Seosamh Mac Donncha 1953-2016: ‘Laoch agus cara caillte agus folús mór i saol na Gaeilge agus na gcluichí Gaelacha’

Tá ómós á léiriú i rith an ama do Sheosamh Mac Donncha, fear ildánach a raibh ardmheas air i saol na Gaeilge, i saol an oideachais agus i gCumann Lúthchleas Gael

GAA Annual Congress 15/4/2000 Joe McDonagh ©INPHO/Tom Honan
©INPHO/Tom Honan

Fágann bás Sheosaimh Mhic Dhonncha, a d’imigh ar shlí na fírinne Dé hAoine,  go bhfuil “laoch agus cara caillte againn” agus go bhfuil “folús mór i saol na Gaeilge agus na gcluichí Gaelacha trí chéile”, a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.

Tá Mac an Fhailigh ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu le lá anuas do Mhac Donnacha, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge agus fear ildánach a raibh ardmheas air i saol na Gaeilge, i saol an oideachais agus i gCumann Lúthchleas Gael, eagraíocht a raibh sé ina Uachtarán uirthi ó 1997-2000.

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Aogán Ó Fearghail gur “cailliúint mhór” é Mac Donncha agus gur fhág sé “lorg buan” ar an eagraíocht anseo agus thar lear. Dúirt Ó Fearghail go mba léir i gcónaí an ‘paisean’ a bhí ag Mac Donncha do na cluichí Gaelacha agus don Ghaeilge araon. Ba chomhluadar den scoth é a raibh ardmheas ag cách air, a dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael.

Ba ar pháirc na himeartha is túisce a thuill Mac Donnchá cáil. Roghnaíodh é ar fhoireann Réalta na hÉireann i 1976 agus bhí sé ar fhoireann iománaíochta na Gaillimhe a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann i 1980.

Nuair a bhuaigh an Ghaillimh cluiche ceannais na hÉireann an bhliain sin, chuir Mac Donncha, clabhsúr ar óráid chaptaen na foirne Joe Connolly le leagan spreagúil den amhrán ‘The West’s Awake’ agus tá an ceiliúradh sin áirithe i measc na n-ócáidí is taibhsiúla riamh i bPáirc an Chrócaigh.

Screen Shot 2016-05-22 at 15.29.30

Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó 2002 go dtí 2006. Bhí sé ina chomhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge ó 2011 go 2015 agus ceapadh ina Chathaoirleach ar an mbord céanna é in 2015.

Rugadh Seosamh Mac Donncha i 1953 i dTuaim, Co. na Gaillimhe ach chaith sé formhór a óige i mBaile an Doirín i ndeisceart na Gaillimhe, áit a raibh a athair ina phríomhoide sa scoil náisiúnta.

Chuaigh sé ar scoil ina dhiaidh sin i gColáiste Éinde, Gaillimh agus bhain sé amach céim B.A. sa Léann Ceilteach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sula cháiligh sé mar mhúinteoir. Thug sé 16 bliain ina mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Éinde sular ceapadh ina Thimire) Gaeilge é le Coistí Gairmoideachais Chathair agus Chontae na Gaillimhe in 1994.

Ceapadh é ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i 2006 agus ina Phríomhfheidhmeannach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Sligeach agus Liatrom i 2013. D’éirigh sé as an gcúram sin i mí Lúnasa 2015.

Seosamh Mac Donncha
Seosamh Mac Donncha

Thug sé ceithre bliana ag tús na mílaoise ina Chathaoirleach ar Bhord TG4 agus thug sé trí bliana ina Chathaoirleach ar an gcéad Choiste Náisiúnta Frith-Chiníochais.

Ina theannta sin, bhí sé ina Stiúrthóir ar Bhord Rialúcháin Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe/Mhaigh Eo, ar Chomhar na nOileán Teo. agus ar Bhord Rialúcháin Airéine Spóirt Ollscoil Luimnigh.

Bhí sé ina chathaoirleach go dtí le déanaí ar Choiste Idirnáisiúnta CLG agus rinne sé go leor taistil ag cur na gcluichí Gaelacha chun cinn ar fud an domhain.

Bhí suim mhór aige i gcaitheamh a shaoil i gcúrsaí ceoil, san amhránaíocht sean-nóis agus i gcúrsaí drámaíochta.

Maireann a bhean chéile, Peig, a mbeirt iníonacha Muireann agus Éilis agus a mac Eoin.

 

Fág freagra ar 'Seosamh Mac Donncha 1953-2016: ‘Laoch agus cara caillte agus folús mór i saol na Gaeilge agus na gcluichí Gaelacha’'

  • L Ó Laoire

    Méala mór. Grásta ó Dhia air.

  • Máire Ní Ghríofa

    Beannacht Dé leis agus comhbhrón lena bhean Peig is an chuid eile acu ar fad
    ar dheis Dé go raibh sé Brón ar an bhas sé dubh mo chroí dfhág muid clóite