‘Siamsaíocht’ na cogaíochta scagtha go héifeachtach

Sa scannán is déanaí ó Andrew Niccol déantar iarracht éachtaint a thabhairt ar an slad a dhéanann ladrainn Mheiriceá mar aon leis an dtionchar aigneolaíoch a bhíonn ag an slad orthu siúd a bhíonn ar an stiúir

Good-Kill-Drone-Pilots

Good Kill
Stiúrthóir: Andrew Niccol
Cliar: Ethan Hawke, January Jones, Zoe Kravitz, Bruce Greenwood.

Amhábhar eisceachtúil, faoi leith atá á chíoradh sa scannán seo, gan aon agó. Is scéal conspóideach iad ladrainn Mheiriceá agus an scrios agus marú a dhéanann siad i dtíortha cosúil leis an Afganastáin. Sa táirge seo déantar iarracht éachtaint a thabhairt ar an slad seo maraon leis an dtionchar aigneolaíoch a bhíonn aige orthu siúd a bhíonn ar an stiúir.

Máithreacha an scannáin seo, agus rud a chuirtear abhaile orainn arís agus arís eile, ná an tslí gur cogaíocht sa mbaile atá anseo. Sa radharc tosaigh, gur furasta a thuar, címid Tom Egan (Hawke) atá i soitheach loingseoireachta i mbunáit mhíleata i Las Vegas ag scaoileadh diúracán ó ladrainn atá 7,000 míle ó bhaile.

I bhfaiteadh na súl tá sé ag tiomáint trí Las Vegas agus ag stopadh ag an siopa le deoch agus gual a cheannach don fhulachta. Nuair a chíonn fear an tsiopa suaitheantais an aerfhórsa ar a chasóig, ceistíonn sé é faoina chuid oibre. Freagraíonn Egan é go searbhasach, á rá gur mharaigh sé buíon Taliban an mhaidin sin. Cé gur radharc é a bheadh scríofa ag buíon scoláirí sa rang scannánaíochta 101, tá sé éifeachtach mar sin féin.

Déantar scéal mhadra na n-ocht gcos den toise seo den insint: a bhean ag rá go mothaíonn sí go bhfuil 7,000 míle ó bhaile, é féin ag rá go bhfuil cuma bumáilte ar an gcistin agus Egan ag rá go minic go mbeadh sé níos fusa a bheith sa láthair chogaíochta, mar a mbeadh skin in the game aige, ná a bheith sa liombó cogaíochta seo.

Ina theannta sin, caitheann a chaptaen, Jack Johns (Greenwood) formhór an scannáin ag cur de agus ag caitheamh thairis go fealsúnach, áititheach. Arís, déantar scéal mhadra na n-ocht gcos den chúram.

Nuair a thagann orduithe chucu go mbeidh siad ag obair faoi stiúir an CIA ar feadh scathimh, ní buíoch atá siad agus nuair a athraítear rialacha na rannphairthíochta (rules of engagement), tugtar an deis do mheitheal an tsoithigh a bheith ag dul i bpiobáin a chéile faoi dhlisteanacht a gcuid oibre. Cuid acu lán den bhuaileam sciath agus an slad ag luí go trom ar an gcuid eile.

I gcaitheamh an scannáin, caitear go leor sleaiseanna ar an gcineál seo cogaíochta nó militainment faoi mar a thugtar air go soiniciúil, an focal nuachumtha sin ag baint macalla as na comparáidí le cluichí físe.

Deireann Johns na cabaireachta go raibh na chéad ladrainn bunaithe ar an Xbox agus gur earcaíodh daoine in ionaid siopadóireachta mar a raibh siad ag imirt cluichí físe. An teachtaireacht atáthar a chur abhaile orainn arís agus arís eile go bhfuil sé i bhfad Éireann níos fusa daoine a mharú nuair nach bhfuil iontu ach pictiúr ar scáileán agus tú féin suite ar do sháimhín só ag diúgadh ar chupán caife. Tá an chogaíocht dídhaonnaithe.

Caitear sleaiseanna chomh maith ar bhéarlagar na coimhlinte agus an tslí go ndéantar iarracht an dochar agus an t-olc a bhaint as an saol le focail. Déantar iarrachtaí fánacha anseo agus ansiúd úsáid na ladrann a chosaint leis na seanargóintí céanna faoi bheatha an Mheiriceánaigh a chosaint, ach is léir cá seasann an scannán seo.

Tugann Hawke taispeántas cumasach uaidh mar an píolóta beagfhoclach a n-airíonn uaidh a eitleán agus sceimhle na coimhlinte. Tá a phósadh ag cliseadh mar go bhfuil sé míshocair ann féin agus tugann January Jones léiriú ábalta uaithi i ról gan chúiteamh.

Is ceardaí faoi leith é Andrew Niccol a bhí i mbun comhghuaillíochta le Hawke go deireanach sa táirge spéisiúil Gattaca (1997). Is é a sholáthraigh Lord of War (2005) agus The Truman Show (1998) chomh maith.

Cé mbaintear úsáid as cleasanna seanchaite anseo agus ansiúd, déantar ábhar tábhachtach a chíoradh go héifeachtach.