugann sé leithscéal do dhaoine a tógadh sa chlub, ach atá anois ina gcónaí i bhfad ó bhaile, teacht abhaile. Tagann teaghlaigh le chéile ar laethanta ar nós an Domhnaigh san i dTrá Lí. Dhá ghlúin, trí ghlúin, ceithre ghlúin i dteannta a chéile sa seastán, ón bplobaire cúpla mí d’aois go dtí an seana-phortán.

Bhíodar ann, na seana-shaighdiúrí a chaith geansaí na Gaeltachta fadó fadó nuair a bhí Dia ina gharsún. Fear acu agus maidí croise aige. Fear eile chomh bodhar le slis. An treas fear lán de dhaitheacha is crampaí. Clab go cluas ar an dtriúr acu. Nár bhreá leo bheith amuigh ar an ngort le laochra na linne seo? 

Is deacair tábhacht na caide (agus cumainn spóirt eile) do phobail bheaga tuaithe ar ár nós féin i gCorca Dhuibhne a mhíniú. I gceantar ar nós ár gceantar-ne, ’sé sin formhór na háite laistiar de bhaile an Daingin, ó Charraig a’ Chinn go Droichead Bhaile an Mhuilinn agus ó Phointe na Páirce go Cuas a’ Bhodaigh, tá a n-aitheantas agus a bpearsantachtaí féin ag gach paróiste. Ach tá cúpla rud a shníomhann le chéile sinn – an teanga, oidhreacht choiteann (i gcomórtas le hoidhreacht uirbeach na dtownies) agus an Cumann Caide.

Tugann foireann mhaith caide an pobal ar fad ina dteannta. Tá ana-athrú tagtha ar an gceantar ón ré órga a bhí ag an gCumann ag tús an chéid. Cúlú eacnamaíochta. Bánú tuaithe.  Ach tá rudaí áirithe mar a chéile i gcónaí. An uair úd, muintir Shé Ard a’ Bhóthair a bhí i mbéalaibh na ndaoine. Ach an babhta seo, táthar ag caint ar shliocht mhuintir Shé Bhaile Loiscthe.

Tá anam sa cheantar aríst. Tá hataí dearga agus bána á gcniotáil ag daoine. Fleaigí á gcrochadh ag daoine eile. Tá busanna á n-eagrú dtí cluichí agus ambaiste ach go bhfuil cnagairí i bpócaí ag gabháilt bóthar Lios Póil amach. Tá mótair ag stopadh faobhar le faobhar lena chéile ar Mhám Clasach agus gach Mám eile agus mionphointe éigin ós na cluichí á bplé ag tiománaithe, dall ar fad ar na daoine mífhoighneacha sna cairteacha laistiar dóibh. Féadfaidh siadsan fanacht. Tá sé seo tábhachtach. ’Sea, tá daoine ag caint ar chaid aríst.

Nuair a thug na fearaibh óga Corn an Aire abhaile leo ó Chomórtas Peile na Gaeltachta, agus thug camchuairt ar scoileanna na dúichí, bhí na rudaí beaga fé dhraíocht acu. “Bhí na daoine san a bhí ag imirt chaide ar an telly inné sa scoil inniu, agus bhí an ACTUAL cupa acu.” Ní bhuafadh an tX-Factor orthu chuige …

Agus cad fé fhoireann Naomh Seanáin, agus foirne eile dá leithéid a théann chun páirce i gcoinne foirne atá go mór chun tosaigh orthu? Uallachánach Oileán Ciarraí is fearr a chuir síos orthu; “Tá ardmheas agam ar dhaoine a théann chun páirce, iad ar thóir na glóire ach i mbaol a náirithe.” Bhíomar féin amhlaidh roimh scata, is beidh aríst. Ach bainim sásamh as na laethanta maithe nuair a thagaid, mar a baineadh sásamh inné as an ceann is fearr a fháil ar ár gcomharsana ón nDaingean i gcluiche ceannais Chiarraí Thiar.

Ó Thuaidh mar a chruachtar an mhóin.

Bainim tamall eile as an meaisín ama.

Fág freagra ar 'Siar agus aniar sa mheaisín ama agus an ‘X Factor’ arís ag Cumann Caide na Gaeltachta…'