Sheasfadh Kyle an fód in aon ré

Tá oiread sin athruithe tagtha ar gach spórt a imrítear ar dhroim na cruinne ó lár an chéid seo caite nach fiú iarracht a dhéanamh imreoirí na linne seo agus na sean-laochra a chur i gcomórtas lena chéile in aon cheann acu. D’fhág teacht na gairmiúlachta, na heolaíochta spóirt chomh maith leis an traenáil lánaimseartha […]

Jack Kyle (1926-20014)  le Brian O' Driscoll. ©INPHO/Morgan Treac
Jack Kyle (1926-20014) le Brian O’ Driscoll. ©INPHO/Morgan Treacy

Tá oiread sin athruithe tagtha ar gach spórt a imrítear ar dhroim na cruinne ó lár an chéid seo caite nach fiú iarracht a dhéanamh imreoirí na linne seo agus na sean-laochra a chur i gcomórtas lena chéile in aon cheann acu.

D’fhág teacht na gairmiúlachta, na heolaíochta spóirt chomh maith leis an traenáil lánaimseartha go mba chluichí eile ar fad a chleacht siad siúd a bhí i mbun imeartha go dtáinig an Mhílaois, nach mór.

Ach tá eisceachtaí ann, daoine a sheasfadh an fód in aon ré agus ar dhuine acu sin to cinnte tá an t-imreoir rugbaí Jack Kyle atá imithe uainn ar Shlí na Fírinne.

Tá cúlaithe an lae inniu chomh mór leis na tosaithe ar imir Jack leo, iad siúd atá sa síneadh amach leath-throigh níos airde agus muiníl lucht na clibirte níos téagartha le másaí Jack Daly, an frapa a scóráil an t-úd ar Pháirc an Fhiaich Dhuibh i 1948, an lá ar bhuaigh Kyle agus na hÉireannaigh ar an mBreatain Bheag agus ar thugadar leo an ‘Chaithréim Mhór’.

Ag féachaint ar fhístéip dubh, doiléir don chluiche sin agus ar chinn eile de na cluichí a d’imir Jack Kyle gur éirigh sé as deich mbliana dar gcionn, ní i bhfad a ghlacfadh sé ar dhuine a thuiscint go raibh seisean chomh cumasach agus go mbeadh sé ar a chompord ag imirt ag aon tráth.

Tuiscint thar na beartaibh ar an gcluiche agus luas lasrach sna 30 slat tar éis dó seilbh a ghlacadh ar an liathróid na buanna ba mhó a d’fhág Kyle chomh mór sin chun cinn ar a chomrádaithe agus ar a chéilí comhraic.

As na fístéipeanna dúliath sin tuigeann tú go bhfuil an chéad chor eile san imirt léite aigesan i bhfad sular léir do aon duine eile é, agus lena chuid luais, an beart déanta aige sula mbíonn seans ag na cosantóirí tada a dhéanamh faoi.

Fiú inniu, sé an leathchúlaí amuigh eochair na himeartha sa rugbaí. Ba thábhachtaí ná sin arís é i réimeas imeartha Kyle nuair a d’imir sé 46 uair dÉirinn idir 1947 agus 1958.

Bhí sé freisin ar fhoireann na Leon a chuaigh chun na hAstráile agus na Nua Shéalainne i 1950. Nuair a ceistíodh é roinnt blianta ó shin faoin athrú ba mhó a tháinig ar an rugbaí lena linn, ní mba ar an ngairimiúlacht ná ar cheachtar de na rudaí atá luaite thuas agam a thagair sé, ach don liathróid.

“I bhfad níos éadroime inniu ná an sean-cheann trom a bhíodh againne,” a dúirt sé.

Ní bhíonn intinn an cheardaí i bhfad riamh óna chuid uirlisí.

I mBéal Feirste a saolaíodh Jack Kyle i 1926.

Cháiligh sé mar dhochtúir leighis in Ollscoil na Banríona agus a chaith 30 bliain ag obair san Indinéis agus sa tSambia tar éis dó éirí as an imirt.

Chuir sé faoi in Áth Bhriain i gCo. an Dúin nuair a chuaigh sé ar a phinsean.

I bpobalbhreith sa bhliain 2002 measadh gurbh é Kyle “An t-Imreoir Rugbaí ab Fhearr a d’Imir d’Éirinn Riamh”.

Seacht mbliana dar gcionn bhuaigh Éirinn ‘Chaithréim Mhór’ don chéad uair ó ’48.

An babhta seo arís ba iad na Breathnaigh na céilí comhraic, ach go mba i gCaerdydd a déanadh an imirt.

Ainneoin go raibh sé os cionn 80 bliain d’aois, bhí Kyle i láthair agus i gceann de na grianghraif stairiúla a glacadh an lá sin i Staid na Mílaoise facthas é ag déanamh comhghairdis leis an té is mó a bheadh i gcoimhlint leis dá reachtáilfí an pobalbhreith sin arís ar maidin – Brian O’ Driscoll.

 

Fág freagra ar 'Sheasfadh Kyle an fód in aon ré'