Sexton réidh le tosú agus foireann na hÉireann ainmnithe

Imreoidh Johnny Sexton a chéad chluiche d’Éirinn i mbliana an deireadh seachtaine seo

Sexton réidh le tosú agus foireann na hÉireann ainmnithe

INPHO/Billy Stickland

Tá Johnny Sexton ainmnithe ar fhoireann rugbaí na hÉireann a thabharfaidh aghaidh ar an bhFrainc i gCraobh na Sé Náisiún Dé Sathairn.

Níor imir an leathchúlaí amuigh i gceachtar den chéad dá bhabhta agus gortú colpa ag cur as dó, ach is cosúil go bhfuil sé réidh chun tosú in áit Paddy Jackson.

D’imir Jackson go maith sa dá chluiche roimhe seo, go háirithe in aghaidh na hIodáile, agus tá 30 pointe scóráilte aige ó thús an chomórtais, úd in aghaidh na hAlban san áireamh.

Mar sin féin, is mór an buntáiste é do chóitseálaí na hÉireann Joe Schmidt go bhfuil Sexton ar fáil dó arís.

Ba cheart go mbeadh captaen na foirne, Rory Best, aclaí a dhóthain le tosú chomh maith. Chaill an húcálaí amach ar bhua na foirne san Iodáil de bharr tinnis, ach tá sé tagtha chuige féin ó shin. Fágann an biseach atá tagtha ar an gcaptaen go mbeidh Niall Scannell ar ais ar an mbinse agus nach bhfuil áit sa scuad do James Tracy.

Tiocfaidh Jack McGrath isteach taobh le Best sa líne thosaigh. Ba é Cian Healy a thosaigh in áit McGrath in aghaidh na hIodáile, ach i measc na n-ionadaithe a bheidh Healy an uair seo.

Bhí amhras ann an mbeadh Rob Kearney ar fáil don chluiche in aghaidh na bhFrancach nuair a ghortaigh sé a lámh coicís ó shin, ach is léir nach raibh an gortú céanna chomh dona sin agus tosóidh an lánchúlaí Dé Sathairn.

Cé gur aimsigh sé trí cinn d’úid in imeacht 30 nóiméad sa Róimh, níl fiú áit i measc na n-ionadaithe faighte ag Craig Gilroy.

Orthu siúd nach mbeidh fáil orthu don chluiche seo tá Josh van der Flier. Baineadh gortú gualainne don chúltosaí cliatháin i gcluiche Chúige Laighean in aghaidh Dhún Éideann Dé hAoine seo caite agus tá a áit ar an mbinse tugtha do Peter O’Mahony.

Foireann na hÉireann:

R Kearney

K Earls

G Ringrose

R Henshaw

S Zebo

J Sexton

C Murray

J McGrath

R Best (captaen)

T Furlong

D Ryan

D Toner

CJ Stander

S O’Brien

J Heaslip

Ionadaithe:

N Scannell

C Healy

J Ryan

I Henderson

P O’Mahony

K Marmion

P Jackson

A Trimble

Fág freagra ar 'Sexton réidh le tosú agus foireann na hÉireann ainmnithe'