Siamsa, círéib agus faoistin geallta do na Gaeil ag Electric Picnic 2017

Beidh réimse leathan bannaí ceoil, cainteoirí, filí agus taibheoirí eile ar an ardán sa Phuball Gaeilge i gcaitheamh an deireadh seachtaine

Siamsa, círéib agus faoistin geallta do na Gaeil ag Electric Picnic 2017

Tá na socruithe deireanacha á réiteach ar an Sráidbhaile i gContae Laoise agus Electric Picnic, an fhéile cheoil is mó in Éirinn, ag tosú an deireadh seachtaine seo.

Arís i mbliana, beidh ardán speisialta do lucht labhartha na Gaeilge, a eagraíonn an fear ceoil Rossa Ó Snodaigh, ar an Mindfield.

Tá clár ama an Phubaill Gaeilge seolta agus beidh réimse leathan bannaí ceoil, cainteoirí, filí agus taibheoirí eile ar an ardán i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Cuirfear tús le cúrsaí tráthnóna Dé hAoine ag Siamsa Raidió na Life, mar a mbeidh ceoltóirí Gaeilge agus Gaeltachta ag casadh óna 5 a chlog tráthnóna go deireadh na hoíche. Ina measc sin beidh Pádraic Jack as Árainn, Lauren Ní Chasaide as Baile Átha Cliath, Archú as Tír Chonaill agus Aeons as Corca Dhuibhne.

Beidh idir cheol, chaint, agus gháire sa Phuball ar an Satharn agus Imbolc, nó ‘Ted Talks na Gaeilge’ ar an ardán moch maidine. Beidh Brian Fleming, Áinle Ó Cairealláin, Anna Ní Bhroin agus Eoghan Mac Cormaic ag labhairt ar ábhair éagsúla, faoi chathaoirleacht Thomáis Uí Aodha as Corcaigh.

Beidh dhá sheó grinn ann ar an Satharn freisin, Faoistin Fíbín, leis an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín, agus an seó ón gcumann grinn GaelGÁIRÍ a chuirfidh seisear fuirseoirí ar an ardán tráthnóna.

Beidh Rí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí, sa Phuball oíche Dé Sathairn leis an gCabaret Craiceáilte a chur i láthair arís agus leithéidí Dhoimnic Mhic Ghiolla Bhríde, The Bonny Men agus Filí in éineacht leis.

An mhaidin dár gcionn beidh Úna Ní Fhlatharta, Darach Ó Murchú, Eoghan Mac Giolla Bhríde, agus Colm Ó hAnluain ar an ardán do shraith eile Imbolc.

Beidh buaiteoirí ó chomórtais éagsúla Oireachtas na Samhnsa 2016 ar an ardán ag 1.00 a chlog, buaiteoir Chorn Uí Riada, Caitlín Ní Chualáin ina measc, roimh ‘Céilí an Oireachtais’.

Beidh seó eile ó GhaelGÁIRÍ ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh agus na fuirseoirí Laura Bynre, Martin Angolo, Eve Darcy agus Aindrias de Staic ar an ardán.

Cuirfear críoch leis an deireadh seachtaine sa Phuball Gaeilge Electric Picnic le ‘Scléip Nós’ agus na bannaí ceoil Spats Columbo, Seo Linn agus Dysania ar an ardán.

Beidh imeachtaí aclaíochta, ceardaíochta, ealaíne, agus ióga ar siúl taobh amuigh den phuball, á gcur ar fáil ag Cabríní de Barra, Sorcha Ní Éilidh agus Jenny Ní Ruiséil.

Fág freagra ar 'Siamsa, círéib agus faoistin geallta do na Gaeil ag Electric Picnic 2017'