‘Seoid de leabharlann’ Gáidhlig le cur ar fáil don phobal don chéad uair in Í

Tá na céadta cáipéis anois le seoladh ón Mainistir san oileán go dtí an míntír, áit a ndéanfar an obair chaomhnaithe thar thréimhse dhá bhliain

‘Seoid de leabharlann’ Gáidhlig le cur ar fáil don phobal don chéad uair in Í

Tá maoiniú curtha ar fáil le “seoid de leabharlann”, a bhfuil bailiúchán luachmhar scríbhinní Gáidhlig inti, a oscailt don phobal i Mainistir Í in Albain. Tá an leabharlann i bhfolach sa chlabhstra os cionn na Mainistreach.

Tá cáipéisí Gáidhlig agus agus saothair ealaíne Ceiltí i measc ábhar na leabharlainne agus tá  £100,000 bronnta ag Ciste Oidhreachta an Chrannchuir in Albain ar an Mainistir leis an mbailiúchán a chaomhnú.

Tá na céadta cáipéis anois le seoladh ón Mainistir san oileán go dtí an míntír, áit a ndéanfar an obair chaomhnaithe thar thréimhse dhá bhliain.

Nuair a bheidh an obair sin curtha i gcrích táthar ag súil go mbeidh ábhar na leabharlainne ar taispeáint do chuairteoirí sa Mainistreach in Í, an áit ar chuir an naomh Éireannach Colm Cille faoi tamall agus as ar scaip sé an Chríostaíocht ar fud na hAlban. Cuirfear catalóg na leabharlainne ar fáil ar líne freisin.

“Tá lúcháir orainn go mbeidh teacht ag an bpobal ar an seoid seo de leabharlann agus ar ár n-oidhreacht luachmhar a bhuí leis an tacaíocht ón gCiste Oidhreachta. Bíonn na céadta cuairteoir ag triall ar Ardeaglais Í, ach tá an leabharlann i bhfolach sa chlabhstra. Beidh i bhfad níos mó daoine in ann taitneamh a bhaint aisti a bhuí leis an deontas seo,” a dúirt cathaoirleach Iontaobhas Í, an Dochtúir Finlay Macdonald.

Rinneadh athchóiriú ar an leabharlann sna 1930idí agus arís sna 1960idí nuair a bhí an Mhainistreach agus na foirgnimh a bhaineann léi á n-atógáil.

Tá ábhar inti a scríobhadh le linn na 1600idí – tréimhse chorraitheach i stair na hAlban agus tá “luach náisiúnta” ag na scríbhinní dar le hEaglais na hAlban.

Bhí drochbhail ag teacht ar ábhar na leabharlainne in imeacht na mblianta agus, in ainneoin a thábhachtaí is atá an t-ábhar sin, ní dhearnadh aon bheart go dtí seo lena chosaint.

Bíonn os cionn 130,000 duine ag triall ar an oileán gach uile bhliain agus tugann cuid mhaith acu sin cuairt ar an mainistir, a tógadh le linn na séú haoise nuair a tháinig Colm Cille ó Éirinn agus 12 manach in éineacht leis.

Creidtear gur sa mhainistreach in Í a scríobhadh cuid de na lámhscríbhinní is cáiliúla ó tréimhse sin, Leabhar Cheanannais agus Anála na hÉireann ina measc. Ba mhinic an mhainistir a bheith faoi ionsaí ag na Lochlannaigh sna céadta deireanach den chéad mhílaois.