SF (Sinne Feargach) cosúil le páirtithe eile

Tá comhaltaí Shinn Féin i gCorcaigh Thoir ag easaontú go poiblí. Fianaise go bhfuil Sinn Féin cosúil le páirtithe eile

Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland
Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland

Tá scoil samhraidh á reáchtáil ag Sinn Féin i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Chorcaí ar feadh na deireadh seachtaine. Tá ábhar gan choinne ar chlár neamhoifigiúil na scoile: an t-achrann sa pháirtí in oirthear an chontae.

Bíonn smacht i réim de ghnáth i Sinn Féin. Seachnaíonn ionadaithe tofa an pháirtí an cineál rith aonair a fheictear ó am go ham sna príomhpháirtithe eile, go háirithe roimh thoghchán.

Fuair Peadar Tóibín pardún óna chomrádaithe anuraidh, sé mhí tar éis dóibh é a chur ar fionraí nuair nár aontaigh sé leo agus bille a cheadaigh ginmhilleadh i gcásanna áirithe á phlé sa Dáil. Ach is ar bhonn coinsiasa a vótáil sé in aghaidh an bhille, agus ní raibh iontas ar mhórán nuair a glacadh isteach sa pháirtí parlaiminteach arís é.

Níl aon chosúlacht idir an scéal sin agus an t-aighneas nimhiúil i gCorcaigh Thoir atá os comhair an tsaoil anois le seachtain. An díobháil go dtí seo:

An comhairleoir contae Kieran McCarthy ó Chobh caite amach as an bpáirtí. Thug sé le fios Déardaoin go bhfuil sé ag machnamh ar sheasamh mar iarrthóir neamhspleách san olltoghchán.

Tá comhairleoir contae eile, Melissa Mullane ó cheantar Mhala, curtha ar fionraí ar feadh bliana.

Leathchéad comhalta den pháirtí i gCóbh, ar a laghad, éirithe as Sinn Féin.

Caint ar mhírialtacht airgeadais agus ar bhulaíocht (iad araon séanta), ar shárú an daonlathais sa pháirtí, agus ar ghéarleanúint phearsanta.

D’iarr Sandra McLellan, Teachta Dála an pháirtí i gCorcaigh Thoir, ar chomhaltaí Shinn Féin i gCorcaigh Thoir “bogadh ar aghaidh” ón aighneas. Ach is léir nach bhfuil gach duine sa pháirtí áitiúil sásta léi mar Theachta Dála, ná toilteanach “bogadh ar aghaidh” mar a d’iarr si.

Tá seantaithí againn ar aighnis phearsanta i bpáirtithe eile. Go deimhin, tháinig easaontas inmheánach eile i gContae Chorcaí go barr uisce le cúpla lá anuas. D’fhág an comhairleoir contae, Alan Coleman, Fianna Fáil, nuair nár roghnaíodh é mar iarrthóir olltoghcháin i gCorcaigh Thiar-Theas. D’fhógair sé ó shin go seasfadh sé mar neamhspleách san olltoghchán.

Cothaíonn achrann inmheánach i bpáirtí ar bith díograis, spéis, agus aird na meán. Ach murar féidir an duine/dream atá míshásta a choinneáil laistigh de pháirtí, is léir an chontúirt áitiúil. Ní bheidh leisce ar na páirtithe eile leas a bhaint as deacrachtaí Shinn Féin i gCorcaigh Thoir idir seo agus lá na vótála.

An Fhírinne v An Taoiseach

Mhol Enda Kenny Éire mar eiseamláir don Ghréig, nuair a labhair sé le hiriseoirí sa Bhruiséil Déardaoin. Achoimre ar a ndúirt sé: ‘Breathnaigh ar a ndearna mo rialtas breá stuama; déan dá réir, agus beidh rath ar an nGréig.’

Mar shampla, arsa an Taoiseach, in áit ár rátaí cáin ioncaim, Cáin Bhreis-Luacha (VAT), agus Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (PRSI) a ardú, chuir Rialtas na hÉireann béim ar bheartais a neartaigh fás eacnamaíoch agus a gcumas iomaíochta.    

An Fhírinne? Bhí ardaithe ar cháin (€2.5bn san iomlán), chomh maith le ciorruithe ar chaiteachas, sa chéad dá cháinaisnéis a chuir rialtas Enda Kenny i bhfeidhm tar éis olltoghchán 2011, mar a chuir an t-eacnamaí Séamus Coffey i gcuimhne dá lucht leanúna ar Twitter.

Agus an ráta VATA nár ardaigh an rialtas, dar leis an Taoiseach? Faraor, d’ardaigh a rialtas an bunráta VAT ó 21 faoin gcéad go 23 faoin gcéad i 2012.

B’fhiú do chomhairleoirí Enda Kenny é a chur ar an eolas sara molfaidh sé seift Éireannach eile do mhuintir na Gréige.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'SF (Sinne Feargach) cosúil le páirtithe eile'

  • sean o rathaille

    Taimid brean bailithe de ghragail an leath-amadain seo Enda Kenny. Ni feidir leis an scriopt a chuirtear os a chomhair a chur de i gceart fiu. Ba cheart do filleadh ar an rang agus paisti a bhfuil riachtanais speisialta acu a mhuineadh , b’fheidir go bhfoghlaimeodh se fein rud uathu. Ach cuimnimis gurb iad muintir na hEireann a roghnaigh chun ceannasaiocht a ghlacadh, a chonach sin orthu. Ta se ina phoodl beag acu san Euroip agus ‘meas’ da reir acu air.