Seonaidh Ailig Mac a’ Phearsain, ceannródaí na craoltóireachta Gàidhlig, ar shlí na fírinne

Chaith Mac a’ Phearsain leathchéad bliain ag obair mar chraoltóir Gàidhlig agus bhí lámh aige i gcruthú BBC Alba sular tháinig an stáisiún Gàidhlig ar an aer in 2008

Seonaidh Ailig Mac a’ Phearsain, ceannródaí na craoltóireachta Gàidhlig, ar shlí na fírinne

Tá duine de cheannródaithe na craoltóireachta Gàidhlig, Seonaidh Ailig Mac a’ Phearsain, ar shlí na fírinne agus é 79 bliain d’aois. Bhásaigh Mac a’ Phearsain (John Alick MacPherson), i gCeap Breatainn i gCeanada le deireanas.

Chaith Mac a’ Phearsain leathchéad bliain ag obair mar chraoltóir Gàidhlig agus bhí lámh aige i gcruthú BBC Alba sular tháinig an stáisiún Gàidhlig ar an aer in 2008.

Scríobh sé tuarascáil in 2000, Ag Ath-Bheothachadh Gàidhlig: Neamhnuid Nàiseanta, ar a dtugtar ‘Tuarascáil Mhic a’ Phearsain’ go minic, inar leagadh an bhunchloch don chosaint dlí a tugadh don Ghàidhlig in Albain is cionn deich mbliana ó shin.

Rugadh Seonaidh in Hearadh, oileán Gaeltachta in iarthar na hAlban, an bhliain sular thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Ba ann a chaith sé an chéad chúig bhliana dá shaol sular bhog an teaghlach go baile dúchais a athar in Uibhist a Tuath. Ba as Sgalpaigh a mháthair.

D’fhág sé an t-oileán nuair a thosaigh sé ar an meánscoil i bPort Rìgh in Eilean Sgitheanach agus chuaigh sé ar aghaidh go hOllscoil Dhún Éideann, áit ar bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach. Chaith sé tamall ina mhúinteoir scoile in Uibhist a Tuath sular thosaigh sé ag obair i rannóg Ghàidhlig an BBC i 1964.

B’fhile cumasach é freisin agus bronnadh an teideal ‘Bàrd’ air ag Mòd na bliana 1961 as a dhán ‘An t-Slàbhraidh.

D’imigh sé go Ceanada i 1972 agus fuair post mar oifigeach eolais le Atomic Energy Canada. Lonnaithe sa dúiche Ghaelach Ceap Breatainn a bhí sé ar feadh breis agus 20 bliain agus é ag obair mar innealtóir núicléach. Chaith sé tréimhsí i Mississauga, Ottawa, Toronto agus Ontario freisin.

D’fhill sé ar Albain i 1997 agus chrom ar an obair mar leas-stiúrthóir ar Chomataidh Craolaidh Gàidhlig, a bhí i mbun oibre le stáisiún teilifíse Gàidhlig a bhunú.

Bhunaigh sé comórtas díospóireachtaí do mheánscoileanna freisin le deis a thabhairt do chainteoirí óga Gàidhlig feabhas a chur ar a scileanna cainte.

Bhí sé ina chomhalta boird ar Caledonian MacBrayne, Acair, Féile na Meán Ceilteach, Comhairle nan Leabhraichean agus Assynt Film. Bhí sé ar bhord UKAEA freisin.

D’fhill sé ar Cheap Breatainn in 2011, áit a raibh sé ina chomhalta boird sa Choláiste Gàidhlig in Ollscoil Anna Naofa. Bhí sé ina bhall den Chór Gaelach sa cheantar, mhúin sé ranganna Gàidhlig do mhuintir na háite agus bhí sé ina uachtarán ar an Atlantic Gaelic Academy, a chuireann cúrsaí ar-líne ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain.

Tá scéal a shaoil scríofa aige sa leabhar Steall A lomadh Lòn.